LÉAMHTHUISCINT: Údar imní an útamáil atá á déanamh le teagasc na Gaeilge

Léamhthuiscint 6 - Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Údar imní an útamáil atá á déanamh le teagasc na Gaeilge

Go minic dea-rúin is bonn le gníomhaíochtaí agus cinntí a dhéantar ach uaireanta ní thuigtear na himpleachtaí a bhaineann leo.

Seo, i mo thuairim, atá tarlaithe maidir le moladh an Aire Foley agus na Roinne Oideachais scrúduithe Gaeilge na hArdteiste (Ard- agus Gnáthleibhéal) a roinnt idir an cúigiú agus an séú bliain ar mhaithe leis an imní agus an strus a laghdú ar na scoláirí, go háirithe sa ré iar-phaindéime ina mairimid.

Ach an laghdú nó méadú struis a eascróidh as má chuirtear seo i bhfeidhm agus cén tionchar a bheidh aige ar an nGaeilge sna hiarbhunscoileanna?

Tá an chuma ar an scéal nár cuireadh san áireamh conas a fhoghlaimítear teanga ná gur siollabas comhtháite atá i bhfeidhm don Ghaeilge (tuiscint, labhairt, léamh agus scríobh) agus na socruithe nua á bplé.

Maidir le scrúduithe Ardteiste na Gaeilge faoi láthair, bíonn Béaltriail le déanamh ag na scoláirí um Cháisc sa séú bliain agus dhá pháipéar (teanga agus litríocht), mar aon le triail chluastuisceana, le déanamh ag deireadh an tséú bliain. Níl an oiread míreanna ag baint le haon ábhar Ardteiste eile mar níl Cluastuiscint i gceist don Bhéarla ná níl saothrú na litríochta i gceist do na teangacha eile.

Cén fáth nach maith an rud é mar sin Páipéar 1 (Cluastuiscint agus Ceapadóireacht) a thabhairt bliain chun tosaigh, mar atá i gceann de na moltaí atá á bplé?

I measc aidhmeanna na siollabas do Ghaeilge na hArdteiste, tá:

Deis a thabhairt do scoláirí an Ghaeilge a shealbhú de réir a n-acmhainne’ agus ‘Cumas Gaeilge na scoláirí a fhorbairt i dtreo is go mbeidh gach scil teanga (éisteacht, labhairt, léamh, scríobh) acu de réir a n-acmhainne’.

Moltar i dTuairiscí na bPríomhscrúdaitheoirí agus tuairiscí cigirí gur go comhtháite, ag an am céanna, is ceart na scileanna seo a fhorbairt. Cén tionchar a bheidh ag na hathruithe atá molta air sin?

Is í an Chluastuiscint an chéad mhír faoi láthair de scrúdú scríofa Gaeilge na hArdteiste. Nuair a méadaíodh marcanna na Béaltrialach (sa Ghaeilge amháin) ó 25% go 40% in 2012, laghdaíodh dáileadh na marcanna don Chluastuiscint go 10%. De réir taighde (Ionad na dTeangacha, Ollscoil Mhá Nuad) agus na dtuairiscí thuasluaite, tháinig titim ar chaighdeán na cluastuisceana de bharr níos lú ama a bheith á chaitheamh ar an scil sin sna seomraí ranga. Níor braitheadh go raibh an oiread sin tábhachta leis an gCluastuiscint níos mó.

Má bhíonn an scrúdú cluastuisceana mar chuid de Pháipéar 1 ag deireadh an chúigiú bliain, tá gach seans ann nach mbacfar le cleachtadh foirmeálta na scile seo sa séú bliain agus is cinnte go mbeadh drochthionchar aige sin ar chumas cumarsáide na scoláirí. Ní bheadh taithí acu ar chanúint ar bith, seachas canúint an mhúinteora. Arís tá seo ag teacht salach ar Thuairisc Phríomhscrúdaitheora a deir gur chóir do mhúinteoirí trialacha cluastuisceana a dhéanamh go rialta sa seomra ranga “ag díriú ar sheanpháipéir scrúdaithe agus ag leagan béime ar na mórchanúintí, ar fhoirmeacha ceisteacha, ar an éileamh sna ceisteanna agus ar chúrsaí gramadaí agus litrithe.”

