Léargas nua ar na contaetha is mó agus is lú ina mbíonn éileamh ar phacáistí do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge

De réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta faoi dháileadh a bpacáiste teanga, is chuig teaghlaigh i mBaile Átha Cliath a chuaigh 26% den bhreis is 4,500 pacáiste a dáileadh ó 2014

Léargas nua ar na contaetha is mó agus is lú ina mbíonn éileamh ar phacáistí do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge

6,537 pacáiste tacaíochta teaghlaigh atá curtha amach ag Roinn na Gaeltachta faoina gclár tacaíochta teaghlaigh a tugadh isteach in áit scéim labhairt na Gaeilge in 2012.

De réir na bhfigiúirí is déanaí atá curtha ar fáil ag Roinn na Gaeltachta faoi dháileadh an phacáiste teanga, figiúirí a bhaineann leis an tréimhse idir Eanáir 2014 agus Márta 2018, is chuig teaghlaigh i mBaile Átha Cliath a chuaigh 26% den 4,542 pacáiste teanga a dáileadh.

€153,000 ar fad atá caite ar an scéim ó 2012 – gan costais phoist san áireamh –ach bhain formhór an chaiteachais sin le blianta tosaigh an chláir. €15,885 an costas a bhain leis an 2,696 pacáiste a cuireadh le chéile idir 2016 agus Márta 2018, nó €5.90 in aghaidh an phacáiste. €91,321, nó €46.81 in aghaidh an phacáiste a chosain an 1,995 pacáiste a réitíodh in 2012-2013.

Tugadh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh isteach in áit Scéim Labhairt na Gaeilge i mí Aibreáin 2012 “chun tacú ar bhealach ilghnéitheach le treisiú na Gaeilge i dteaghlaigh Ghaeltachta”, ach léirigh figiúirí a fuair Tuairisc.ie cheana nár dáileadh ach 10% de na pacáistí teanga ar theaghlaigh Ghaeltachta idir 2012-2016.

Is i mBaile Átha Cliath, sna mórchontaetha Gaeltachta agus i gcontaetha Chill Mhantáin agus Chill Dara is mó a bhí éileamh go dtí seo ar na pacáistí tacaíochta teaghlaigh.


TÁBLA – Na contaetha is mó ina raibh éileamh ar phacáistí teanga idir Eanáir 2014- Márta 2018

Contae 2014 2015 2016 2017 2018 Iomlán
Baile Átha Cliath 170 360 325 287 51 1,193
Corcaigh 56 105 134 180 49 524
Gaillimh 115 102 91 73 12 393
Dún na nGall 29 34 103 71 76 313
Ciarraí 64 45 60 47 8 224
Cill Mhantáin 8 41 96 50 4 199
Cill Dara 31 46 31 72 15 195
An Mhí 43 42 54 43 4 186
Luimneach 11 32 36 36 53 168
Maigh Eo 21 67 26 33 13 160

I measc na gcontaetha is lú ina raibh éileamh ar phacáistí teanga bhí An Longfort, Fear Manach agus Uíbh Fhailí.


TÁBLA – Na contaetha is lú ina raibh éileamh ar phacáistí teanga

Contae 2014 2015 2016 2017 2018 Iomlán
Fear Manach 3 0 0 1 0 4
An Longfort 1 1 0 2 0 4
Liatroim 1 0 1 4 2 8
Uíbh Fhailí 0 8 6 2 4 20
Ros Comáin 2 8 2 7 3 22
An Dún 5 2 11 5 0 23
Muineachán 3 4 3 3 10 23
Cill Chainnigh 1 8 2 11 4 26
Sligeach 1 11 4 8 3 27
Ard Mhacha 8 10 5 7 0 30

Faoi Scéim Labhairt na Gaeilge d’íoctaí táille in aghaidh na bliana le teaghlaigh Ghaeltachta a chruthaíodh go raibh Gaeilge líofa ag na páistí iontu. Tugadh an Clár Tacaíochta Teaghlaigh isteach in áit na scéime in Aibreán 2012. Is faoin gClár sin a dháiltear ‘pacáistí teanga’ ar theaghlaigh óga atá ag tógáil clainne le Gaeilge, pacáistí ina mbíonn leabhair, dlúthdhioscaí, DVDanna agus eolas faoi conas is fearr tabhairt faoi leanbh a thógáil le Gaeilge. Is iad na teaghlaigh féin a dhéanann iarratas ar phacáiste teanga.


