Léamhthuiscint 14 – An t-ádh dearg orainn go bhfuil Uachtarán againn a bhfuil meas againn air (Cartlann 2016)

Léamhthuiscint 14 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Michael D

1) Samhlaigh slua mór tagtha le chéile, in áit ar bith sa tír.  Iarrtar ciúnas, agus deirtear:

“A dhaoine uaisle, cuirigí fáilte roimh An Taoiseach Enda Kenny…

Nó…An tAire Comhshaoil Alan Kelly…

Nó… Ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin…

Nó… Uachtarán Shinn Féin Gerry Adams…

Nó…

Ar ndóigh, bíonn Éireannaigh béasach de ghnáth, fiú má iarrtar orthu fáilte a chur roimh dhaoine nach bhfuil aon mheas acu orthu. Mar sin féin, is ar éigean a chuirfeadh mórán léitheoirí in aghaidh an bhuille faoi thuairim seo a leanas. Dá mbeadh duine ar bith ón liosta thuas, nó duine dá gcomrádaithe ó pháirtí polaitiúil ar bith, ag dul os comhair gnáthshlua ar bith sa tír (ní áirím a lucht leanúna féin), bí cinnte nach le bualadh bos croíúil ó chách a chuirfí fáilte rompu.

2) Ní hionann cás an Uachtaráin. D’fhreastail an scríbhneoir seo ar dhá ócáid le gairid nuair a fógraíodh go raibh Micheál D Ó hUigínn inár láthair. Ní le seasamh ná le bualadh bos amháin ach le háthas agus le gártha láidre molta a cuireadh fáilte roimhe.

Léirigh an pobal ardmheas arís ar an Uachtarán le linn na searmanas a reáchtáladh  mar chuimhneachán ar Éirí Amach 1916. De réir tuairiscí eile le tamall anuas fáilte chroíúil a cuireadh roimhe in áiteanna ar fud na tíre le déanaí.

3) Is léir don cholúnaí seo dhá chúis le meas seo an phobail ar an Uachtarán.

Ar an gcéad dul síos, is maith lenár bhformhór a chur chuige, a phearsantacht agus a stíl. Gan dabht, bíonn a óráidíocht rófhoclach agus róchasta uaireanta. Ach bíonn spreagadh, gríosú agus ábhar fiúntach machnaimh ina chuid cainte freisin, mar a bhí sna hóráidí go léir a thug sé le linn na searmanas cuimhneacháin.

4) Nuair a labhair sé Dé hAoine seo caite le slógadh de ghaolta na ndaoine a maraíodh le linn an Éirí Amach, bhí gríosú láidir do gach saoránach in aon abairt amháin:

“Inniu, tá sé de dhualgas orainn ar fad Poblacht a shamhlú agus a chruthú as a mbeadh na bunaitheoirí bródúil.”

Tá cúis eile, sílim, lenár meas ar an gceann stáit. Spreagann a theacht agus a bhriathra meas ní hamháin air féin, ach ar ár dtír agus ar ár leas coitinn. Tá ár gcion air ag dul i dtreise, ní in ainneoin drochmheas a bheith ag daoine ar pholaiteoirí ach mar thoradh ar an drochmheas sin.

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:

  1. Cén fáth, meas tú, a luaitear Enda Kenny, Alan Kelly, Micheál Martin agus Gerry Adams in alt 1?
  2. Cén sórt fáilte a chuirfeadh slua rompu? (alt 1)
  3. Cad deir an t-údar faoi na hÉireannaigh? (alt 1)
  4. Cén sórt fáilte a cuireadh roimh an Uachtarán ag ócáidí le déanaí? (alt 2)
  5. Cad deir na tuairiscí eile? (alt 2)
  6. Luaigh an chéad chúis leis an meas atá ag an bpobal air? (alt 3)
  7. Cad deirtear faoi chaint an Uachtaráin. (alt 2)
  8. Cad dúirt sé Dé hAoine seo caite? (alt 4)
  9. Cén chúis eile a luaitear leis an meas atá ar an Uachtarán? (alt 4)

10) Céard é tuairim an údair i leith an Uachtaráin? (Bíodh an freagra i d’fhocail féin)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:

  • Léigh an chéad alt os ard don duine atá in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta:

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh:

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:

  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  • Aimsigh sampla de bhriathar saor sa mhodh coinníollach in alt 1.
  • Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach iolra in alt 2.
  • Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 4.
  • Sracfhéachaint ar an modh coinníollach:
  • Cad (abair) do mhúinteoir dá (bí + tú) déanach don rang.
  • (Ordaigh) sé bia dá mbeadh ocras air.
  • (Cuir) sí an seó ar ceal dá mbeadh an aimsir go hainnis.
  • Cá (téigh + tú) ar laethanta saoire dá mbeadh an t-airgead agat.
  • Cá (faigh) bronntanas deas sa bhaile seo?

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Céard a cheapann tú féin den Uachtarán?

Céard a cheapann tú den Taoiseach agus den Rialtas?

An bhfuil suim agat sa pholaitíocht?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Cuir tuairimí láidre in iúl, déan argóint, tabhair moladh, déan cáineadh, tabhair comhairle, abair céard a dhéanfá féin.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 14 – An t-ádh dearg orainn go bhfuil Uachtarán againn a bhfuil meas againn air (Cartlann 2016)'