Léigh mé go leor ‘bolscaireacht heitrighnéasach’, ach ní dhearna sin fear díreach díom’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: cacamas atá i ndlí nua san Ungáir a chuireann cosc ar ‘ábhar a spreagfadh homaighnéasachas’, dar lenár gcolúnaí

Léigh mé go leor ‘bolscaireacht heitrighnéasach’, ach ní dhearna sin fear díreach díom’

Níor léigh mé leabhar riamh, nuair a bhí mé i mo pháiste, ina raibh carachtar LADT+ lárnach. Nó fiú amháin páirteach.

Ní dóigh liom go raibh a leithéid ar fáil sna 1980idí, fiú amháin san Ísiltír, mar ar fhás mise aníos (ach rinneadh tagairt don homaighnéasachas sa ghnéasoideachas i mbliain dheireanach na bunscoile agus bhí lánúin leispiach i sraith theilifíse amháin.)

Blianta ina dhiaidh sin, nuair a bhí mé i ndeireadh na bhfichidí, cuireadh leabhar do dhéagóirí chugam faoi bheirt stócach a raibh caidreamh grá, agus go deimhin gnéis, eatarthu. Gnáthleaids a bhí iontu. D’imir siad sacar agus chuile shórt.

Chaoin mé uisce mo chinn.

Dá mbeadh leabhar mar sin ar fáil nuair a bhí mé féin 15 bliain d’aois (agus ag luí, faoi choim, le fear a bhí sa rang céanna liom agus a bhí bliain níos sine) seans nach mothóinn chomh huaigneach, chomh hait agus chomh scoite amach sin ón gcuid eile den saol.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an bpobal LADT+, ó thaobh cearta agus ó thaobh feiceálachta de, i gcuid mhór den domhan ó shin. Ach tá áiteanna ann, faraor, ina dtugtar céimeanna ar gcúl seachas chun tosaigh.

Ní bheidh leabhair ina bhfuil carachtair LADT+ lárnach (nó fiú amháin páirteach) ar fáil d’aos óg na hUngáire feasta. Ní bheidh cead tagairt sa ghnéasoideachas ar scoil ach don ghnéas heitrighnéasach. Cosc iomlán curtha ag Viktor Orbán agus a rialtas coimeádach ar rud ar bith a ‘spreagfadh’ homaighnéasachas nó athrú inscne i measc daoine faoi bhun 18 bliain d’aois.

Cacamas atá sa dlí sin ar ndóigh.

Ní féidir homaighnéasachas, ná go deimhin aon chlaonadh gnéis eile, a ‘spreagadh’.

Níor léigh mise oiread agus leabhar ina raibh carachtar LADT+ nuair a bhí mé i mo pháiste agus fós féin níor chuir mé dúil riamh ach amháin sna fir. Ní hamháin sin ach léigh mé slám leabhar a bhféadfaí ‘bolscaireacht heitrighnéasach’ a thabhairt orthu faoin loighic céanna a mbaineann leithéidí Orbán úsáid aisti d’fhonn cosc a chur ar ábhair LADT+ agus ní dhearna sin fear díreach díom.

Ach mar a fuair mé féin amach nuair a bhí mé i m’fhear fásta, is féidir le leabhair ina bhfuil carachtar LADT+ lárnach nó go deimhin le feiceálacht daoine LADT+ go ginearálta, ugach agus misneach a thabhairt do dhaoine óga a bheadh ina ngátar.

Agus daoine liobrálacha fud fad an Aontais Eorpaigh ag titim thar a chéile ar na meáin shóisialta d’fhonn an alltacht a chuir dlí na hUngáire orthu a léiriú, rith ceist phianmhar liom féin.

Tháinig mise ar an saol i dteaghlach thar a bheith liobrálach i gceann de na tíortha is liobrálaí ar chlár na cruinne. Glacaim leis nach raibh leabhair do pháistí ina raibh carachtair LADT+ lárnach nó páirteach ar fáil an t-am sin, na 1980idí, dáiríre. Ach dá mbeadh, an mbeadh mo mhuintir tar éis iad a cheannacht dom?

Ní dóigh liom é.

Agus tusa atá á léamh seo agus atá beo in am nuair atá a leithéid ar fáil, an dtabharfá leabhar ina bpógfadh stócach stócach eile do do mhac? An dtabharfá leabhar ina luífeadh bean óg le bean óg do d’iníon? An dtabharfá leabhar ina mbeadh an príomhcharachtar ag brionglóidí faoi athrú inscne do dhuine ar bith i do chlann?

Freagraí sa bhosca tráchta faoi bhun an ailt, le bhur dtoil.

Fág freagra ar 'Léigh mé go leor ‘bolscaireacht heitrighnéasach’, ach ní dhearna sin fear díreach díom’'

  • Declan Brady

    Ní thabharfainn aon cheann de na leabhair seo do pháiste. Mar sin féin má mhothaigh mé go raibh an leanbh aerach nó leispiach, b’fhéidir go dtabharfainn an leabhar dó nó di. Is droichead rófhada dom leabhar a thabhairt do pháiste ina bhfuil carachtar ag brionglóid faoi athrú gnéis.

  • Ciarán Ó Fearghaile

    Thabharfainn gan amhras. Dá mbeadh an páiste aerach nó amhrasach faoin a g(h)néas gach seans go gcabhródh sé leis/léi. Mura mbeadh, cén dochar a dhéanfadh sé?