LÉAMHTHUISCINT: Costas na Dianghlasála

Léamhthuiscint – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

LÉAMHTHUISCINT: Costas na Dianghlasála

Níl taibhse ar bith is measa ná taibhse an dá chos, a deir an seanfhocal. Ach taibhse gan cos ná lámh a bhí ag faire orainn faoi Shamhain i mbliana is gan aon éalú uaidh ach fanacht istigh, na lámha a níochán is an masc a chaitheamh má chuireann tú cos taobh amuigh den doras.

Admhaím gur bhuail taom éadóchais mé nuair a fógraíodh go raibh muid ag imeacht go Leibhéal a Cúig. Tá a fhios agam go raibh leideanna, nodanna is tuairimí thall is abhus, uimhreacha ag ardú agus eile, ach shíl mé go mb’fhéidir go n-éireodh linn ag leibhéal a trí.

Is é lomlár na fírinne nach é an oiread sin difríochta ó thaobh an tsaoil ó lá go lá a dhéanfaidh sé dúinne sa teach agus na srianta á bhfáisceadh anois go ceann sé seachtaine. Ó tháinig an t-athrú ar an saol i mí an Mhárta tá cúngú mór déanta againn ar ghnáthimeachtaí an tsaoil mar atá déanta ag an tír uilig agus ag cuid mhaith tíortha eile.

Tá an chuma air go bhfuil an tsaoirse bheag a ghnóthaigh muid ar ais i ndiaidh na dianghlasála san earrach ligthe le sruth. Ba chomhartha é an géilleadh don dianghlasáil Dé Luain nach bhféadfaí an fhírinne a shéanadh, tá an taoille casta inár gcoinne arís.

Is cinnte nach n-aontaíonn chuile dhuine leis an dianghlasáil ach is beag againn ar mhaith linn daoine nach bhfuil i dtogha na sláinte a chur i mbaol a mbáis dá dtolgfaidís an coróinvíreas seo uainne. Ar scáth a chéile…

Níl aon amhras orainn an uair seo céard a chiallaíonn an dianghlasáil do ghnóthaí, do phostanna agus d’ioncam agus na doirse á ndúnadh arís.  Is iomaí áit nach n-osclóidh na doirse arís nuair a bheidh na sé seachtaine thuas mar go mbeidh an gnó curtha dá bhoinn.

Is iomaí post a imeoidh is nach dtiocfaidh ar ais agus is iomaí duine a bheidh i mbaol ón mbanc nó ón tiarna talún as seo go deireadh na bliana de bharr na dianghlasála. Deirtear gur fearr an sláinte ná an táinte, ach is fearr arís é má tá ruainne de chaon cheann agat.

Léiríonn staidéar cuimsitheach a rinneadh san Iodáil go bhfuil impleachtaí tromchúiseacha don mheabhairshláinte ag an dianghlasáil mar mhodh le scaipeadh an Covid-19 a smachtú.

Cé gur éirigh leis an gcéad dianghlasáil a cuireadh i bhfeidhm san Iodáil scaipeadh an ghalair a laghdú, chuir sé brú sa mbreis ar ghrúpaí leochaileacha sa tsochaí. Bhí fostaithe áirithe a thuill a bpá agus iad ag obair ón mbaile ach sin rogha nach mbíonn ag formhór na n-oibrithe.

Ní féidir cúram a dhéanamh d’othar ó do theach féin, ní féidir teach a thógáil ar an ríomhaire agus níl de rogha ag oibrithe déantúsaíochta ach dul isteach sa mhonarcha.

Ar na grúpaí leochaileacha a luadh i dtaighde na hIodáile, tá daoine a bhfuil an bhochtaineacht ag luí go trom orthu, daoine gan dídean, oibrithe imirceacha, agus daoine a bhfuil neamhord meabhairshláinte ag dul dóibh cheana féin.

Anseo in Éirinn, thug an eagraíocht Women’s Aid le fios i mí Lúnasa gur tháinig méadú 43% ar líon na nglaonna a fuair siad i mbliana ó mhná a bhí ag fulaingt ón bhforéigean sa mbaile.

