Leibhéal eile le baint amach ag Baile Locha Riacha má tá na Gaillimhigh chun Baile Gunnair a shárú

Is i bPáirc an Chrócaigh amárach a bheidh an cluiche ceannais na hÉireann i gcraobh shinsir iomána na gclubanna agus Baile Gunnair ó Phort Láirge ag iarraidh an ceann is fearr a fháil ar Bhaile Locha Riach

Leibhéal eile le baint amach ag Baile Locha Riacha má tá na Gaillimhigh chun Baile Gunnair a shárú

Tá buaicphointe chomórtas iomána na gclubanna sroichte againn agus cluiche ceannais na sinsear le himirt i bPáirc an Chrócaigh amárach (1.30pm).

Tá Baile Gunnair ar ais den chéad uair le ceithre bliana tar éis dóibh taispeántas thar a bheith láidir a thabhairt ina mbua naoi bpointe ar Naomh Máirtín Loch Garman roimh an Nollaig. Bhí rith an ráis acu in aghaidh churaidh Chúige Laighean sa dara leath.

Bhí ról lárnach ag an déagóir Mark Hartley sa bhua sin. D’aimsigh Baile Gunnair ocht bpointe as a chéile le linn tréimhse amháin sa dara leath agus bhí Hartley, a tháinig isteach mar ionadaí, lárnach i gcúig cinn acu. Scóráil sé ceann, thug sé an pas deireanach do phéire eile, agus bhuaigh sé dhá phoc saor a cuireadh thar an trasnán.

Bhí Dessie Hutchinson, laoch na himeartha, freagrach as 0-7 (sé cinn acu ag teacht ón imirt) agus chuir Pauric Mahony, a bhí gan scór sa chéad leath, seacht bpointe eile thar an trasnán, a bhformhór ag teacht ó bhuillí saora.

Cluiche an-chrua, cosantach a bhí ann ón tús ach thaispeáin leaideanna na nDéise a ndintiúir sa dara leath. An rud a fheicimse anois ná go bhfuil seaimpíní na nDéise ag teacht isteach sa chluiche seo lán taithí agus muiníne.

An bhfuil seans ag Baile Locha Riach mar sin? Bhuel is dócha go mbíonn seans i gcónaí ann agus dhá fhoireann ag imirt i gcluiche ceannais agus níl aon dabht ach go bhfuil mianach, spiorad agus cumas san fhoireann seo.

Bhí an cluiche leathcheannais i gcoinne Shleacht Néill an-chosúil leis an gcluiche eile. Thug imreoirí na Gaillimhe taispeántas iontach uathu sa dara leath chun bua 13 pointe a chinntiú agus a n-áit a bhaint amach sa chluiche ceannais den chéad uair ó 2007.

Briseadh croí a bhí ann do sheaimpíní na Gaillimhe sna babhtaí leathcheannais anuraidh. Thugadar taispeántas maith uathu ach fuair na Fianna an ceann is fearr orthu agus chuaigh fir na príomhchathrach ar aghaidh chun craobh na hÉireann a bhaint. An uair seo, thug Baile Locha Riach taispeántas láidir eile uathu sa dara leath i bPáirc Pharnell chun a chinntiú nach mbeadh an toradh céanna ann arís.

Ba é cúl Vince Morgan sa 37ú nóiméad an scór cinniúnach mar chuir sé bearna shuntasach idir na foirne. Ina dhiaidh sin, ghéaraigh muintir an iarthair go mór ar luas na himeartha, iad ag scóráil naoi bpointe as a chéile sa cheathrú dheireanach chun Sleacht Néill, a bhí ag iarraidh a gcéad chluiche ceannais riamh a bhaint amach, a chur de dhroim seoil.

Droch-chríoch a bhí leis an gcluiche do Bhaile Locha Riacha, áfach, nuair a taispeánadh cárta dearg don imreoir óg lár páirce, Cullen Killeen, sa 62ú nóiméad. Rialaigh an réiteoir Johnny Murphy gur thug Killeen buile contúirteach uaidh agus ní raibh aon leisce air an cárta dearg a thaispeáint.

Tréimhse fionraíochta aon chluiche amháin a tugadh dó mar gheall ar an gcárta dearg díreach ach bhí bhí dea-scéal ann don imreoir óg oíche Dé hAoine agus éirithe leis an achomharc a rinne Baile Locha Riacha. Ciallaíonn sé sin go mbeidh sé ar fáil amárach.

Ag deireadh an lae, is ar an bpáirc imeartha a bhuafar nó a chaillfear an cluiche. Níl dabht ar bith ach gur cheart do Bhaile Gunnair níos mó ná craobh na hÉireann amháin a bheith buaite acu le linn na tréimhse órga seo don chumann, tréimhse deich mbliana ina raibh forlámhas acu ar an iománaíocht i bPort Láirge agus ar iománaíocht chlub na Mumhan.

Bunaithe ar a bhfuil feicthe againn go dtí seo, agus tá níos mó feicthe againn de Bhaile Gunnair mar gur imir siad i gcraobh an chúige, deis nach raibh ag Baile Locha Riach, cheapfainn féin go bhfuil an buntáiste ag curaidh Chúige Mumhan.

É sin ráite, ní chuirfeadh sé iontas ar bith orm dá n-éireodh le Baile Locha Riach an bua a fháil. Tá caighdeán na hiománaíochta i nGaillimh ard i gcónaí, agus is éacht ann féin é craobh an chontae a bhuachan, gan bheith ag caint ar é a bhuachan dhá bhliain as a chéile. Dá gcuirfeá brú orm rogha a dhéanamh, déarfainn go mbuafaidh Baile Gunnair, ach d’fhéadfadh go mbainfeadh Baile Locha Riach leibhéal eile amach go fóill.

Fág freagra ar 'Leibhéal eile le baint amach ag Baile Locha Riacha má tá na Gaillimhigh chun Baile Gunnair a shárú'