Tá roinnt cosúlachtaí idir cogadh Mheiriceá agus Iosrael i gcoinne na hIaráine agus cogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine a chabhraíonn linn a thuiscint cén fáth go ndéanann mórchumhachtaí arís agus arís botúin thubaisteacha agus mharfacha agus nach bhfoghlaimíonn siad ó cheachtanna na staire.
Ceann de na cúiseanna go ndearna Vladamir Putin a bhotún stairiúil san Úcráin ná gur éirigh go maith leis na beartais níos lú den chineál céanna a ghlac sé roimh an iarracht n Úcráin ina hiomláine a chur faoina chois. D’éirigh thar barr le cleas na bhfear beag glas chun seilbh tapaidh a ghabháil ar an gCrimé in 2014. Níor maraíodh ach beirt – saighdiúir Úcránach amháin agus saighdiúir Rúiseach amháin sa ghabháil agus ní raibh ach aisfhreagra patuar ón iarthar – roinnt smachtbhannaí – ach mar sin féin lean an Eoraip uirthi ag ceannach ola agus gás na Rúise. Ansin arís d’éirigh le seift Putin airm de ‘scarúnaithe’ a bhunú in oirthear na hÚcráine agus ‘Daonphoblachtaí’ neamhspleácha mar dhea a fhógairt in dhá réigiún in oirthear na hÚcráine idir 2014 agus 2022. Níl aon amhras ach gur chothaigh na buanna seo rómhuinín i bPutin ina bhreithiúnas míleata agus straitéiseach féin. Is léir gur chreid Putin go mbeadh an ‘oibríocht mhíleata speisialta’ chomh héasca leis na beartais eile agus go raibh sé ag súil le bua tapaidh agus le haisfhreagra patuar arís ón iarthar. Mar is eol dúinn anois bhí dul amú mór air.
Ar nós beartais Putin sa Chrimé agus sa Donbas d’éirigh thar barr leis an oibríocht mhíleata dhána inar éirigh le Trump Uachtarán na Veiniséala a fhuadach agus an tír sin a chur faoina chois gan oiread is saighdiúir Meiriceánach amháin a chailliúint, agus arís chothaigh sé seo rómhuinín i Trump. Bhí sé ag súil le bua tapaidh san Iaráin – go dtitfeadh an réimeas nó go ngéillfeadh ceannairí nua dó go tapaidh tar éis dó na ceannairí reatha a mharú. Ach mar is eol dúinn anois ar nós Putin mheas sé a namhaid go mór faoina chumas.
Nuair a thosaíonn ceannaire mórchumhachta cogadh ag súil le bua tapaidh agus nach dtarlaíonn sé sin, ní bhíonn sé de chiall acu riamh tarraingt siar ón mbotún go luath agus glacadh leis an náiriú poiblí a bhaineann leis sin.
Ina áit sin cuireann siad cosa i dtaca agus cothaíonn siad tragóid agus tubaiste níos mó don tír atá faoi ionsaí acu agus dá dtír féin. Sin a rinne Putin san Úcráin agus sin atá á dhéanamh go dtí seo ag Trump san Iaráin.
Gné eile de chogadh Putin i gcoinne na hÚcráine atá thar a bheith ábhartha do Trump is ea mar a chaill an Rúis tionchar agus cumhacht i réigiún eile mar go raibh sí chomh gafa sin ag iarraidh an Úcráin a chur faoina smacht. Theip ar Putin teacht i gcabhair ar comhghuaillithe a bhí faoi ionsaí san Airméin, sa tSiria, i Veiniséala cé go bhfuil iarracht déanta aige cúnamh éigin a thabhairt do réimeas Chúba. Tá baol mór go bhfuil Trump ag déanamh dochar mór do chumhacht dhomhanda Mheiriceá lena chogadh sa Mheánoirthear.
Tá acmhainní míleata ba chóir a bheith á n-úsáid (más é leas Mheiriceá an chloch is mó ar a phaidrín) chun cothromú a dhéanamh ar chumhacht na Síne in Iarthar na hÁise á n-ídiú i gcogadh nach bhfuil aon leas riachtanach náisiúnta do Mheiriceá ag baint leis.
Tá an córas comhghuaillíochta a bhunaigh Meiriceá ar fud an Mheánoirthir curtha i mbaol aige. Mar mhalairt ar bunáiteanna míleata a cheadú ina gcríocha thug Meiriceá barántas slándála do thíortha Arabacha na murascaille. Tá an margadh sin briste anois ag Trump agus an baol ann go dtiocfaidh na tíortha sin ar an tuairim gur baol slándála seachas barántas slándála an caidreamh le Meiriceá. Tá an chuma ar an scéal, dóibhsean, freisin go dtabharfaidh Meiriceá tús áite do mhianta Iosrael fiú más iad comhghuaillithe Arabacha Mheiriceá sa réigiún a bheidh thíos leis.
Ach b’fhéidir thar aon rud eile gurbh í an chosúlacht is mó idir an dá chás ná an baol a bhaineann leis an iomarca cumhachta a bheith ag fear amháin, agus is fear a bhíonn i gceist de ghnáth. Níl aon srian ar chumas Vladamir Putin cinneadh a dhéanamh cogadh ollmhór tubaisteach marfach a thosú. Agus dealraíonn sé anois nach bhfuil aon srian ach oiread ar chumhacht Donald Trump amhlaidh a dhéanamh. Chuir an file Míchéal Ó Ruairc, Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu san áireamh freisin nuair a dúirt sé le déanaí ar Phainéal an Luain ar Tús Áite: ‘Netanyahu, Trump agus Putin. Triúr fear atá ann. Tá sé dochreidte an méid cumhachta atá ag an triúr acu agus an dochar atá déanta acu don domhan le trí nó ceithre bliana anuas agus le fada an lá in dáiríre. Seanfhir. Ba chóir dóibh a bheith ag dul amach ag paidreoireacht gach lá.’
Níl le cur agam leis sin ach, Amen.
Fág freagra ar 'Léiríonn cogaí Trump agus Putin an baol a bhaineann leis an iomarca cumhachta a bheith ag fear amháin'