LÉAMHTHUISCINT: Díospóireacht phataur, shuarach, aineolach eile faoin nGaeilge

Léamhthuiscint 08 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Díospóireacht phataur, shuarach, aineolach eile faoin nGaeilge
  1. Is iarTheachta Dála agus iar-aire rialtais tú atá anois i do láithreoir ar chlár cúrsaí reatha mór le rá. Tugann tú meitheal chun an stiúideo le dreas cainte a dhéanamh faoi ábhar tromchúiseach. Tosaíonn tú an t-allagar trí thagairt do bheirt de do chuid aíonna mar ‘cultural terrorists’ agus ‘zealots’. Sin mar a chuir Ivan Yates tús leis an ‘díospóireacht’ faoin nGaeilge ar The Tonight Show ar TV3 aréir. Chonaic mé cheana thú, mar a dúirt an cat leis an mbainne te.
  2. Níos faide anonn sa díospóireacht, más féidir sin a thabhairt ar an rámhaillí a bhí ar bun ag cuid acu, dhein Yates comparáid idir an cosc ar ghinmhilleadh agus éigeantacht na Gaeilge sa chóras oideachais. Bíodh a rogha féin ag cách, ar sé, ach ná brúigh aon rud ar aon duine. Lena cheart a thabhairt dó maidir leis an ráiteas sin ní dóigh liom gur thuig sé féin cad go díreach a bhí i gceist aige. Pé acu scéal é, bhí pé rud a bhí sé ag iarraidh a rá míchuí agus áiféiseach.
  3. Ansin chuir Niall Boylan ó 4fm a mhaide san fheamainn. Bhí sé cráite mar go raibh Bláthnaid Ní Chofaigh agus Pearse Doherty ag labhairt as Gaeilge le chéile roimh an gclár. Go bhfóire Dia ar an bhfear bocht seo dá mbeadh air oibriú thar lear nó dá gcuirfí ar a shúile dó go bhfuil tuairim is 60% de phobal an domhain dátheangach nó ilteangach. Chun an tarcaisne a chur i gceann na héagóra, d’admhaigh sé nach mbeadh aon chantal air dá mba Fhrancaigh a bhí ag comhrá ina dteanga dhúchais iad, mar murab ionann agus fear nó bean na Gaeilge, ráineodh nach mbeadh Béarla ag an bhFrancach. 
  4. An rud is mó a bhí ag cur tinnis orthu ná ‘éigeantacht’ na Gaeilge. Seanscéal agus meirg air. Ní raibh aon fhadhb acu le héigeantacht an Bhéarla agus an Mhata, gan amhras. Bhí alltacht ar Yates faoin ‘éigeantacht’ agus ‘go mbíonn ar dhaoine rudaí a dhéanamh nach dteastaíonn uathu a dhéanamh’. Rud nár rith leis ná gurbh é sin an dualgas a bhí air sna blianta a chaith sé mar Theachta Dála agus Aire Rialtais. ’Sé sin dlíthe, polasaithe, rialacha agus rialacháin a cheapadh sa Dáil agus ina roinn a shocraigh go raibh nithe áirithe ‘éigeantach’, ceadaithe nó coiscthe. Bíonn ar dhuine rudaí a dhéanamh nach dteastaíonn uaidh a dhéanamh i ngach cuid den saol.  Tá difríocht idir polasaí agus tíorántacht. Tuigeann sé é sin go maith agus cur i gcéill a bhí san uafás a bhí air.
  5. Ní raibh aon teora leis an tseafóid: ní chuirtear brú ar mhuintir na hAstráile teanga na mbundúchasach a fhoghlaim, dar le Boylan agus thosaigh Yates ag maíomh go bhfágann an dream óg Gaeltacht Dhún na nGall mar go bhfuil seans níos fearr acu post a fháil trí Bhéarla.  Sea, ní thuigim an ceann sin ach an oiread. Ach nár dhóigh leat go mbeadh cur amach níos fearr ag Yates ar dhúshláin mhuintir na tuaithe óir go raibh sé ina aire talmhaíochta sna nóchaidí?
  6. Gan amhras luadar a dtaithí féin ar scoil, ach i gcead do Yates agus Boylan ní inniu ná inné a chuireadar peann cleite san adharc dhúigh. Ar a laghad deineadh Dlí Godwin na Gaeilge a sheachaint aréir; ’sé sin go mbíonn tagairt do Pheig Sayers in aon díospóireacht faoin nGaeilge. Bhí trua agam do Bhláthnaid Ní Chofaigh agus Pearse Doherty; bhíodar ag taoscadh na farraige le píce trí mbeann. Cad is féidir a dhéanamh nuair a shíleann fear na buile gurb é féin fear na céille? Labhair Diarmaid Ferriter go stuama; ‘complete and utter nonsense’ a thug sé ar thagairtí Yates don ghinmhilleadh. Mar sin féin déanaim amach go raibh aithreachas air nár bhailigh sé leis roimh an mbriseadh leis na haíonna eile sular thosaigh an seó bóthair.
  7. Ar shlí an t-iontas is mó atá orm faoin rud ar fad ná go bhfuil iontas orainn in aon chor. Ní cheart go mbainfeadh ‘díospóireacht’ phatuar, shuarach, aineolach mar seo geit asainn. Nach shin a bhímid i dtaobh leis gach uair a bhíonn an Ghaeilge idir chamáin? Ba ríléir aréir nach raibh aon chur amach ródhomhain ag Yates ar an ábhar agus gurbh é sin ba chúis cuid mhaith leis na bromanna intinne ar fad. Lena chois sin, ní raibh aon saineolas nó léargas stuifiúil ag baint le caint Boylan, a thagair go minic don 12,000 Gaeilgeoir a mhaíonn, dar leis, nach bhfuil aon fhocal Béarla acu, pé áit a bhfuair sé an figiúr diamhair sin. Bhíodar beirt ag brath ar a ndearcthaí cúnga i leith na Gaeilge atá bunaithe ar thaithí chúng is scéalta pearsanta. Is amhlaidh a bhíonn i gcónaí ó thaobh na Gaeilge. An bhfuil aon toise eile den dioscúrsa poiblí atá chomh bocht tanaí sin? Gan amhras tá an-seans ann go bhfuilid ag magadh chugainn go cliste; ’sé sin líonann truflais den sórt sin bearnaí go héasca agus éiríonn léi ‘Gwaelgoiri’ agus lucht cáinte na teanga a spreagadh chun giolcaireachta.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

