Léamhthuiscint 05 – Spórt na Síne (Cartlann 2017)

Léamhthuiscint 05 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 05 – Spórt na Síne (Cartlann 2017)

Carlos Tevez. Pictiúr: INPHO/Getty Images

1) Bhí an lá ann nuair ba leis na leathanaigh nuachta a bhain na scéalta a thagadh as an tSín. Ansin, agus borradh 10% sa mbliain ag teacht ar eacnamaíocht na tíre ó lár na 1980idí i leith, tosaíodh ag déanamh tagairt don yen ar na leathanaigh gnó chomh minic agus a dhéantar don dollar agus don euro. Le gairid tá scéalta spóirt a bhaineann leis an tír le feiceáil go flúirseach ar na leathanaigh chúil, an ceann is mó acu, gan amhras, conradh imeartha a bheith sínithe ag Carlos Tevez le Shanghai Shenhua a fhágfaidh €715,000 sa tseachtain ina phóca as seo go ceann dhá bhliain.

2) Ach ní scéal an aon duine amháin é seo. Ar nuachtáin na seachtaine seo freisin, chonaic mé gur tugadh 76 capall folaíochta de chuid na tíre seo chun na Síne as Aerfort na Sionainne ag tús na bliana tar éis d’fhear gnó de chuid na tíre sin iad a cheannach. B’in a dhá oiread capall agus a tugadh sall d’aon iarraidh riamh cheana.

Lá arna mhárach chonaic mé gur comhlacht as an tSín a bheidh ag déanamh urraíochta ar Chraobh Oscailte Gailf na Fraince an séasúr seo agus duaischiste €6.5 curtha ar fáil acu – an chéad uair ag comhlacht, Síneach a bheith luaite leis an spórt lasmuigh dá dtír féin.

Go dtí gur tharla seo ar fad, ba iad tíortha Arabacha Mhurascaill na Peirse a bhíodh luaite leis an gcineál sin beartais, ach tá an tSín go láidir anois ag iarraidh go mbeadh sise luaite leis an uile chineál spóirt ag an leibhéal is airde.

3) Féach freisin go bhfuil sé le rá gur chiceáil duine díobh siúd is mó atá ag tacú leis an iarracht seo liathróid i bPáirc an Chrócaigh tráth dá raibh. Nuair a bhí an tUachtarán Xi Jinping sa tír seo bunáite cúig bliana ó shin, cuireadh taispeántais pheile agus iománaíochta ar bun faoina chomhair ansiúd agus sula raibh an lá caite tharraing sé féin ‘bleaist’ ar an O’Neills i lár na páirce, áit ar thug sé cúpla iarraidh don sliotar freisin. Ina Leas-Uachtarán a bhí Xi Jinping ag an am, tá an jab mór anois aige agus é meáite ar chluiche an tsacair go háirithe, ina bhfuil suim faoi leith aige, a chur chun cinn. Is í a aidhm go gcáileodh foireann na Síne do Chraobhacha an Domhain, go bhfaigheadh siad deis iad a eagrú agus go dtiocfadh an lá nuair a bheadh ar a gcumas Corn Jules Rimet a bhuachan.

4) Nuair a chuireann tú san áireamh go bhfuil beagnach 1.4 billiún duine sa tír, déarfá leat féin nach sprioc é atá indéanta agus thuigfeá cén fáth a mbeadh Jinping in éad lena chomharsana sa tSeapáin (127 milliún) a bhí sna ceithre Chorn Domhanda dheireanacha agus an Chóiré Theas (50 milliún) a bhí i gceithre cinn acu sin. Aon uair amháin riamh (2002) a rinne an tSín sin.

Go traidisiúnta bheadh suas le deich gcinn de spóirt a mbeadh níos mó tóir ag pobal na Síne orthu ná a bheadh acu ar an sacar – ar a n-áirítear eitpheil, cispheil, leadóg bhoird, badmantan, lúthchleasaíocht, ealaíona comhraic agus fiú, an baseball. Ach tá an tUachtarán ag dul i gcion ar lucht an rachmais sa gcaoi go dtabharfaidh siadsan tuilleadh tacaíochta do na clubanna sacair atá ag teacht chun cinn ar fud na tíre.