TÁBLA – Líon na bpacáistí a dáileadh i gceantair Ghaeltachta idir 2012-2016 

Gaeltacht na Gaillimhe 227
Gaeltacht Dhún na nGall 124
Gaeltacht Chiarraí 97
Gaeltacht Chorcaí 24
Gaeltacht Mhaigh Eo 15
Gaeltacht Phort Láirge 11
Gaeltacht na Mí 5

Breis agus 3,350 teaghlach Gaeltachta a chuireadh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge i mblianta deireanacha na scéime sin. B’ionann, mar sin, an 503 pacáiste teanga a dáileadh ar theaghlaigh Ghaeltachta idir 2012-2016 agus 15% de líon na dteaghlach Gaeltachta a chuireadh isteach ar Scéim Labhairt na Gaeilge.

Os cionn €600,000 a íocadh le teaghlaigh Ghaeltachta faoi Scéim Labhairt na Gaeilge in 2010-2011. Nuair a cuireadh deireadh leis an Scéim in 2012, dúradh go ndéanfaí an maoiniú sin a infheistiú sa Chlár Tacaíochta Teaghlaigh a tugadh isteach ina háit.

Chomh maith leis an €150,000 a caitheadh ar scéim na bpacáistí teanga ó 2012, cuirtear maoiniú ar fáil chomh maith faoin gClár Tacaíochta Teaghlaigh do leithéidí Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Crann Óg, Fíbín, Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Muintearas chun ranganna ceoil, damhsa agus drámaíochta agus imeachtaí spóirt a eagrú.


TÁBLA – Líon na bpacáistí a dáileadh sna contaetha ar fad idir Eanáir 2014 agus Márta 2018

Contae 2014 2015 2016 2017 2018 Iomlán
Aontroim 62 20 33 17 3 135
Ard Mhacha 8 10 5 7 0 30
Baile Átha Cliath 170 360 325 287 51 1,193
An Cabhán 1 14 7 9 2 33
Ceatharlach 9 9 4 14 2 38
Ciarraí 64 45 60 47 8 224
Cill Chainnigh 1 8 2 11 4 26
Cill Dara 31 46 31 72 15 195
Cill Mhantáin 8 41 96 50 4 199
An Clár 5 15 39 20 13 92
Corcaigh 56 105 134 180 49 524
Doire 18 11 13 7 1 50
An Dún 5 2 11 5 0 23
Dún na nGall 29 34 103 71 76 313
Fear Manach 3 0 0 1 0 4
Gaillimh 115 102 91 73 12 393
An Iarmhí 2 15 3 10 5 35
Laois 4 5 7 40 3 59
Liatroim 1 0 1 4 2 8
Loch Garman 11 16 16 9 0 52
An Longfort 1 1 0 2 0 4
20 10 14 19 4 67
Luimneach 11 32 36 36 53 168
Maigh Eo 21 67 26 33 13 160
An Mhí 43 42 54 43 4 186
Muineachán 3 4 3 3 10 23
Port Láirge 7 22 21 19 4 73
Ros Comáin 2 8 2 7 3 22
Sligeach 1 11 4 8 3 27
Tiobraid Árann 6 9 16 9 14 54
Tír Eoghain 10 8 9 13 0 40
Uíbh Fhailí 0 8 6 2 4 20
Thar lear 24 22 18 8 0 72
Iomlán 752 1,102 1,198 1,136 362 4,542

Fág freagra ar 'Léargas nua ar na contaetha is mó agus is lú ina mbíonn éileamh ar phacáistí do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge'