
An scaileán beag
-
Dá n-iarrfaí ort duine amháin a ainmniú atá freagrach (nó ciontach?) as ré seo na scáileán beag inár lámha, tá seans maith ann go luafá Steve Jobs, comhbhunaitheoir Apple, an té a stiúraigh an comhlacht sin sa tréimhse thorthúil ó 1997 go 2011. Gan amhras, d’oibrigh na sluaite daoine ar fhorbairt na teicneolaíochta, ach is é Jobs a d’oscail an doras, an lá ar sheas sé ar árdán i 2007 agus chuir an iPhone i láthair den chéad uair. Trí bliana ina dhiaidh sin, chuir sé an iPad os comhair an tsaoil.
-
Agus an iPad ar fáil sna siopaí den chéad uair, fiafraíodh de Jobs cad é an meas a bhí ag a pháistí ar an ngléas nua. “Níl sé feicthe acu,” a d’fhreagair sé. Mhínigh sé go raibh srianta i bhfeidhm aige féin agus ag a bhean, ar úsáid na teicneolaíochta ag a gcuid leanaí. Agus é ag moladh don gcuid eile againn a chuid giúirléidí a cheannach, níor mheas sé go rabhadar oiriúnach dá chlann féin.
-
Maidir liom féin, agus na tuismitheoirí eile lena bhfuil an cheist pléite agam, táimid ar aon intinn gur cóir teorainneacha a bheith ar úsáid na scáileán do pháistí óga. Molann Acadamh Péidiatraice Mheiriceá nach ceart in aon chor scáileáin a thabhairt do leanaí faoi dhá bhliain, agus nach ceart do pháistí níos sine ná an aois sin níos mó ná uair nó dhó in aghaidh an lae a chaitheamh leo. Scáileáin de gach aon tsaghas atá i gceist: teilfíseáin, ríomhairí, cluichí, gléasanna beaga agus móra.
-
Luaitear tuirse, cancar agus deacrachtaí airde i measc na gcomharthaí a bhaineann leis an iomarca ama a chaitheamh sáite sa scáileán; comharthaí atá feicthe ag cuid mhaith againn, go háirithe le leanaí óga. Ach aisteach go leor, ní raibh leanaí Jobs chomh hóg sin ag an am a raibh sé ag caint. Déagóirí ab ea iad, agus nach mór scór blianta ag an duine ba shine.
-
Tá ábhar machnaimh ann, nach bhfuil? Táimse go mór i bhfabhar bhuntáistí na teicneolaíochta do gach éinne, idir óg agus aosta, ach creidim gurb í an mheasarthacht an rud is tábhachtaí. Ach má tá gné shainiúil ar leith ag giúirléidí na linne seo, is é seo é: cuireann siad isteach orainn. Briseann siad an suaimhneas. Tarraingíonn siad ár n-aird. Is maith an rud é a bheith in ann an teicneolaíocht a láimhseáil. Ach ná bíodh sí ina máistir orainn.
Bileog Oibre
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana:
- Cén post a bhí ag Steve Jobs idir 1997 agus 2011? (alt 1)
- Céard atá i gceist ag an údar nuair a deir sé gurbh é Jobs a ‘d’oscail an doras?’ (alt 1
- Céard a cheap páistí Jobs den iPad? (alt 2)
- Cad a deir Acadamh Péidiatraice Mheiriceá faoi scáileáin agus daoine óga? (alt 3)
- Céard iad na comharthaí a bhaineann leis an iomarca ama a chaitheamh os comhair scáileáin? (alt 4)
- Céard é an t-ábhar machnaimh a luann an t-údar? (alt 4 agus 5)
- Céard í tuairim an údair i leith na teicneolaíochta? (alt 5)
- Cad é an ‘ghné shainiúil’ a luann sé? (alt 5)
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta:
- Léigh an chéad alt os ard don duine ina aice leat. Léifidh sé/sí an dara alt os ard duitse.
- Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Léigí na ceisteanna agus déanaigí na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.
Gníomhaíocht 3 – Deis taifeadta:
-
Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
-
Éist siar leis.
-
Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 4 – Nathanna cainte: Bí ag caint agus ag scríobh:
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéil leis an duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
- Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.focloir.ie.
Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí:
- Aimsigh sampla den mhodh coinníollach in alt 1.
- Aimsigh sampla d’aidiacht bhriathartha in alt 2.
- Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 3.
- Aimsigh sampla den tuiseal ginideach in alt 5.
- Sracfhéachaint ar an aimsir láithreach (bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
-
(Díol) go leor earraí gach Nollaig.
-
(Scaip) drochscéalta an-tapaidh ar fad.
-
(Éist – mé) le gach sórt ceoil.
-
(Taispeáin – sinn) dóibh cén chaoi an cluiche a imirt.
-
(Tabhair – sé) bronntanas dom gach bliain.
Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint:
Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
- An maith leat féin an teicneolaíocht?
- An mbíonn tú ar an idirlíon go minic?
- Cad iad na suíomhanna a thaitníonn leat?
- Cad iad buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann leis an teicneolaíocht/idirlíon?
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie.
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Tabhair cur síos, déan argóint, cuir tuairimí i
- láthair, cuir rogha in iúl, tóg taobh, abair gur maith leat rud nó nach maith agus cén fáth. Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
- Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.