LÉAMHTHUISCINT: Mí-úsáid ar leanaí is ea an fhógraíocht

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Mí-úsáid ar leanaí is ea an fhógraíocht

1. An bhfuil rud ar bith níos mí-eiticiúla ná clár na mbréagán ar an Late Late Show? Ní mar sin a fheiceann tromlach na ndaoine é ar ndóigh. Ní léir d’fhormhór an mhilliún go leith lucht féachana ach clár taitneamhach nádúrtha a mbaineann idir thuismitheoirí agus pháistí sult as.

Is mar sin freisin a chuimhníonn daoine air nuair a thagann a seal féin le bheith ina dtuismitheoirí. I staidéar a rinneadh anuraidh fuarthas amach gurbh é an clár seo an chuimhne gheanúil ba mhó ar a n-óige a bhí ag 40% de na daoine faoi thríocha bliain d’aois a ghlac páirt sa suirbhé.

2. Ach sa deireadh thiar thall is éard atá sa gclár mí-úsáid leanaí, idir na leanaí a méadaíonn sé a ndúil thar cuimse sna bréagáin agus leanaí i dtíortha bochta a bhíonn ag déanamh bréagán ar phá suarach agus gan cuid acu ach dhá bhliain déag d’aois.

Tá aithne agam ar bhean óg a tháinig ag cónaí in Éirinn as Sasana ocht mbliana ó shin. Bhí iontas an domhain uirthi a leithéid de chlár fógraíochta a fheiceáil ar an tseirbhís náisiúnta phoiblí seo againne. Ní bheadh a leithéid de chlár ar an BBC go deo, dar léi. Ach tá Seó na mBréagán chomh mealltach sin nach gcaillfeadh sí anois é ar rud ar bith.

3. Clár taitneamhach a dhéanamh an aidhm atá ag RTÉ, agus airgead a thabhairt isteach ag an stáisiún ar ndóigh. Ach is é aidhm na ndéantóirí agus na ndíoltóirí bréagán tuismitheoirí a spreagadh leis na bréagáin a bhíonn ar an gclár a cheannach. Bíonn an fhógraíocht sin dírithe ar bhocht agus ar nocht. Is uafásach an brú é go minic ar thuismitheoirí a mbíonn a ndóthain le déanamh acu agus bia a chur ar an mbord agus na billí eile a choinneáil íoctha.

Tá leagan i gceist anois ann ar a dtugtar brú ón bpiarghrúpa. Chonaic mo chara Liam a leithéid seo de bhréagán ar an Late Late Show a déarfas Úna lena máthair. Caithfidh mise ceann acu a fháil mé féin.

4. Nuair a shiúil Bob Quinn, Lelia Doolan agus Jack Dowling amach as RTÉ i 1968 ba é an drochthionchar a bhí ag fógraíocht ar an stáisiún tríd is tríd is mó a bhí ag dó na geirbe acu. Bhí an ghráin shíoraí ag Bob Quinn go háirithe ar an bhfógraíocht a bhí dírithe ar na páistí. Chaith sé blianta ó shin ag iarraidh an scéal a athrú.

Ba é an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, a raibh freagracht air as RTÉ mar Aire Rialtais ag an am, nuair a cheap Quinn ar Údarás an stáisiúin ar dtús. Déarfá leat féin an uair sin go mbeadh an-deis aige a chás a chur chun cinn ón taobh istigh den stáisiún. Chuir go cumasach ach bhí na fórsaí a bhí ina aghaidh i bhfad róláidir agus d’éirigh Bob Quinn as Údarás RTÉ mar gheall ar pholasaí fógraíochta an stáisiúin.

Dúirt sé ag an am: ‘Tá sé sách dona an tomhaltachas a bhrú ar dhaoine fásta atá sean go leor leis an margaíocht a thuiscint ach níor chóir go ndéanfaí múnlú inchinne ar leanaí. Is scannalach an chaoi a gcuireann fógraíocht ar RTÉ brú uafásach ar thuismitheoirí na táirgí sin a cheannach.”

I léacht a thug sé i Sligeach ag an am mhínigh Bob Quinn céard a bhí i gceist aigesean.

