LÉAMHTHUISCINT: Faoiseamh agus saoirse sa snámh

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Faoiseamh agus saoirse sa snámh

‘Tá mo bhríste snámha orm,’ a dúirt mo dheartháir óg Brasaíleach.

Chuir mé mo cheann féin orm, cé go raibh amhras orm faoin bhfiontar.

Amach linn ar ár gcuid rothar. Agus is ea go deimhin, cé a bhí romhainn ag an trá ach oifigigh de chuid an guarda municipal, póilíní chomhairle na cathrach, iad ina seasamh ag barr na staighre síos go dtí an trá, a gcosa scartha, béil a gcuid fomheaisínghunnaí dírithe ar an gcosán.

Praia da Paciência a thugtar ar an trá áirithe seo i gcathair Salvador, mar a bhfuil cónaí orainn, ‘Trá na Foighne’. Ach tá foighne mo dhearthár óig agus go deimhin m’fhoighne féin leis na beartais a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn srian a choinneáil leis an gcoróinvíreas beagnach ídithe, go háirithe ós rud é nach léir mórán céille a bheith leo a thuilleadh. Cén fáth go bhfuil na hionaid siopadóireachta ar oscailt arís ach na tránna fós dúnta? Ar ndóigh ní amadáin muid agus tuigimid cén fáth; ní dhéantar airgead mór ar na tránna mar a dhéantar sna hionaid siopadóireachta. Choinnigh muid orainn.

Stop muid i gceantar Barra, ag deireadh bhóithrín cósta a shíneann thar dhún a thóg na Portaingéalaigh i dtús an 17ú haois. Áit dhiamhrair í seo óna bhfuil radharc aoibhinn ar Chuan na Naomh Uile. Mura mbreathnófá ar dheis, áit a bhfuil túir spéire na cathrach le feiceáil, shílfeá gur ar oileán tréigthe a bheifeá. Bhuel, tréigthe – bíonn ioguánaí móra glasa agus éiníní trópaiceacha ar gach uile dhath ag imeacht leo i nduilliúr na gcrann almóinní agus sa bhambú. Agus thíos fúinn, ar charraig mhór dhonnrua, bhí iascairí ag slatiascaireacht… agus ag snámh.

Ceann de na lúba ar lár sna beartais a cuireadh i bhfeidhm i gcathair Salvador d’fhonn srian a choinneáil leis an gcoróinvíreas ná go bhfuil eisceacht i riail na dtránna do na hiascairí. I rith na paindéime go léir, bhí cead acu a gceird a chleachtadh.

Síos linn an staighre caol fada go dtí an charraig. Ní muid an t-aon bheirt a bhí ag ligean orainn féin gur iascairí muid, de réir cosúlachta. Bhí triúr ógánach ar léir ar an gcéad amharc nárbh iascairí iad san uisce cheana féin. Dúirt na fíoriascairí ar leo an charraig go raibh fáilte romhainn chomh fada is a thógfaimis aon bhruscar abhaile linn, agus léim muid isteach.

Ní raibh cónaí orm níos mó ná ceithre chiliméadar ón bhfarraige riamh i mo shaol, agus meabhraíodh dom arís eile cén fáth. De réir na nGael, ba é Manannán dia na farraige agus de réir na nGréagach, ba é Poseidon. Ach anseo i gcathair Salvador is í an bandia Afra-Bhrasaíleach Iemanjá atá i gceannas ar shaol eile na mara, agus thug sí barróg dom féin agus do mo dheartháir óg Brasaíleach a bhí ag teastáil go géar. Seacht mí gan snámh!

Agus muid ag spraoi idir na báidíní beaga adhmaid agus ag breathnú ar an ngrian ag dul faoi taobh thiar de na scamaill os cionn oileán Itaparica, ar an taobh eile den chuan, rinne muid dearmad ar feadh tamaill ar an gcoróinvíreas agus gach a mbaineann leis.

Ní féidir leis an duine eitilt, ach ar a laghad tá sé in ann snámh. Ach saol eile atá sa snámh nach bhfuil éagosúil leis an suan. Bíonn sé i gcinniúint an té a bhíos ag brionglóideach dúiseacht, agus mura dteastaíonn uaidh an tsíoraíocht a chaitheamh i gcuideachta dhéithe na mara bíonn ar an snámhaí aghaidh a thabhairt, am éigin, ar thalamh tirim.

Ceisteanna léamhthuisceana:

  1. An mbeifeá beagán neirbhíseach dá gcasfá féin ar an ‘guarda municipal’? Cén fáth?
  2. Tá an bheirt chairde seo tinn tuirseach de rud éigin. Céard atá ag cur as dóibh?
  3. Tá an t-údar beagán searbhasach faoi rialacha agus polasaí an rialtais? Conas a chuireann sé é sin in iúl dúinn?
  4. Cén sórt áit é Barra?
  5. Is beag riail nach mbíonn bealach glic lena seachaint. Conas a d’éirigh leo dul ag snámh agus na tránna dúnta?
  6. ‘Rinne muid dearmad ar feadh tamaill ar an gcoróinvíreas.’ Conas a d’éirigh leo sin a dhéanamh?
  7. Creideann an t-údar go bhfuil leigheas agus suaimhneas le fáil ón bhfarraige? Conas a chuidíonn sí lena spiorad?
  8. Cén chosúlacht a fheiceann an t-údar idir an snámh agus an codladh? An dóigh leat gur maith an tsamhail é? Mínigh do fhreagra.
  9. Chuir na srianta atá i bhfeidhm sa tír seo ó mhí an Mhárta isteach go mór ar dhaoine. Cén rud is mó a chuir as duit féin agus conas a fuair tú faoiseamh ón mbrú sin?
  10. Mínigh in abairtí: lúb ar lár, diamhair, barróg, cinniúint.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Faoiseamh agus saoirse sa snámh'