“Táimid i gcríocha nua anseo,” arsa breitheamh sa Chúirt Chorónach i mBéal Feirste. Ní tír tairngire a bhí i gceist aige ach domhan an uafáis ar líne. Bhí sé ag tagairt do theachtaireachtaí a sheol mí-úsáideoir chuig 70 páiste, ina measc cailín dhá bhliain déag d’aois a chuir lámh ina bás féin i ngeall ar an drochíde.
Tráth a bhfuil cosaint na glúine óige i mbéal an phobail ar dhá thaobh na teorann ba shampla scanrúil é an cás cúirte seo de mhí-úsáid ghnéis ar chailíní idir 10 mbliana agus 16 bliain d’aois ar mheáin shóisialta.
Úsáidtear an cat mara mar ainm i mBéarla ar an gcineál iompair a bhí ar siúl ag an gciontóir, Alexander McCartney, 26 bliain d’aois, mac léinn ríomheolaíochta as ceantar an Iúir. Chuir sé an chluain go fíorúil ar chailíní agus nuair a bhí siad i ngaistí aige rinne sé dúmhál orthu mar chuid den drochíde ghnéis. Gearrfar pianbhreith air an tseachtain seo chugainn. Phléadáil sé ciontach as dúnorgain an chailín, a mharaigh í féin chun éalú óna chuid éileamh, agus as 185 cion ar fad san tréimhse idir 2013 agus 2019.
Lig McCartney air gur chailín é féin chun ‘cairdeas’ a chothú le cailíní a bhí ag streachailt lena ngnéasacht ar fud na cruinne. Ar Snapchat agus meáin shóisialta eile mheall sé grianghrafanna mhíchuibhiúla díobh féin uathu agus bhain sé leas as na pictiúir sin chun iachall a chur orthu gníomhartha gnéis a dhéanamh dó. Bhagair sé go bhfoilseodh sé na pictiúir ar líne nó go dtaispeánfadh sé do thuismitheoirí iad mura ndéanfaí rud air. Amanta b’éigean do chuid acu gníomhú le duine eile. Ba nuair a d’éiligh sé taispeántas lena deirfiúr nach raibh ach 8 mbliana d’aois a mharaigh an cailín dhá bhliain déag d’aois í féin.
Dúirt abhcóide an ionchúisimh go raibh an damáiste a rinne McCartney as miosúr ar fad agus gur dócha gur thug sé drochíde do líon i bhfad níos mó ná an 70 íobartach atá i gceist sa gcás seo. Chuir na húdaráis suim ann i dtosach in 2016, é fós sna déaga. Sna trí bliana ina dhiaidh sin gabhadh ríomhairí agus trealamh eile ceithre huaire. Nocht na gléasanna scóip agus déine na mí-úsáide agus d’admhaigh McCartney go raibh sé ciontach de réir mar a tháinig na coireanna chun solais in 2021, 2022, 2023 agus 2024. Tá sé ar a choinneáil i bpríosún ó 2019.
Léigh an t-ionchúiseamh amach cuid de na teachtaireachtaí a sheol McCartney chuig íobartaigh. Níor léirigh sé trua ar bith dóibh fiú agus iad ag impí air éirí as nó ag rá go gcuirfidís lámh ina mbás féin. Tugadh beart mór eile de na teachtaireachtaí don mBreitheamh John O’Hara lena scrúdú go príobháideach. D’inis sé don chúirt gur chéasadh a bhí ann iad a léamh. Is ansin a dúirt sé go raibh muid i gcríocha nua – é soiléir gur chuir a raibh léite aige alltacht air.
Críocha na dtromluithe iad seo gan dabht agus faraor tig linn talamh slán a dhéanamh de gur iomaí mí-úsáideoir eile atá gníomhach ar mheáin shóisialta inniu. Tá sé naoi mbliana ó chuir déagóir i gcontae Thír Eoghain lámh ina bhás féin mar gheall ar dhúmhál agus mí-úsáid ar líne. Ciontaíodh duine sa Rómáin sa gcás sin. Is furasta ag ciontóirí a bheith idirnáisiúnta ar an idirlíon.
Is san iarnóin a thabharfaidh an Breitheamh O’Hara a chinneadh an tseachtain seo chugainn ionas go mbeidh teaghlaigh a chónaíonn in amchriosanna eile in ann a bheith beo ar líne lena chlos.
Bhí íobartaigh ag McCartney ar fud na cruinne, sa bhaile ar dhá thaobh na teorann, sa Bhreatain, ar fud na hEorpa, san Astráil, sa Nua-Shéalainn agus i Meiriceá. Chomhoibrigh póilíní agus áisíneachtaí sábháilteachta as na tíortha sin ar fad leis an PSNI sa bhfiosrú. Is léir go ndearna siad éacht sa gcás seo ach meabhraíonn sé cé chomh dúshlánach is atá sé sábháilteacht ar líne a bhaint amach agus an phráinn atá le céimeanna reachtúla chun tabhairt faoin bhfadhb.
Fág freagra ar 'Léargas eile tugtha i gcúirt i mBéal Feirste ar dhomhan an uafáis ar líne'