Léargas ar chultúr agus teanga na Briotáine i scannáin Le Guillou

Tá suas le scór scannán déanta ag Sebastien Le Guillou agus baineann siad ar fad nach mór le gnáthdhaoine ar bheagán teanntáis, ach daoine a bhfuil tréithiúlacht faoi leith ag roinnt leo

Léargas ar chultúr agus teanga na Briotáine i scannáin Le Guillou

Sebastien Le Guillou –  Fear na Scannán Briotáinise

Callac na Briotáine: baile dhá mhíle duine i gceartlár na gcoillte agus na mbánta leathchéad míle ó dheas de chaladh Roscoff. Ainneoin seaneolas agam ar an dúiche, cos níor leag mé sa phictiúrlann ann go dtí Dé Luain an 20 Lúnasa i mbliana. Is orm a bhí an t-iontas áit suí le haghaidh dhá chéad duine a bheith ann, agus rud ab fhearr fós, slua breá ag teannadh isteach le trí scannán ghearra a fheiceáil i mBriotáinis. 

Sebastien Le Guillou is ainm do léiritheoir na scannán sin, agus is mar seo a leanas a labhair sé ar chion na hoíche agus na spéacláirí á mbrú siar ar a shrón aige.

‘Is tuairisc atá in Ar Paotr Houarn [An Fear Iarainn],’ ar sé, ‘ar ógfhear misniúil á réiteach féin le gaisce a dhéanamh i dtrí-atlan Maastricht’.

Gwallzarvoud an Aotroù Fisel [Timpiste an Uasail Fisel] an dara scannán, scéal faoi dhamhsóir traidisiúnta mór le rá ar bhris tarracóir a chos, rud a d’fhág ar mhaidí croise ó shin é. Scéal faoi dhealbhadóir áitiúil atá sa tríú scannán, mír leathuaire dar teideal Koad ar Skeulioù [Adhmad na nDréimirí]. 

Is duine smaointeach ealaíonta atá in Sebastien Le Guillou. É buailte leis an dá scór. Bíonn sé ag coinneáil ábhair i mBriotáinis le bealach teilifíse France 3. Tá suas le scór scannán déanta aige agus baineann siad ar fad nach mór le daoine ón áit, gnáthdhaoine ar bheagán teanntáis agus ar bheagán de mhaoin an tsaoil, ach daoine a bhfuil tréithiúlacht faoi leith ag roinnt leo, sin nó ceird faoi leith ar a dtoil acu.

Is é an bua mór atá ag Sebastien Le Guillou caint a bhaint as na Briotáiniseoirí cúthaile seo, rud a dhéanann sé le teann foighde, le meas agus le heolas ar shaol na háite.

Is duine de na Briotáiniseoirí sin é André Guizouarn ón Chapel Nevez. Chuaigh mé féin thar tigh André míle uair ó thosaigh mé ag taobhú na háite fadó, ach deoraí ní fhaca mé riamh ann i measc na seantarracóirí, na scioból leath-thite, agus na gcat buí biorchluasach. Tuigim anois gur i gceardlann bheag ar chúl an tí a bhíonn an t-ealaíontóir agus é i mbun a chuid adhmadóireachta. An dáta ‘1731’ greanta ar an gcloch os cionn an dorais.

Siúlann an t-ealaíontóir an choill le moch maidine le craobh nó géag a aimsiú a mbeadh an cor agus an casadh ceart ann le staighre beag a dhéanamh. ‘Staighre beag na mbrionglóidí’ mar a thugann sé féin ar an gcineál deilbhe a dhéanann sé.   

Baineann André Guizouarn leis an nglúin deiridh in áit iargúlta a labhraíonn sean-Bhriotáinis na háite chomh líofa lena shinsear. Go dtí na 1980í, bhí an teanga go flúirseach ag bunáite na ndaoine os cionn an dá scór i limistéar chomh mór lena bhfuil d’Éirinn taobh thiar den tSionainn. Ní hamhlaidh feasta. An meath má ba thobann ba mhór.

D’éirigh go rímhaith le hoíche na scannán Briotáinise in Callac. Bhí ceithre scór duine i láthair. Maidir leis an slua féin, bhí Briotáinis ar a dtoil ag thart ar thrian díobh, tuiscint na teanga sin ag trian eile, agus trian eile i dtuilleamaí na bhfotheideal.

Is mór an chomaoin atá Sebastien Le Guillou a chur ar an saol nuair atá glór oiread sin de scéal na háite á chur ar an scáileán aige. Tá cáil nach beag air i measc lucht na Briotáinise le blianta go leor anois, agus tá rogha dá shaothar le feiceáil ar YouTube ar an gcainéal ‘Lagad All’.

Fág freagra ar 'Léargas ar chultúr agus teanga na Briotáine i scannáin Le Guillou'