Déan na ceisteanna seo leat féin agus déan do chuid freagraí a roinnt le do pháirtí.

  1. Cén fáth a luaitear ‘cultural terrorists’ agus ‘zealots’ in alt 1?
  2. Cén chomparáid a rinne Ivan Yates? (alt 2)
  3. Cad a cheapann an t-údar don chomparáid seo?
  4. Céard a chuir as do Niall Boylan roimh thús an chláir? (alt 3)
  5. Céard dó a thagraíonn an figiúr 60%? (alt 3)
  6. Cad é an rud ‘nár rith’ le Ivan Yates, dar leis an údar? (alt 4)
  7. Cén fáth, dar le Yates, a bhfágann daoine óga Dún na nGall? (alt 5)
  8. Cén fáth nach bhfuil taithí scoile Yates agus Boylan ábhartha, dar leis an údar? (alt 6)
  9. Cad dó a thagraíonn an figiúr 12,000? (alt 7)

Gníomhaíocht 2 – Ceisteanna Léirthuisceana agus Tuairimíochta:

Déan na ceisteanna seo le do pháirtí agus déan na freagraí a roinnt le beirt eile.

  1. Cad is brí leis an nath cainte ag deireadh alt 1?
  2. Céard a cheapann tú den tús? Céard atá an scríbhneoir ag iarraidh a dhéanamh san alt sin, meas tú?
  3. Cén seánra scríbhneoireachta atá anseo? Cuir cúiseanna le do fhreagra.
  4. Céard a cheap an t-údar den chlár seo?

Gníomhaíocht 3 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Úsáid an uirlis fuaime ar teanglann.ie le cabhrú libh leis an bhfoghraíocht.

Gníomhaíocht 4 – deis taifeadta:

  • Tá teacht ar uirlis taifeadta ar bharr an leathanaigh ar chlé.
  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 5 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 6 –  Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.
  • Aimsigh sampla do chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar an aidiacht:
    • Bhí díospóireacht (teasaí) ar an teilifís aréir.
    • ’Sí Máire an duine is (ionraic) a casadh orm riamh.
    • Tá cait (móra) amuigh sa ghairdín.
    • Téann na daoine (saibhir) ar fad chuig an mbialann sin.
    • Is cailín (cróga) í.

Gníomhaíocht 7 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoin ábhar thíos:

Ar cheart go mbeadh an Ghaeilge in hábhar roghnach don Ardteist?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna:
    • buntáistí/míbhuntáistí
    • cad a tharlódh dá mbeadh an Ghaeilge ina hábhar roghnach?
    • cad deir do chairde?
    • cuir tuairimí in iúl
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Díospóireacht phataur, shuarach, aineolach eile faoin nGaeilge'

  • Ciarán Ó Fátharta

    Cén fáth go gcuireann caint aineolach Ivan Yeats iontas ar aon duine, seo fear a bhí ina Theachta Dála agus a ghlac le pa oll mhór ar feadh tamall fada mar gheall go throid daoine cróga ar son ár dTíre, ar gcultúr agus ár dteanga. Throid siadsan mar go chreid siadsan, d’íoc go leor acu go daor as bhí cuid acu ar éirigh leo ach idir eathar bhí fís acu don tír, don chultúr agus thar aon ní eile don teanga. Gaeilgeoirí a bhí i gcuid mhaith acu agus an dream acu nach raibh an Ghaeilge acu bhí ard mheas acu ar an teanga. Thug siad saoirse agus deis do chlabairí ar nós Ivan Yeats a bheith ina Theachta Dála. Dhá mbeadh muid ag brath ar leithéid Ivan Yeats le saoirse a bhaint amach bheadh fanacht fada orainn. Ni mórán meas a bhí ag na Sasanaigh ar ár gcultúr na ár dteanga ach ní raibh siad tada níos measa na Ivan Yeats na leibidí suarach mar é.