Léargas áirithe ar chiníochas na 1960idí sa chéad fhadscannán ó ardán sruthaithe Apple

B’éigean do Apple seoladh ‘The Banker' a chur ar an mhéar fhada. Arbh fhiú an fanacht?

Léargas áirithe ar chiníochas na 1960idí sa chéad fhadscannán ó ardán sruthaithe Apple
The Banker
Stiúrthóir: George Nolfi
Cliar: Anthony Mackie, Samuel L. Jackson, Nicholoas Hoult, Nia Long, Colm Meaney

Ba é an saothar seo an chéad fhadscannán ó ardán sruthaithe Apple, comhlacht a bhfuil faoi dúshlán Netlflix agus Amazon a thabhairt. Tarraingíodh achrann sular seoladh an scannán mar gheall ar líomhaintí faoi ionsaithe gnéis a bhain le duine de na léiritheoirí. Is mac é an fear céanna le duine de na daoine atá faoi chaibidil sa saothar. Ina theannta sin bhí iarmhná céile leis an gcarachtar céanna míshásta faoin scannán. I ndeireadh na dála b’éigean do Apple seoladh an scannáin a chur ar an mhéar fhada.

Níorbh aon tús maith é.

Baineann scéal an scannáin le seiftiúlacht agus gliceas beirt fhiontraithe den chine dubh in Los Angeles agus iad i ngleic le ciníochas na seascaidí agus iad ag iarraidh guailleáil isteach sa mhargadh réadmhaoine.

Cuirtear Bernard Garrett (Mackie) os ár gcomhair mar dhuine beagfhoclach meabhrach a bhfuil luí aige leis an mata aige, dúil san airgead aige agus an ghoimh air faoi chiníochas na tréimhse sin.

Fágann sé an fód dúchais in Texas le tabhairt faoi Los Angeles i 1954 mar a dtéann sé i mbun comhghuaillíochta leis an Éireannach Patrick Barker (Meaney) le foirgnimh chónaithe a cheannach. B’éigean dó seo a dhéanamh mar san am úd ba shnámh in aghaidh easa é ag duine den chine dubh a bheith ag ceannach réadmhaoine nó ag déileáil leis na bainc. Is tar éis éagóra a théann sé i gcomhpháirt le Joe Morris (Jackson). Tugtar le fios dúinn gur éirigh leo seilbh a fháil ar bhreis agus 170 foirgneamh agus gur chuir a gcuid ceannachán go mór leis an dídheighilt chiníoch in Los Angeles. Luaitear ag pointe eile sa scannán go raibh Garrett ar dhuine de na daoine dubha ba shaibhre i Meiriceá lena linn.

Arís eile b’éigean dóibh fear bán a earcú le cabhrú leo leis an gcur i gcéill agus ar feadh na mblianta ba é an fear deaslámhach Matt Steiner (Hoult) a bhí i mbun aisteoireachta acu.

Is é an leithcheal tithíochta agus baincéireachta príomhthéama an scannáin. B’éigean do Morris agus Garrett iad féin a ghléasadh mar fheighlithe agus tiománaithe le dul isteach ina gcuid foirgneamh féin. Duine mórálach é Garrett agus tá a chuid feirge is náire le sonrú go láidir nuair a bhíonn air culaith feighlí a chaitheamh le dul isteach ina fhoirgneamh féin.

Thosaigh an tóin ag titim as cúrsaí orthu nuair a fuarthas amach faoi na bainc a bhí ceannaithe acu in Texas. An ciníochas ag teacht go barr uisce arís agus tugann Garrett aitheasc cumhachtach uaidh faoin ábhar seo agus é os comhair choiste an tseanaid.

Tá Mackie tomhaiste pointeáilte sa léiriú a dhéanann sé agus mar is gnáth baineann Jackson súp as a bheith ag bladaireacht is ag caitheamh thairis. Tugann Hoult taispeántas breá uaidh mar an duine a bhíonn ina staic le scaoll.

Samhlaíodh dom uaireanta go raibh an cur chuige ábhairín éadromchroíoch d’ábhar chomh sollúnta tromchúiseach leis seo, rud a tharla le Green Book chomh maith, dar liom. Bhí blas na heachtraíochta ar an gcur i gcéill a bhí acu agus cuirtear montáis seoigh inár láthair ina bhfuiltear ag iarraidh mata agus galf a mhúineadh do Matt, mar aon le tuiscint a thabhairt dó ar bhia is deoch na huasaicme.

Mar sin féin is scannán taitneamhach é seo atá bunaithe cuid éigin ar fhíorscéal agus a thugann léargas áirithe ar chiníochas na 1960idí.

Fág freagra ar 'Léargas áirithe ar chiníochas na 1960idí sa chéad fhadscannán ó ardán sruthaithe Apple'