Is í an Cheapadóireacht an dara cuid de Pháipéar 1 agus anseo atá deis ag scoláirí a gcuid tuairimí a chur in iúl faoi ábhair a bhaineann lena saol féin, nó díospóireacht a scríobh nó tabhairt faoi cheapadóireacht chruthaitheach trí scéal nó a leithéid a scríobh. Ag an nGnáthleibhéal, bíonn ar na dalta cur síos a dhéanamh ar ghné éigin den ghnáthshaol, blag, ríomhphost nó comhrá a scríobh. Agus na scoláirí ag ullmhú don chuid sin den scrúdú, is léir go gcuireann siad lena bhfoclóir, lena gcruinneas gramadaí agus lena líofacht sa teanga.

Ach má chuirtear i bhfeidhm ceann de mholtaí an aire agus oifigigh na Roinne Oideachais an cheapadóireacht a scrúdú sa gcúigiú bliain, ní bheadh aon bhéim ar scileanna na ceapadóireachta sa séú bliain agus díreofaí ar an mBéaltriail agus ar Pháipéar 2 (Léamhthuiscint agus Litríocht). Tá an baol ann sa chás sin gur níos lú daoine óga ná riamh a thabharfaidh faoin scríbhneoireacht chruthaitheach i nGaeilge, faoin iriseoireacht, faoi ghairm an aistriúcháin ná fiú faoi staidéar na Gaeilge i ndiaidh dóibh an scoil a fhágáil.

Moltar go minic gur ar an teanga labhartha is ceart béim a chur sna scoileanna seachas ar an litríocht.

D’fhéadfadh an-rath a bheith ar an gcur chuige sin murach go bhfuil béaltriail i bhfeidhm ina mbronntar leath na marcanna ar ábhar réamhullmhaithe. Bíonn focal fáilte i gceist, léamh giota filíochta, agus cur síos ar cheann de 20 sraith pictiúr (laghdaithe faoi láthair go 10). Tuairiscítear go mbíonn formhór den ‘Comhrá’ sin réamhfhoghlamtha freisin.

Má dhéantar an chluastuiscint agus an cheapadóireacht sa chúigiú bliain agus an bhéaltriail gan bhailíocht sa dara téarma den séú bliain, beidh an bhéim ar fad formhór an ama ar an Léamhthuiscint agus ar an ngné is lú taitneamh agus is mó strus do na scoláirí, an litríocht. Tá sé á thuairisciú sna meáin go laghdófar na marcanna don scrúdú atá molta don chúigiú bliain (Cluastuiscint agus Ceapadóireacht) agus go méadófar na marcanna do scrúdú an tséú bliain, gníomh a chuirfeadh breis struis ar na scoláirí maidir leis an litríocht.

Déantar cosaint ar shaothrú na litríochta go minic mar bhealach le saibhreas teanga na scoláirí a fhorbairt, cur lena bhfoclóir agus lena dtuiscint ar an ngramadach, ach má bhíonn an Bhéaltriail agus an scríbhneoireacht curtha díobh acu, cá mbeidh deis acu é sin uilig a léiriú? Ní bhíonn an deis sin sa Léamhthuiscint mar ní gá ach ‘cut and paste’ a dhéanamh ó na sleachta ar an bpáipéar scrúdaithe. Ní hamháin sin ach tugtar treoir faoin áit sa phíosa léamhthuisceana ina bhfuil teacht ar an bhfreagra! Níl aon mharcanna breise ar fáil as ionramháil na teanga ná as saibhreas teanga a léiriú. Maidir leis an litríocht féin, fíorbheagán marc a bhronntar ar chruinneas teanga na bhfreagraí.

Agus an t-alt seo á scríobh, tá sé á thuairisciú anois go bhfuil athrú intinne tagtha ar an Aire maidir le Páipéar 1 a bheith ann sa chúigiú bliain. Táthar ag rá anois go bhfuil molta an Léamhthuiscint agus cuid den litríocht a bheith faoi scrúdú sa chúigiú bliain agus an chuid eile den litríocht faoi scrúdú sa séú bliain, rud a mhéadóidh strus na scoláirí faoin litríocht faoi dhó. De réir an mholta ‘nua’ sin, is sa séú bliain a bheidh aiste nó a leithéid le scríobh.

