LÉAMHTHUISCINT: Plá na nDrugaí

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Plá na nDrugaí

1. Eisíodh tuairisc scanrúil faoi líon na ndaoine i dTuaisceart Éireann a cailleadh de bharr úsáid drugaí le déanaí. Is scanrúil an rud le rá é gur bhásaigh 189 duine in aon bhliain amháin de bharr drugaí agus fir óga ab ea seachtar as gach deichniúr díobh.

Is léir don dall go bhfuil sé práinneach go gcuirfí feachtas ar bun ina mbeadh na háisíneachtaí uilig páirteach chun plá na ndrugaí a cheansú. Caithfear lucht thionscal na ndrugaí a smachtú, stop a chur lena bhforéigean agus le dáileadh a gcuid nimhe. Ní mór na coirpigh eagraithe a chúiseamh, a chiontú agus a chur as gnó. Ní mór freisin tarrtháil a dhéanamh ar na daoine goilliúnacha a bhfaigheann na coirpigh agus na drugaí greim orthu.

2. Ba í 2018 an bhliain ba mheasa ó thaobh daoine ag fáil bháis de bharr drugaí agus bhásaigh a dhá oiread daoine de bharr drugaí an bhliain sin is a fuair bás ó dhrugaí in 2010. B’fhada gníomhaithe in aghaidh drugaí ag maíomh go raibh an fhadhb ag dul in olcas go sciobtha ach bhain an dearbhú seo siar as daoine. Bhí méadú mór i gcaitheamh bliana ar líon na marbh de bharr drugaí. 136 bás a cláraíodh in 2017 agus bhí 56 duine sa bhreis a bhí i gceist in 2018. Den 189 duine sin a bhásaigh in 2018, bhí a bhformhór idir 25 agus 44 bliain d’aois, 72 duine idir 25 agus 34 bliain d’aois agus 50 duine idir 35 agus 44.

3. An sainmhíniú a thugann an NISRA ar bhás a raibh baint aige le drugaí ná bás a fháil de bharr nimhiú ó dhruga, andúil nó mí-úsáid ar shubstaint rialaithe. Toisc gur staidreamh faoi chlár na marbh amháin a bhí i gceist sa tuairisc seo, níl aon tagairt sa tuairisc don choiriúlacht eagraithe ná d’aon ionsaithe, gortuithe nó imeaglú i dtaca le fiacha as drugaí. Údar mór imní é go raibh meascán de dhrugaí tógtha ag go leor díobh sin a fuair bás.

Ba mhinic alcól chomh maith le manglam de shubstaintí rialaithe agus drugaí a cheadaítear ar oideas leighis úsáidte ag na mairbh. Tugann seirbhísí d’andúiligh foláirimh go seasta gan drugaí a mheascadh ach bhí sé fánach acu sna cásanna seo. Bhí trí dhruga nó níos mó tógtha ag breis is leath na ndaoine a cailleadh. Hearóin agus moirfín ba chúis le bás 40 duine agus bhí cócaon i gceist i gcás 28 duine – méadú mór. Ina dteannta sin bhí diazepam (valium) tógtha ag cuid mhaith agus pregabalin, cógas a úsáidtear in aghaidh an titimis tógtha ag 54 duine de na mairbh.

4. Is minic a chloistear go bhfuil cócaon chomh coitianta le gloine fíona ag cóisirí deireadh seachtaine ag lucht rachmais nó fiú an meánaicme. Séanadh úsáideoirí é nó ná déanadh, ach cothaíonn an nós sin gnó na gcoirpeach eagraithe. Is léir ó na figiúirí seo go bhfuil drugaí ar nós cócaon agus hearóin le fáil go héasca i gceantair lucht oibre agus i measc na mbocht. De réir fhigiúirí NISRA faigheann a cúig oiread daoine bás ó dhrugaí sna ceantair faoi mhíbhuntáiste is a chailltear sna háiteanna is saibhre.

