Leathshúil ar na comharsana agus an Buiséad á mheá

Bhí deacracht ag lucht an fhreasúra argóint chuimsitheach shoiléir a aimsiú chun cáineadh a dhéanamh ar an mBuiséad

Leathshúil ar na comharsana agus an Buiséad á mheá

Seachtain ollmhór d’aon rialtas Seachtain an Bhuiséid, ach bhí tábhacht faoi leith leis na pleananna a d’fhógair na hairí Paschal Donohue agus Michael McGrath an tseachtain seo.

Ní féidir a shéanadh go bhfuil an rialtas agus muintir na tíre seo faoi bhrú aisteach na laethanta seo. Tháinig muid tríd an bpaindéim – dhá bhliain thar a bheith deacair inar cailleadh na mílte anseo in Éirinn agus a d’fhág lorg mór ar an gcóras sláinte atá againn.

Ar an bpointe boise, ba chosúil, bhí orainn tabhairt faoi ghéarcéimeanna eile: ardú suntasach ar an gcostas maireachtála, deacrachtaí leis an slabhra soláthair, an cogadh san Úcráin agus an tionchar ollmhór atá aige ar phraghas breosla, fuinnimh agus beatha ar fud an domhain. Thuigfeá don phobal atá i ndeireadh na feide.

Thuig an rialtas chomh maith an tsáinn ina bhfuil go leor daoine, a dúirt siad linn. Gheall siad chomh maith go mbeadh deis á tapú ag an rialtas le freastal ar riachtanais an phobail leis an mBuiséad seo.

Ach ar éirigh leo?

Thug mé faoi deara agus mé ag labhairt le polaiteoirí an rialtais go raibh siad, ar an iomlán, an-sásta leis an méid a fógraíodh. Thug siad suntas, go háirithe, do ghnéithe éagsúla de Bhuiséad a chabhróidh leis an bpobal, dar leo. Luaigh siad an t-athrú sa gcóras cánach, mar shampla, a chinnteoidh nach n-íocfaidh oibrí sa tír seo an ráta is airde cánach go mbeidh an t-ioncam €40,000 in aghaidh na bliana. Luaigh siad freisin an creidmheas cánach do thionóntaí.

“Faoi dheireadh, tá rug éigin tugtha againn do dhaoine a bhfuil teach ar cíos acu,” a dúirt Fine Gaelaí amháin liom. Bhí siad sásta freisin leis na trí íocaíocht a chuirfear ar fáil do gach teaghlach le linn an gheimhridh chun cabhrú leis an gcostas fuinnimh agus leis an scéim nua-bhunaithe a chuirfidh leabhair scoile ar fáil saor in aisce do dhaltaí bunscoile. Measadh go raibh tairbhe agus fiúntas ansin do chách.

B’fhacthas domsa go raibh deacracht ag lucht an fhreasúra argóint chuimsitheach shoiléir a aimsiú chun cáineadh a dhéanamh ar an mBuiséad. Dúirt cuid acu go dteastaíonn níos mó cabhrach ón bpobal – mheabhraigh an rialtas do lucht a cháinte go bhfuil €6 bhilliún curtha i leataobh acu, agus nach mbeidh aon drogall orthu an maoiniú sin a úsáid más gá i ndiaidh na Nollag. Dúradh chomh maith nach leor an t-ardú a cuireadh ar an gcúnamh dífhostaíochta – ach ar an lámh eile, athraíodh na coinníollacha do na híocaíochtaí sin le go mbeidh sciar níos mó den phobal ina dteideal. Údar bróid don Chomhaontas Glas gur éirigh leo méadú chomh mór sin a fháil (€12 in áit an t-ardú €5 a raibh taithí ag an bpobal air).

Cáineadh plean an rialtais i dtaobh cúrsaí fuinnimh, agus Sinn Féin go háirithe den tuairim go mba cheart “caidhp” a chur ar bhillí aibhléise, chun cinnteacht agus seasmhacht a thabhairt don phobal, tráth a bhfuil an-chuid acu buartha go mbeidh siad ar an trá fholamh roimh dheireadh na bliana. Níor chabhraigh sé le cás Shinn Féin, áfach, go bhfuil eacnamaíocht na comharsan béal dorais, an Bhreatain, ag titim as a chéile agus go bhfuil an “caidhp” ar chostas fuinnimh mar chuid lárnach de phlean geilleagair an Phríomh-Aire nua, Liz Truss.

Is fusa an dá phlean a nascadh, ach ní bheadh sé cothrom. Bhí deis agam urlabhraí airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, a cheistiú faoi sin agus dúradh liom nach ionann an dá chur chuige in aon chor. Bheadh cáin amhantair mar chuid lárnach de phlean Shinn Féin, a deir sé, rud a d’fhágfadh an t-airgead ag an Stát ansin don chaidhp ar chostas fad is atá an Bhreatain ag fáil an airgid ar iasacht (nuair atá sé an-chostasach a leithéid a dhéanamh). Tá an tóin tite as eacnamaíocht na Breataine faoi láthair, a bhuíochas don Bhuiséad a d’fhógair páirtí na gCaomhach an tseachtain seo caite a chuir eagla ar na margaí idirnáisiúnta. Tá an uasteorainn chéanna ar chostas tugtha isteach ag go leor tíortha Eorpacha eile, agus coinneoidh Sinn Féin á chur chun cinn in ainneoin na conspóide.

Rith sé liom agus mé ag caint le Doherty, áfach, go bhfuil feiniméan faoi leith againn i bpolaitíocht na hÉireann. Má éiríonn leis an rialtas in Éirinn dea-shampla a thaispeáint i gcomparáid leis an mBreatain, téann sé chun a leasa. Chonacthas sin le linn na paindéime: bheartaigh an Bhreatain deireadh a chur go luath leis an dianghlasáil ach chinn Éire fanacht ag baile ar feadh cúpla mí breise. Ghlac an pobal leis agus thacaigh siad leis an rialtas. Measadh gur athosclaíodh an Bhreatain róluath agus gurbh iomaí duine a cailleadh dá bharr.

Má tharlaíonn an rud céanna arís anois – go dtéann geilleagar na Breataine go tóin poill fhad is atá an eacnamaíocht s’againne, is cosúil, á stiúradh go ciallmhar ag an gcomhrialtas – seans go mbeidh an pobal buíoch as sin.

Fág freagra ar 'Leathshúil ar na comharsana agus an Buiséad á mheá'