Léamhthuiscint – Ní laoch náisiúnta ar bith a bhí i John Redmond

Léamhthuiscint 04 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint – Ní laoch náisiúnta ar bith a bhí i John Redmond
  1. Nach iontach go deo an fíbín atá ar chuid de na Tráchtairí Móra ag iarraidh dia beag a dhéanamh de John Redmond? Tá siad ag fáil dalladh spáis lena aghaidh san Irish Independent agus san Irish Times. Céad bliain ó shin a cailleadh Redmond agus é briste brúite mar go raibh muintir na hÉireann iompaithe ina aghaidh agus iad ag tacú le Sinn Féin. Ach má bhí sé buailte, agus buailte go maith, shílfeá ón gcaoi a bhfuil an dream seo ag caint gur laoch náisiúnta a bhí ann.
  2. Is teannach leo a dhéanamh amach freisin gur síochánaí a bhí ann. Seo é an fear a spreag ógfhir na hÉireann le dhul ag troid do Shasana sa gCéad Chogadh Mór. “It is a just war …it is a war for the defence of the sacred rights and liberties of small nations,” a dúirt sé. Is cosúil le caint í a dhéanfadh Tony Blair nuair a bhíothas ag fáil faoi réir le hionradh a dhéanamh ar an Iaráic. 
  3. De réir mar atá scríofa ar an leacht cuimhneacháin cogaidh i nDroichead na hInse, maraíodh 49,435 Éireannach sa gCéad Chogadh Mór. Fós féin is fearr leis na Tráchtairí Móra aird a tharraingt ar an líon i bhfad níos lú Éireannach a bhásaigh in Éirí Amach 1916. Deilín eile atá acu go bhféadfadh saoirse na hÉireann a bheith bainte amach aige go síochánta. Is cinnte gur creideadh ag an am go bhféadfadh. Fiú amháin Pádraig Mac Piarais bhí sé ar ardán i Sráid Uí Chonaill i mBleá Cliath in éineacht le John Redmond chomh deireanach le 1912 ag comhairliú don lucht éisteachta seans a thabhairt don fheachtas ar son Home Rule. Ach chuir sé agús sa gcomhairle sin; má fheallann na Sasanaigh orainn an iarraidh seo, a dúirt sé, beidh sé ina chogadh craorac ar fud Éireann. Ar ndóigh d’fheall.
  4. An rud nach gcuireann na Tráchtairí Móra san áireamh ar chor ar bith gur mhór idir an tuiscint a bhí ag an bPiarsach ar neamhspleáchas na tíre agus an socrú a bhí ó Redmond. Is fiú an méid a dúirt Redmond féin faoi sin a fhoilsiú aríst. Ar son cruinnis ní aistreoidh mé go Gaeilge é. ‘By Home Rule I do not mean any cowardly or grudging measure, but a bold measure of self-government which will give the Irish people control of their own purely local affairs, through the agency of a freely-elected parliament in Dublin, with an executive responsible to it, SUBJECT, OF COURSE, TO IMPERIAL SUPREMACY.’Sin é an áit a raibh an buille: bheadh muid faoi cheannas Westminster i gcónaí.
  5. Fear Impireachta go smúsach ba ea John Redmond. Bhí an-luí ag na hoidhrí a tháinig air leis an Impireacht i gcónaí. I gCumann na nGael a chríochnaigh a bhformhór agus i bhFine Gael ina dhiaidh sin. Níl fear ar bith is mó atá ag iarraidh John Redmond a chur ard i gcéim ná John Bruton. Thuigfeadh seisean meon Redmond cinnte. An raibh rud ar bith ní ba náirí ná an fháilte uiríseal a chuir sé roimh Phrionsa Séarlas Shasana nuair a bhí sé ina Thaoiseach? Ba é an taispeántas lútála ba cladhartha é ó aimsir Dhiarmaid Mhic Mhurchadha. Ní chuirfeadh sé iontas ar an dream a bhí i láthair dá gcuirfeadh sé a lámh le scothóg a bhrait mar a rinne an bhean le hÍosa, sin agus sléachtadh go talamh os a chomhair. Tá sé ráite gur dhúirt sé gurbh é an lá ab fhearr ina shaol é. Dá mba iad lucht an London Times féin iad thug siad faoi deara é: “embarrassingly effusive” a dúirt siadsan.
  6. Bhí aithne agus eolas ag John Redmond agus ag Edward Carson ar a chéile. I leabhar nua atá foilsithe faoin gcairdeas a bhí eatarthu deirtear gur ghéire i bhfad a théadh Carson ar a mháistrí in Westminster ná ba nós le Redmond a dhéanamh. Is cosúil gur mhaidrín lathaí a bhí i Redmond lena ais. Tá cúis mhór amháin leis an iarracht atá ar bun inniu le cáil John Redmond a shlánú. Impireacht eile atá i gceannas orainn anois—Aontas na hEorpa.‘ Subject, of course, to Imperial supremacy,’ a dúirt Redmond faoi Home Rule. ‘Subject, of course, to European Union supremacy,’ atá muid anois.  Siombail é John Redmond ag an dream atá ag iarraidh tuilleadh cumhachta a thabhairt d’Aontas na hEorpa. Níl meas madra acu ar neodracht na hÉireann. Is fada leo go dtiocfaidh an lá a mbeidh Arm Eorpach ann agus óige na hÉireann ag liostáil ann. Nuair a mharófar cuid acu i gcogadh thar lear déarfaidh siad gur ‘just war’ a bhí ann agus gur ag troid ar son na saoirse a bhí siad.
  7. Tá an-cháineadh déanta ag na Tráchtairí Móra ar an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn faoi nár fhreastail sé ar ócáid chuimhneacháin ar John Redmond. Níl a fhios agam an in aon turas a rinne sé é, nó an raibh dualgais eile air ag an am, ach cibé cúis a bhí leis is maith gur mar sin a tharla. Cá bhfios nach n-imeodh an ceo de mhuintir na hÉireann ar fad de réir a chéile? Thuig a sinsear feall John Redmond. Mar a dúradh i gCois Fharraige san amhrán ‘Bóithríní an Locháin’.
    ‘Is anois ag teacht an tsamhraidh beidh gach súgradh againn is greann.
    Tiocfaidh deireadh le John Redmond agus beidh Seán Buí ar lár,
    Beidh na buachaillí is na cailíní ag gabáail amhráin
    Is beidh mise is mo stóirínse ag gabháil bóithríní an Locháin.’

