LÉAMHTHUISCINT: Is áit é saol ilghnéitheach na Gaeilge ina bhfuil fáilte roimh chách

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Is áit é saol ilghnéitheach na Gaeilge ina bhfuil fáilte roimh chách

Tá éacht nach beag déanta ag Eoin Mc Evoy a chuir an t-amhrán Seo Mo Spás os comhair an tsaoil Ghaelaigh is an domhain mhóir le déanaí.  Déanta na fírinne, tá an sár-rap Gaelach ag teacht idir mé agus cúraimí tí le roinnt seachtainí anuas.  Tá an rap seo tógálach agus ní mholfainn daoibh éisteacht leis inniu mura mbeidh deis agaibh codladh go headra amárach – is maith an aire an fhógairt.

Ó fhíorthús an amhráin, tugann Mc Evoy le fios le teann teanntáis go mbraitheann sé ‘sa mbaile’ i gcomhphobal na Gaeilge. “Dia duit, Seo Mo Spás, Dia duit, Seo Mo Spás, Níl mé ag gabháil aon áit.”

Cuireann Mc Evoy colláis d’íomhánna beoga ildaite os ár gcomhair ó thús deireadh an amhráin.  Meascán mearaí de phobail éagsúla is ea pobal na Gaeilge dar leis –  ó leanbh go liath, idir bhaineann is fhireann, ilinscneach is aerach, muintir na Gaeltachta is na gcathracha, daoine mór le rá is gnáthdhaoine.  Níorbh fhéidir leis an bhfile gach uile dhuine de laochra ár dteanga a chur san áireamh in Seo Mo Spás  cheal ama ach, léiríonn sé, gan scáth amhrais, go bhfuil corcán nua-aimseartha na nGael ag cur thar maoil le hilghnéitheacht, fuinneamh agus spiorad gan srian.  Is áit é ‘spás na Gaeilge’ ina bhfuil fáilte roimh chách.

Cuirtear deireadh leis an amhrán sa tslí thraidisiúnta – mar a cuireadh tús leis: “Dia duit, Seo Mo Spás, Dia duit, Seo Mo Spás, Níl mé ag gabháil aon áit”. Feictear Breanndán Ó Beaglaoich ag seasamh a fhóid, tráthnóna gréine i mBaile na bPoc, ag éileamh seilbh ar a áit is a spás dúchais féin.  Treise le Breanndán agus le gach uile dhuine a sheas an fód Fódlach Gaelach gan fuacht ná faitíos.

Forógra is ea Seo Mo Spás a chuir forógra Sheáin Uí Ríordáin in Fill Arís i gcuimhne dom láithreach bonn.  Murab ionann is Ó Ríordáin a shamhlaíonn go dtiocfaidh sé ar ‘an mise ceart’ thiar i nDún Chaoin mar a bhfuil “an tuiseal gairmeach ar bhéalaibh daoine”, tá an ‘mise ceart’ aimsithe cheana ag Mc Evoy i saol na Gaeilge. Ach is í an ghairm aerach –  an ‘Queercall’ –  is cúis lena chompordaí is atá Mc Evoy sa spás seo.

D’airigh Seán Ó Ríordáin go raibh sé idir dhá theanga agus tháinig sé crua air a bheith muiníneach teanntásach as an nGaeilge.  Ní fheicimid rian ar bith de shiondróm an phasadóra in Seo Mo Spás.  Léiríonn an úinéireacht mhuiníneach seo ar an nGaeilge, ní hamháin a chompordaí is atá Mc Evoy i saol na Gaeilge ach a fháiltí is a ilghnéithí is atá na pobail Ghaeilge a mheall ann é, a spreag é agus a thug bheith istigh dó.  Rap buíochais do bhaill na bpobal sin atá á chanadh aige.

Ach, is iomaí duine nach bhfuil sásta dul siar nó nach n-aithníonn an riachtanas úd.  ‘I won’t go back to it,’ a fhógraíonn Eavan Boland go fórsúil sa dán Mise Éire agus í ag diúltú glan d’fhís an Phiarsaigh a rinne rómánsú ar Éirinn anallód.  Aithníonn Ailbhe Ní Ghearbhuigh nach gá do gach duine filleadh ar an nGaeltacht le bheith ‘sa mbaile’ ná le faoiseamh a fháil. I Filleadh ar an gCathair, filleann Ní Ghearbhuigh ar locus eile na cathrach mar a ‘[b]Preabann an Aimsir Láithreach/ gan aire ó gach balla…”  Tugtar faoiseamh dúinne, na léitheoirí, chomh maith, nuair a tharrtháiltear sinn ón aimsir chaite faoi dheireadh is faoi dheoidh.

Glacann Eoin Mc Evoy céim eile fós chun cinn in Seo Mo Spás.  Níl trácht ar bith ar an bhfilleadh, ar an dul siar ina phort siúd.  Nuaphort a sheinneann sé faoi sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin: ‘Leanaí  á labhairt lena máithreachaí’ agus an Ghaeilge “beo i mbéal an phobail’ agus í á húsáid in iliomad réimsí lasmuigh den chóras oideachais: ‘Ag na Gaeil Óga ag gabháil ó Phoc go Poc’.  Níl aon chall do Mc Evoy ‘filleadh’ ó tá sé de mhianach sa Ghaeilge dul i ngleic le gach uile ghné den saol nua-aimseartha anseo, anois.