5. Tharraing sé aird ar an drochbhail a chuirtear ar oibrithe a bhíonn ag déanamh bréagán sna tíortha bochta. Bhí neart fíricí aige a bhí foilsithe ag an eagraíocht charthanachta Trócaire.

I gcás amháin i Vítneam ghoill truailliú ceimiceach ar 200 oibrí a bhí ag cur sprae ar bhréagáin phlaisteacha. Nuair a d’iarr siad cúiteamh, briseadh as a bpost iad.

Dúirt Quinn go raibh feachtas ar bun ag Trócaire ag an am in aghaidh na monarchan dúshaothair seo. Fuair an feachtas neart poiblíochta sna nuachtáin agus ar na stáisiúin áitiúla raidió. Níor luadh ar RTÉ ar chor ar bith é.

Thug an colúnaí, John Waters, tacaíocht do Bhob Quinn ag an am. Mheabhraigh seisean go raibh cosc sa tSualainn ar fhógraíocht a bheadh dírithe ar pháistí. San Iodáil ní raibh cead aon bhriseadh fógraíochta a bheith i gclár do pháistí. Rialacha den chineál céanna a bheag nó a mhór a bhí sa Danmhairg, san Ostair agus sa mBeilg.

Dá dhonacht dá raibh cúrsaí an t-am sin, is seacht measa anois an tomhaltachas, an nualiobrálachas agus an mé féineachas.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cé mhéad duine a bhíonn ag féachaint ar sheó na mbréagán? (alt 1)
  2. Cén locht atá ag an údar ar sheó bréagán an Late Late Show? (alt 1)
  3. Cén chuimhne thaitneamhach a bhíonn ag go leor daoine óna n-óige? (alt 1)
  4. Luann an t-údar dhá ghrúpa a ndéantar mí-úsáid orthu. Cé hiad? (alt 2)
  5. Cén t-iontas a bhí ar an mbean a tháinig as Sasana chun na tíre seo? Cén fáth? (alt 2)
  6. Cén aidhm a bhíonn ag déantóirí bréagán? (alt 3)
  7. Céard atá i gceist ag an údar le ‘brú ón bpiarghrúpa’? (alt 3)
  8. Cén locht a fuair Bob Quinn ar fhógraíocht na mbréagán ar RTÉ? (alt 4)
  9. An bhfuil an scéal céanna i gceist i dtíortha eile? (alt 5)
  10. Cén fáth a ndeir an t-údar go bhfuil an scéal i bhfad níos measa anois sa tír seo? (alt 5)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna arís agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.

Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:

  • Taifead thú féin ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leat féin.
  • Éist leis an taifeadadh a rinne daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: bígí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairtí ó bhéal leis an duine atá in aice leat.
  • Déan cuid eile acu a chur in abairtí scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

  1. Aimsigh breischéim aidiachta sa chéad alt.
  2. Aimsigh briathar san aimsir láithreach sa chéad alt.
  3. Aimsigh comhfhocal in alt 3.
  4. Aimsigh aidiacht san uimhir iolra in alt a 5.
  5. Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Bhí an scéal ag dó (an ghearb) aige.

Tá lucht (féachaint) ollmhór ag an gclár.

Bhí sé ag cáineadh (an fhógraíocht).

Ar pholasaí fógraíochta (an stáisiún) a chuir sé an milleán.

Ní ceadmhach fógraí a chraoladh i rith (an clár).

Gníomhaíocht a 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

  • An aontófá féin leis an údar faoi Late Late Show na mbréagán? Mínigh do dhearcadh féin.
  • An bhféadfá na nathanna seo a úsáid  in abairtí de do chuid féin – ag dó na geirbe, mí-eiticiúil, tromlach na ndaoine, bocht is nocht, tríd is tríd.
  • Déan aon fhocal nó nath nua a chuardach ar www.teanglann.ie nó www. foclóir.ie
  • Nodanna/feidhmeanna teanga: tuairimí a chur in iúl, aontú/easaontú le duine, seasamh a ghlacadh.
  • Féadfaidh tú thú féin agus an duine atá in aice leat a thaifeadadh agus sibh ag cur argóintí le chéile faoin ábhar seo – fógraíocht agus páistí.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Mí-úsáid ar leanaí is ea an fhógraíocht'