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cad atá na tráchtairí móra ag iarraidh a dhéanamh? (alt 1)
  2. Cén fáth a raibh Redmond briste brúite céad bliain ó shin? (alt 1)
  3. Cén fáth go measann an t-údar nach síochánaí ba ea Redmond? (alt 2)
  4. Cén fáth a luaitear Tony Blaire in alt 2?
  5. Cén tagairt a dhéantar do Phádraig Mac Piarais in alt 3?
  6. Aistrigh ráiteas Redmond go Gaeilge. (alt 4)
  7. Cén nasc atá ann idir John Redmond agus Fine Gael? (alt 5)
  8. Cén chomparáid a dhéantar idir Redmond agus Carson? (alt 6)
  9. Cén chomparáid a dhéantar idir Impireacht na Breataine agus an tAontas Eorpach? (alt 6) 
  10. Inis, i d’fhocail féin, cad iad tuairimí an údair i leith John Redmond.

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. An ndearna an t-údar argóintí/pointí maithe, dar leat? Cuir fáthanna le do fhreagra.
  2. Cén fáth ar scríobh an t-údar an t-alt seo meas tú?
  3. An mbeadh daoine míshásta/sásta leis an alt seo, meas tú? Cén fáth?
  4. Scríobh ríomhphost chuig an eagarthóir le cúpla pointe a dhéanamh.
  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime ar teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíoch
  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir fháistineach in alt 6.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 4.
  • Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 3.
  • Sracfhéachaint ar inscne an ainmfhocail: Inis an bhfuil na hainmfhocail thíos firinscneach nó baininscneach, ansin cuir an t-alt ‘an’ rompu in abairt: Éireannach, ardán, impireacht, farraige, cogadh
  • Cuimhnigh gur féidir leat focail a chuardach ar www.teanglann.ie
  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Pearsa staire a bhfuil meas agam air/uirthi.

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna: Déan cur síos ar thréithe an duine, cuir meas in iúl, tabhair comhairle, déan cur síos ar ghaiscí, tabhair míniú.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint – Ní laoch náisiúnta ar bith a bhí i John Redmond'