Titeann ualach na dianghlasála níos troime ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste cheana féin agus cuirtear lena gcuid fadhbanna de bharr an damáiste atá á dhéanamh do sheirbhísí agus do shlite beatha.

Glacfaidh muid leis an dianghlasáil seo, caithfear glacadh léi agus b’fhéidir go ndéanfadh sí an beart an uair seo. Ach an féidir linn glacadh leis an dianghlasáil mar chur chuige fadtéarmach in aghaidh an ghalair chealgaigh seo? Tá costas na dianghlasála ró-ard d’fhormhór an phobail agus má leantar leis mar réiteach, tá an baol ann gur measa an leigheas ná an galar féin.

Caithfear na daoine is measa atá buailte ag na srianta a chosaint agus cúram speisialta a chur ar fáil dóibh nó beidh iarmhairtí na faillí le haithint ar feadh i bhfad.

Ceisteanna Léamhthuisceana:

  1. Cén taibhse a bhí ag cur faitíos ar an údar faoi Shamhain?
  2. Cén fáth gur beag difríocht a dhéanann leibhéal 5 don údar ina teach féin?
  3. Fiú na daoine sin nach n-aontaíonn le cur chuige an Rialtais cloífidh siad leis na rialacha, a mhaítéar san alt. Cén fáth?
  4. Cuireann an dianghlasáil isteach ar an meabhairshláinte. Cad a léirigh taighde san Iodáil faoi sin?
  5. Luaigh dhá dhream a gcuireann an dianghlasáil isteach go mór orthu. Mínigh cén fáth.
  6. Anseo in Éirinn bhí éileamh níos mó ar sheirbhísí Women’s Aid? Cén fáth a gceapann tusa go raibh an foréigean sa bhaile níos measa le linn na dianghlasála?
  7. Scaipeann an coróinvíreas ó dhuine go duine agus moltar an scaradh sóisialta mar chosaint. Cén dream is mó a gcuireann an scaradh sóisialta agus an cosc ar chuairteoirí isteach orthu, dar leat féin?
  8. An dóigh leat go raibh daoine míchúramach sa samhradh nuair a scaoileadh an dianghlasáil agus gurbh é sin ba chúis le scaipeadh an víris arís? An raibh tú féin cúramach?
  9. Agus an coróinvíreas fós i réim, cén chomhairle a thabharfá do dhuine óg a bhfuil strus, uaigneas nó imní ag cur as dó?
  10. Mínigh in abairtí: taom, géilleadh, táin, leochaileach, faoi mhíbhuntáiste, dídean.

Fág freagra ar 'LÉAMHTHUISCINT: Costas na Dianghlasála'

  • Aidrián de Rís

    1. An coróinvíreas.
    2. Bhí athrú mór déanta cheana féin.
    3. Níor mhaith leo daoine eile a chur i mbaol a mbáis.
    4.Chuir an dianghlasáil brú sa mbreis orthu.
    5. Daoine bochta: Níl spás go leor sa teach acu. Daoine gan dídean: ní féidir leo fanacht istigh agus a gcuid lámha a níochán.
    6. Tá brú sa mbreis ar na teaghlaigh agus de bhrí sin bíonn cuid de na fir céile ag bualadh a mban chéile.
    7. Úinéirí siopaí, teach tábhairne agus mar sin de.
    8. Is dóigh liom ach bhí mise cúramach.
    9. Tá sé tábhachtach labhairt le daoine eile agus fadhbanna a roinnt.
    10. Thug an taom seo leis é.
    Deireann an Lucht Oráiste Ultach nach mbeidh siad ag géilleadh go brá.
    Is é ‘Táin Bó Cuailgne’ an scéal Gaeilge is fearr.
    Sa mBreatain Bheag caithfidh na páistí leochaileacha dul ar scoil.
    Tá daoine go leor faoi míbhuntáiste in ár sochaí.
    Is trua an rud é go bhfuil bacaigh gan dídean i gcónaí.