5. Tá na figiúirí uafáis sin ar dheasc Robin Swann, Aire Sláinte Stormont a chuaigh i mbun oibre seachtain ó shin, faisnéis scanrúil ach eolas luachmhar chun polasaí agus cur chuige nua a dhearadh. Is iomaí dúshlán atá roimhe sa Roinn Sláinte agus ní bheidh sé éasca aige réiteach a fháil ar fhadhb na ndrugaí agus fadhb an fhéinmharaithe, rud a bhfuil dlúthbhaint aige le húsáid drugaí.

I gceantar Ard Eoghain i dtuaisceart Bhéal Feirste bhí an sagart aitheanta, an tAthair Gary Donegan, an-chorraithe faoin ábhar ag Aifreann sochraide le déanaí. Dúirt sé leis na hógánaigh a bhí ag freastal ar shochraid a gcara a fuair bás de bharr drugaí in aois a 22 bliain gurbh é sin an 20ú duine d’iarscoláirí Bhunscoil na Croise Naofa a cailleadh de bharr drugaí nó féinmharaithe. B’in 20 duine óg i gcomharsanacht aon mhíle cearnach, a dúirt sé.

Ní hiontas go bhfuil tascfhórsa frithdhrugaí á éileamh agus beart éigeandála maidir le seirbhísí meabhairshláinte. Tá an aicíd seo ag imeacht ó smacht. Plá a bheidh ann mura ndéanfar gníomh go haibéil.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. An mó duine a mharaigh drugaí i dTuaisceart Éireann in 2018? (alt 1)
  2. Luann an t-údar trí rud a chaithfear a dhéanamh – cad iad? (alt 1)
  3. Cé acu is mó a mharaíonn drugaí – fir óga nó mná óga? (alt 1)
  4. Cén cruthúnas atá ann go bhfuil an scéal seo ag dul in olcas? (alt 2)
  5. Cén sainmhíniú a thugtar ar bhás de bharr drugaí (alt 3)
  6. An bhfuil daoine a fuair bás de bharr foréigin nó díoltais san áireamh? (alt 3)
  7. Cén fáth go gcuireann an t-údar cuid den mhilleán ar dhaoine saibhre a úsáideann drugaí? (alt 4)
  8. Cén tragóid eile a bhíonn ceangailte go minic le drugaí? (alt 5)
  9. Bhí drochscéala ag sagart i mBéal Feirste do dhaoine óga. Céard é? (alt 5)
  10. Cé acu de na mothúcháin seo is mó a spreagfadh an t-alt seo – éadóchas, misneach, scanradh, iontas, imní, fearg, gliondar, déistin?

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna arís agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leat féin.
  • Éist leis an taifeadadh a rinne daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairtí ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Déan cuid eile acu a chur in abairtí scríofa.

Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir chaite sa chead alt.
  2. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra sa tuiseal ginideach sa dara halt.
  3. Aimsigh sampla de shárchéim aidiachta sa dara halt.
  4. Aimsigh comhfhocal sa chúigiú halt.
  5. Sracfhéachaint ar an tuiseal ginideach:
  • Rinneadh an taighde i dtuaisceart (Éire).
  • Fadhbanna na (ceantair uirbeacha).
  • Feachtas (an pobal) in aghaidh na ndrugaí.
  • Is é croí (an fhadhb) an easpa seirbhísí.
  • Údar mór (uafás) is ea na figiúirí is déanaí.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

  • Céard a cheapann tú féin faoi fhadhb na ndrugaí in Éirinn?
  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tuairimí a chur in iúl, aontú/easaontú le struchtúr, moltaí a dhéanamh, taighde a dheanamh.
  • Féadfaidh tú thú féin a thaifeadadh agus tú ag cur do thuairimí in iúl.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Plá na nDrugaí'

  • Claire Hassett

    An mbeidh mé ábalta na freagraí a fháil? Bheinn an bhuíoch