5) Cheana féin tá beagnach €200 milliún infheistithe ag Alibaba Group Holdings, an comhlacht ríomhthráchtála is mó sa tSín, sa bhfoireann Guangzhou Evergrande i ndeisceart na tíre ar agus Luiz Felipe Scolari ceaptha mar bhainisteoir, eisean ar ndóigh a bhí i gceannas fhoireann na Brasaíle nuair a bhuaigh siad Craobh an Domhain in 2002 agus a bhí ina bhainisteoir ar an bPortaingéil agus ar Chelsea sular fhill sé ar an mBrasaíl don Chorn Domhanda seo caite.

Fear eile a bhí ina bhainisteoir ar fhoireann a bhuaigh Corn an Domhain atá i gceannas fhoireann náisiúnta na Síne, Marcello Lippi, an tIodálach a rinne an gaisce lena thír dhúchais in 2006 agus ar ndóigh tá Sven Goran Eriksson ina bhainisteoir ar Shanghai.

Sean-nós ar ndóigh ag imreoirí sacair a bheith ag tabhairt a n-aghaidh i gcéin agus a saol imeartha ag drannadh lena dheireadh, ach den chuid is mó is peileadóirí a bhfuil imirt go leor fós le déanamh acu atá ag tabhairt aghaidh ar an tSín.

Sa mhullach ar a bheith ag déanamh forbartha ar an sraithchomórtas náisiúnta trí leithéidí Tevez, Ramires, Oscar agus John Obi Mikel a mhealladh ann, tá na Sínigh freisin ag iarradh cluiche an tsacair a mhúnlú ón mbun aníos.

6) Tá obair rompu freisin. Cúpla bliain ó shin ní raibh ach 7,000 imreoir faoi 18 bliain cláraithe le Cumann Sacair na Síne, tráth a raibh 300 milliún duine cláraithe leis an gCumann Cispheile.

Dá bharr sin, tá cúrsaí oiliúna sacair á gcur chun cinn sna bunscoileanna anois agus dhá mhilliún duine ag fáil oiliúna ar feadh cúpla uair an chloig sa tseachtain. 20 milliún imreoir faoi cheann deich mbliana an sprioc atá leagtha amach.

Lá is faide anonn a fheicfear cén deireadh a bheas leis an scéal seo, ach ní minic le lucht an airgid a bheith mícheart ina leithéid de chás. Timpeall €6 milliún a íocadh arú anuraidh ar chearta teilifíse Shraith Sacair na Síne. Roimh an Nollaig síníodh conradh a mhairfidh cúig bliana, an babhta seo b’fhiú €6 billiún é!

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén fáth a luaitear Carlos Tevez in alt 1?
  2. Cén áit sna nuachtáin a mbíodh scéalta faoin tSín ós na 1980í  i leith?
  3. Cén fáth a luaitear capaill folaíochta in alt 2?
  4. Céard atá suntasach faoin urraíocht atá déanta ar Chraobh Oscailte Gailf na Fraince?  (alt 2).
  5. Céard a rinne an tUachtarán Xi Jinping nuair a bhí sé i bPáirc an Chrócaigh? (alt 3)
  6. Cén jab a bhí aige an uair úd? (alt 3)
  7. Cén fáth a bhfuil Jinping in éad leis an gCóiré Theas agus an tSeapáin? (alt 4)
  8. Cén fáth a luaitear an baseball in alt 4?
  9. Cad deirtear faoi Alibaba Group Holdings in alt 5?
  10. Dar le halt 6 tá obair mhór le déanamh leis an sacar a chur chun cinn. Cén fáth go ndeirtear sin? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Ná dearmad gur féidir míniú a fháil ar fhocal tríd an gcnaipe ‘FOCLÓIRÍ’ a bhrú ar dtús agus ansin cliceáil ar an bhfocal féin.

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra in alt 1.

Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir chaite in alt 2.

Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 2.

Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.

Súil siar ar an modh coinníollach:

  • (Déan + mé) an obair dá mbeadh an t-am agam.
  • Dhúnfadh sé na fuinneoga dá (deir) leis in am é.
  • (Ghlan + muid) an seomra dá (tabhair + briathar saor) scuab dúinn.
  • (Deisigh + mé) an teilifís dá mbeadh a fhios agam go raibh sé briste.
  • (Feic + sé) mé dá (las + sé) an solas.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Cén t-eolas atá agat faoin tSín?

An raibh tú riamh sa Chianoirthear? 

Ar mhaith leatsa dul go dtí an Cianoirthear?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos agus míniú, cuir tuairimí in iúl, cuir eolas/easpa eolais in iúl.
  • Arís is féidir leat tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 05 – Spórt na Síne (Cartlann 2017)'