Léargas nua ar eachtraí cinniúnacha bhliain eachtrúil úd De Valera san Oileán Úr…

Craolfar an chéad chlár sa tsraith dhá chlár ‘De Valera i Meiriceá’ ar TG4 anocht, clár ina bhfuil insint ar rúin a bhí i bhfolach go dtí seo

Léargas nua ar eachtraí cinniúnacha bhliain eachtrúil úd De Valera san Oileán Úr…

Ar an tríú lá fichead Meitheamh 1919 shiúil Éamon De Valera isteach san óstán ba ghalánta i Meiriceá, an Waldorf-Astoria i Nua-Eabhrac, agus d’fhógair é féin ina chéad Uachtarán ar Éirinn.

Thuig sé go raibh sé ag dul sa bhfiontar ach go mb’fhéidir gurbh fhiú é.

Chun an fhírinne a rá, bhí De Valera ar a choimeád ag an am agus bhí an tír ar mhaígh sé uachtaránacht uirthi fós fá riail Impireacht na Breataine.

Rinne an chosmhuintir Éireannach thall réalta de ar an toirt. Bhí feachtas fada De Valera chun aitheantas a fháil ó Stáit Aontaithe Mheiriceá do Phoblacht na hÉireann seolta i gceart anois.

Ba í an straitéis a bhí acu ná go gcuirfeadh a leithéid d’aitheantas brú morálta ar an mBreatain géilleadh do thoil na ndaoine agus neamhspleáchas a ghéilleadh d’Éirinn.

Anuas air sin, agus gach pioc chomh tábhachtach leis, mura raibh sé níos tábhachtaí féin, ba í aidhm thánaisteach an fheachtais ná go meallfadh carasma agus cumas óráidíochta De Valera rabharta dollar isteach chuig státchiste suarach na Poblachta.

Pé gearán eile is féidir a dhéanamh faoi fheachtas Dev i Meiriceá i 1919 – 1920, ní féidir aon locht d’fháil ar a thús. De réir a chéile, áfach, d’éirigh idir Dev agus ceannairí Gael-Mheiriceánacha Ghluaiseacht na Poblachta thall, agus sin is údar do scannán nua le ForeFront Productions a chraolfar ar TG4 anocht ag 9.30.

Achrann nimhneach a bhris amach le linn an turais, áfach, a scoilt gluaiseacht Ghaeil Mheiriceá ina dhá leath, cúpla mí sular scoilt Dáil Éireann ar an taobh seo den Atlantach faoin Chonradh Angla-Éireannach.

Bhí ról lárnach ag De Valera sa dá scoilt sin. Tá iomrá go leor fós ar an scoilt faoin gConradh, ach tá an t-easaontas a scoilt gluaiseacht na hÉireann i Meiriceá ina dhá leath geall le bheith ligthe i ndearmad.

Iarradh orm féin script-eagarthóireacht a dhéanamh ar an scannán agus chuireas mo ghuth leis an tráchtaireacht. Is iomaí gort stairiúil a threabhas in imeacht dhá scór bliain im’ scannánóir ach bhí na mionsonraí a bhain le feachtas Dev i Meiriceá dall orm go dtí gur dhírigh Ciara Hyland a lionsa agus an spotsolas iniúchta ar eachtraí cinniúnacha bhliain eachtrúil úd De Valera san Oileán Úr.

Céad bliain ina dhiaidh sin nochtann ‘De Valera i Meiriceá’ rúin a bhí i bhfolach go dtí seo i gcartlann an ‘American Irish Historical Society’ i Nua-Eabhrac. Tugann an fhianaise nua seo droim láimhe leis an insint oifigiúil a chuir Dev ar an taifead sna seascaidí, leagan a bhí fabhrach dó féin.

Is í an fhírinne lom nár sheas mí na meala i bhfad do Dev le ceannairí seanbhunaithe Ghaeil Mheiriceá. Ar deireadh thiar ba thruamhéalach mar a d’éirigh idir é agus an sean-Fhínín dílis, John Devoy.

Scéal eile ar fad ab ea an coimheascar go bás idir De Valera seiftiúil agus an bróicéir cumhachta beartach, Daniel Cohalan de chuid na ‘Friends of Irish Freedom’.

Chuir Dev roimhe seilbh ar Ghluaiseacht na Poblachta i Meiriceá a bhaint de Cohalan ar an mbonn nach bhféadfaí glacadh le haon údarás níb airde ná údarás Uachtarán na Poblachta ar aon bhrainse den ghluaiseacht, thall ná abhus.

Bhíodar cosúil go maith lena chéile, Cohalan agus De Valera, mar déanta na fírinne, ní raibh beirt ghleacaithe déanta go dtí iad!

Baisteadh tine ceart a bhí ann do Dev, an núíosach polaiteora. Ach sheas an taithí sin go léir dó, taithí a raibh an-tionchar aici ar an gcineál polaiteora a bhí i nDev ina dhiaidh sin, an té a mhúnlaigh Éire ina íomhá féin sa leathchéad bliain a lean.

Ba é De Valera, áfach, an laoch ba rogha le cosmhuintir Mheiriceá agus, tar éis dóibh bealach dlíthiúil a aimsiú chun Bannaí na Poblachta a dhíol d’fhonn airgead a thiomsú, d’éirigh thar barr le Feachtas na mBannaí. Tháinig cnap mór airgid isteach láithreach bonn. Bhí ciste Dev anois ag cur thar maoil le hairgead tirim. Ach conas a d’fhéadfaidís an t-airgead sin a smuigleáil isteach go hÉirinn?

Chuimhnigh Harry Boland ar sheift a bhain le seodra iar-rítheaghlach Romanoff  na Rúise! Anois cé a déarfadh nár bhain tarraingteacht ná fiontraíocht le bealaí oibre Éamon De Valera?

Níor éirigh le De Valera an chéad chloch ar a phaidrín a thabhairt slán, áfach. Theip scun scan air aitheantas Rialtas Mheiriceá a ghnóthú don Phoblacht.

D’fhéadfaí a rá gur tuar a bhí sa raic a tharla le linn a thurais thall ar an scoilt ba chionsiocair le cogadh na gcarad a bhí roimh De Valera go luath tar éis dó filleadh abhaile as Meiriceá.

Is í Ciara Hyland le ForeFront Productions an stiúrthóir ar ‘De Valera i Meiriceá’ do TG4, le tacaíocht Údarás Craolacháin na hÉireann.

Bígí linn gan teip.

– Beidh ‘De Valera i Meiriceá ar siúl ag 9.30pm anocht ar TG4

  

Fág freagra ar 'Léargas nua ar eachtraí cinniúnacha bhliain eachtrúil úd De Valera san Oileán Úr…'