B’éigean don Ríordánach turas deacair fada a dhéanamh siar chun na Gaeltachta le teacht ar a ‘chló ceart’ ach tá Mc Evoy leaindeáilte ag ceann cúrsa. Is an-oiriúnach an rogha fuaimrian comhaimseartha ‘Bitch Boss’ chun teachtaireacht Seo Mo Spás a iompar.  Thugamar dúshlán bhréaga na staire a d’inis dúinn gur “bhitseach mharbh” í ár dteanga ó 1601 i leith ach féach anois muid!  Sheasamar an fód mar a rinne Breanndán Ó Beaglaoich agus laochra Gael eile mar é, mar a rinne ‘X-men’ ár gcomhphobail fhuinniúil, lena n-áirítear daoine a bhfuil aithne mhór orthu agus gnáthdhaoine amhail mé féin is tú féin.  Sheasamar cos i dtaca le chéile is tá an dá chois faoinár dteanga anois agus deis rince aici.

Ach ní haon aisling é Seo Mo Spás.  Baineann sé leis an bhfíorshaol Gaelach san am i láthair.  Tá an teanga bheo ag ráthaíocht i dtoibreacha na Gaeltachta, i mbáidíní na nGaelscoileanna, sna naíonraí, sna líonraí, sna bailte seirbhíse, ag féilte na nGael, ar an aer, ar an scáileán agus sa néal-Ghaeltacht.

Is mór an dul chun cinn atá déanta ag an nGaeilge ón uair a scríobh Ó Ríordáin Fill Arís.  Is iomaí cath a troideadh ó troideadh Cath Chionn tSáile.  Is iomaí duine a sheas an fód is táimid buíoch díbh uile.

B’fhéidir gurb é an rud is fearr ar fad faoi Seo Mo Spás nach mbaineann gné theagascach ná treorach lena theachtaireacht.  Insint bhródúil agus ceiliúradh croíúil ar shaol ilghnéitheach na Gaeilge atá ann.

Agus sinn ar thairseach na hathbhliana, déanaimis rince in éineacht le Mc Evoy a chinn gan an seanphort céanna a chasadh arís.  Rincimis le nuaphort na nGael, port nach n-éalóidh uainn go ceann i bhfad.  

Gníomhaíocht 1: Triail  Léamhthuisceana

  1. Cén cineál ceoil atá san amhrán Seo mo Spás? 
  2. Cén fáth go molann an t-údar dúinn gan éisteacht leis am codlata?
  3. Cén ‘spás’ a bhfuil Eoin Mc Evoy ag caint faoi mar áit a bhfuil sé ar a chompord ann?
  4. Luaigh 3 shampla den ilghnéitheacht a bhaineann le saol na nGael sa lá inniu, dar leis an gceoltóir.
  5. Sa dán Fill Arís ba é Dún Chaoin Útóipe an fhile as Corcaigh, Seán Ó Ríordáin mar go raibh dea-Ghaeilge le fáil thiar ann. Cén difríocht a fheiceann an t-údar idir an dearcadh sin agus dearcadh Mc Evoy sa lá inniu?  Céard a cheapfá féin?
  6. Deir an t-údar gur faoiseamh di “nuair a tharrtháiltear sinn ón aimsir chaite”. Mínigh céard a cheapann tusa atá i gceist aici féin agus ag Eavan Boland.
  7. Roghnaigh íomhá amháin as an “nuaphort a sheinneann” Mc Evoy agus abair cén fáth a dtaitníonn nó nach dtaitníonn sé leat.
  8. Luaitear san alt go raibh Breanndán Ó Beaglaoich “ag seasamh a fhóid”. Céard atá i gceist ag an údar? Fiosraigh bun is údar an scéil.  An aontófá féin leis?
  9. Is maith leis an údar nach bhfuil “gné theagascach ná treorach” le teachtaireacht an amhráin. Céard atá i gceist aici leis sin? An cuimhin leat féin aon amhrán atá teagascach?
  10. An bhfuil aon amhrán Gaeilge ar eolas agatsa a thaitníonn go mór leat? Mínigh cén fáth a dtaitníonn sé leat. Mura bhfuil aon amhrán Gaeilge ar eolas agat, éist le Seo mo Spás agus déan léirmheas air.

Gníomhaíocht 2: Nathanna le cur i d’abairtí féin

déanta na fírinne
codladh go headra
meascán mearaí
láithreach bonn
gan fuacht ná faitíos
ag cur thar maoil
bheith istigh a thabhair do dhuine
ag seasamh an fhóid

Gníomhaíocht 3: Cúinne na Gramadaí

  • Faigh sampla den aidiacht bhriathartha sa chéad abairt.
  • Aimsigh sampla den bhriathar saor san aimsir láithreach sa téacs.
  • An bhfuil aon sampla den ainm briathartha sa téacs?
  • Faigh sampla den bhriathar saor aimsir chaite sna alt. 
  • Sracfhéachaint ar an Tuiseal Ginideach:

Taitníonn stíl (an t-amhrán) go mór léi.

Bród (na Gaeil óga) as a dteanga is aoibhinn léi.

Bunús (an aisling) gur linn féin ar fad an Ghaeilge.

Ag tús (an athbhliain) is údar misnigh an t-amhrán.

Níl aon mhaoithneachas i ndiaidh (an aimsir chaite) san amhrán.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Is áit é saol ilghnéitheach na Gaeilge ina bhfuil fáilte roimh chách'