Léas beag dóchais do Jeffrey Donaldson agus an DUP

Chuir an phobalbhreith is déanaí an DUP ar ais sa chéad áit i measc na bpáirtithe aontachtacha ach iad fós sa dara háit taobh thiar de Shinn Féin

Léas beag dóchais do Jeffrey Donaldson agus an DUP

Faoiseamh do Jeffrey Donaldson iad na comharthaí téarnaimh a léirigh na pobalbhreitheanna is deireanaí don DUP. Ó mhí Eanáir anuas is ag dul in olcas a bhí torthaí na suirbhéanna don pháirtí ach seans go bhfuil an taoide ag casadh. Thug an colún seo suntas don drochnuacht a bhí sna pobalbhreitheanna don DUP ó thús na bliana seo; le cothrom na Féinne a thabhairt dóibh is fiú an cor nua seo ina gcinniúint a mheas.

Seachtain ó shin léirigh pobalbhreith an fhómhair ó Lucid Talk don Belfast Telegraph go raibh tacaíocht an DUP méadaithe go 18%. Chuir sé sin an DUP ar ais sa chéad áit i measc na bpáirtithe aontachtacha ach iad fós sa dara háit taobh thiar de Shinn Féin a fuair 24%. Bhí beagán de dhifríocht sna figiúirí i dtorthaí na pobalbhreithe a rinne Ollscoil Learphoill ach bhí an t-ord mar an gcéanna. Bhí Sinn Féin chun tosaigh ar an DUP agus seans maith go mbeadh Michelle O’Neill i dteideal na Céad-Aireachta.

Údar imní é sin ag na páirtithe aontachtacha ar fad. Shaighid Jim Allister, TUV iad, é ag rá nár cheart d’aon aontachtach glacadh le Sinn Féin sa Chéad-Aireacht, beag beann ar thoradh toghcháin. Cé go bhfuil an Chéad agus LeasChéad-Aire comhionann agus veto acu ar a chéile is mór ag aontachtaithe siombalachas an teidil ‘An Chéad-Aire’. Dúirt Jeffrey Donaldson go gcothódh sé deacrachtaí d’aontachtaithe dá mbeadh Sinn Féin sa chéad áit i ndiaidh thoghchán an Tionóil agus dhiúltaigh Doug Beattie, ceannaire an UUP a rá an nglacfadh seisean leis nó nach ndéanfadh.

Rinne débhríocht Beattie dochar dó i súile aontachtaithe liobrálacha a ceapadh a bheith ag iompú ina threo ó Alliance. Léirigh an phobalbhreith titim ar a thacaíocht ón samhradh nuair ba chosúil go raibh borradh curtha aige faoin UUP. Dá réir, bhí méadú sa phobalbhreith is deireanaí ar sciar an Alliance a bhí chun tosaigh ar an UUP.

Má bhí alltacht ar roinnt faoin dearcadh féinchúiseach aontachtach ar an daonlathas níorbh amhlaidh do chách Dúirt duine as triúr de vótóírí aontachtacha le Lucid Talk go mb’fhéidir go n-athródh siad a rún vótála dá gcinnteodh sé nach mbeadh Sinn Féin sa Chéad-Aireacht. D’imeodh siad óna rogha páirtí chuig an bpáirtí aontachtach a mbeadh an seans is fearr aige Sinn Féin a stopadh; ní nach ionadh is cosúil gurb é an DUP an páirtí sin. Ba mhinic an port sin ag an DUP i bhfeachtais toghcháin roimhe seo agus is cinnte go gcloisfear arís é.

Ós é Lucid Talk a dhéanann rianú ar thacaíocht na bpáirtithe abhus ina chuid pobalbhreitheanna séasúracha is iad a thugann an léargas is soiléire. Ba é suirbhé an gheimhridh 2021a foilsíodh i dtús mhí Feabhra faoi ndear an suaitheadh ba mhó a chonacthas san DUP ariamh. Bhí an páirtí ag 19% ag an am, titim ollmhór agus 6 phointe taobh thiar de Shinn Féin. Bhí siad ag cailliúint vótaí in dhá threo ar chúiseanna contrártha, chuig an TUV mar gheall ar an teorainn i Muir Éireann – an Prótacal, agus chuig Alliance de bharr a neamhghéilliúlacht ar cheisteanna sóisialta agus a ról lag in Westminster i dtaca leis an mBreatimeacht. Dá dheasca thosaigh an DUP ar a fheachtas in éadan an Phrótacail a bhí molta ag Arlene Foster agus Jeffrey Donaldson roimhe sin.

Ba ghearr freisin gur ruaig siad Arlene Foster mar cheannaire. Nuair a fuair Edwin Poots an ceann is fearr ar Jeffrey Donaldson le theacht i gcomharbacht uirthi ba chosúil go réabfadh an páirtí é féin as a chéile; sa phobalbhreith i mí Bealtaine bhí 16% ag an DUP. Cuireadh Poots dá chois taobh istigh de mhí agus toghadh Donaldson ar an dara hiarraidh le súil is go sábhálfadh sé an páirtí.

I bpobalbhreith an tsamhraidh a foilsíodh mí Lúnasa bhí an DUP faoi cheannas Jeffrey Donaldson tite go 13%. Cháin an páirtí modh oibre Lucid Talk ach bhí a mhíshuaimhneas follasach. Is ina dhiaidh sin a thosaigh an chaint faoi bhealach chun Stormont a choinneáil ‘slán’ ó Chéad-Aire as Sinn Féin.

Ó shin freisin cuireadh ar an mhéar fhada plean Donaldson a airí a aistarraingt as an bhFeidhmeannas ag tús na Samhna mar thaca lena éileamh go gcaithfí an Prótacal i dtraipisí. Níl an bhagairt curtha ar ceal ach is minice anois a mhaíonn Jeffrey Donaldson gurb é feachtas an DUP is cúis leis na hiarrachtaí chun an Prótacal a leasú.

Fás maith ó leibhéal tubaisteach an tsamhraidh is ea an 18% a léiríodh sa bpobalbhreith nua, daoine meallta ar ais ón TUV san áireamh. Tá sé sin fós níos ísle ná an tacaíocht a bhí ag an bpáirtí i mí Eanáir (19%) a chuir deireadh le ceannaireacht Arlene Foster. Is briseadh ón meath é, áfach, agus tá súil ag an bpáirtí go bhfuil sé ar threocht dhearfach.

An cúrsa dearfach é a bheith i bhfostú i bpolaitíocht fhrith-Phrótacail cé gur mian le móramh an phobail go dtabharfaí tosaíocht do shláinte, oideachas, eacnamaíocht, fostaíocht agus athrú aeráide? Tabharfaidh an chéad suirbhé séasúrach eile i mí Feabhra leide agus beidh an fhíor-phobalbhreith, toghchán an Tionóil, buailte linn ansin.

Fág freagra ar 'Léas beag dóchais do Jeffrey Donaldson agus an DUP'