Baineann castacht eile leis an scéal seo mar tá fógartha ag an Roinn go mbeidh 40% de mharcanna scrúdaithe i ngach ábhar Ardteiste le bronnadh ar mheasúnú leanúnach a dhéanfaidh a múinteoirí féin ar obair na scoláirí. Má chuirtear seo i bhfeidhm, cad a bheadh i gceist i gcás na Gaeilge? An bhfuil baol ann, agus an-deacracht ag Coimisiún na Scrúduithe Stáit scrúdaitheoirí a earcú do na Béaltrialacha, go mbeidh múinteoirí ag bronnadh marcanna na Béaltrialach ar a scoláirí féin? Cén tionchar a bheadh ag a leithéid de chur chuige? Nó an mbronnfar marcanna ar ‘thionscadal’ nó a leithéid a bheadh déanta lasmuigh den halla scrúduithe agus marcanna na bpáipéar féin laghdaithe dá réir?

Tá ceisteanna eile le plé, má thugtar isteach na hathruithe atá á bplé. An mbeidh brú breise ar scoláirí an leibhéal a dtabharfaidh siad faoi sa scrúdú Gaeilge Ardteiste a roghnú sa chúigiú bliain, nó an mbeidh meicníocht éigin i bhfeidhm don té a d’aistreodh ón Ard- go Gnáthleibhéal sa séú bliain? An mbeidh scoláire in ann athrú go dtí an Bonnleibhéal sa séú bliain, leibhéal nach mbeidh ach páipéar amháin i gceist leis?

An rud is soiléire faoin scéal iomlán seo ná gur thángthas ar phlean a síleadh a shásódh scoláirí ach nár cuireadh oideachas ná foghlaim ná teagasc éifeachtach na teanga san áireamh. Tá an chuma ar an scéal nár tuigeadh go mbeadh gá le hathstruchtúrú/athscríobh na siollabas agus, dá réir sin, ar théacsleabhair agus ar pháipéir shamplacha don dá leibhéal. Tá an chuma ar an scéal nár tuigeadh an gá ach oiread le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí.

Shíl an té a dúirt gur ‘easy win’ don Roinn a bheadh i mbogadh na bpáipéar ach a mhalairt atá fíor ós rud é nach bhfuil aon dream ag fáiltiú roimhe. Tá scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí, Coimisiún na Scrúduithe Stáit agus an CNCM míshásta faoin bplean. Anuas ar na trioblóidí sin, tá a lán fadhbanna le Gaeilge na Sraithe Sóisearaí aitheanta sa taighde nua a rinneadh in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath faoi na sonraíochtaí T1 agus T2. Léiríonn an taighde nach bhfuil rath ar an gcur chuige nua agus é seo ag am a bhfuil an Roinn ag iarraidh an cur chuige céanna a chur i bhfeidhm don Ardteist.

Tá tús curtha ag an Roinn Oideachais le Polasaí don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht a fhorbairt ach, seachas a bheith ag útamáil le gnéithe de theagasc na Gaeilge, b’fhéidir go bhfuil sé in am éirí as an útamáil agus tús a chur le forbairt polasaí cuimsitheach don Ghaeilge sa chóras oideachais, ó bhun go barr.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana, Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus ansin déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Céard atá i gceist ag údar an ailt leis an abair thíos: “Go minic dea-rúin is bonn le gníomhaíochtaí agus cinntí a dhéantar ach uaireanta ní thuigtear na himpleachtaí a bhaineann leo.”
  2. Cad nár cuireadh san áireamh?
  3. Céard atá difriúil faoin nGaeilge mar ábhar Ardteiste?
  4. Luaitear ceann d’aidhmeanna na hArdteiste san alt. Déan í a scríobh i d’fhocail féin.
  5. Cad a mholtar i dtuairiscí na bPríomhscrúdaitheoirí?
  6. Céard a tharla in 2012?
  7. Cad a tharlóidh má bhíonn an scrúdú cluastuisceana i ndeireadh bhliain 5?
  8. Cad a mholtar go minic?
  9. Cén fáth a luaitear “cut and paste”?
  10. Céard atá i gceist ag an údar nuair a luann sí “easy win”?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime in teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht an chuid thíos a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
    • cinneadh
    • ar mhaithe
    • i bhfeidhm
    • an-rath
    • tionchar
  • Déan iarracht iad seo a chur in abairt scríofa.
    • canúint
    • gné
    • á thuairisciú
    • athrú intinne
    • castacht
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla de na nithe seo a leanas san alt:
    • Ainmfhocal san uimhir uatha.
    • Briathar saor san aimsir fháistineach.
    • Ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha.
    • Céim chomparáide na haidiachta.
  • Cuimhnigh gur féidir cuardach a dhéanamh ar teanglann.ie

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Údar imní an útamáil atá á déanamh le teagasc na Gaeilge'