1) Ba mhór an iarraidh í nuair a d’fhógair Martin O’ Malley go rachadh sé sa tóir ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán na hUachtaránachta i Meiriceá i 2016. Bhí sé ag tabhairt dúshláin d’impireacht na Clintons. Is ar éigean gur chreid aon duine go mbeadh an Máilleach, arbh as an taobh ó thuaidh de Chonamara cuid dá shinsir, in ann an t-ainmniúchán a ghnóthú. Tháinig Barack Obama aniar aduaidh ar Hillary i 2007 agus i 2008, ach uair sa gcéad a tharlaíonn a leithéid sin.
2) Is é an rud ba mhó a theastaigh ón Máilleach ná go ndéanfadh sé seasamh láidir agus go dtarraingeodh sé aird ar a ainm mar pholaiteoir ionas go bhféadfadh sé an Teach Bán a bhaint amach lá níos faide anonn. Níl sé á dhéanamh sin anois. Tá Martin O’Malley ag filleadh ar an dúchas na laetheanta seo agus é ag cur comhghuallaíocht Éireannach agus Gael-Mheiriceánach i dtoll a chéile le súil go gcuirfear gaoth ina chuid seolta. Is deacair a rá cén t-achar a thabharfaidh an tacaíocht sin é. Ina dhiaidh sin féin, tá réimse láidir den phobal Gael-Mheiriceánach ag tacú le Hillary Clinton cheana féin. Mar shampla, tá ceangal láidir le fada idir na Clintons agus Niall O’Dowd an foilsitheoir agus gníomhaí cumhachtach ar son phobal na hÉireann i Nua Eabhrach. Tá bunáit ag Bill agus Hillary Clinton freisin i Stáit ar nós Massachusetts. Níl sé an-fhada ó bhí Hillary Clinton i mBoston ag deánamh teanntáis ar an Méara Marty Walsh ag an mbord céanna leis.
3) Bhí an-mhí-ádh ar Martin O’Malley ag tosaí amach dhó sa bhfeachtas nuair a thosaigh agóidí i measc an phobail dhuibh i mBaltimore, cathair ar chaith sé dhá théarma mar Mhéara ann. Tugadh chun cuimhne gur leag an Máilleach go leor béime ar ghníomhaíochtaí láidre in aghaidh na coiriúlachta sa gcathair. As sin a tháinig an chaint gur cothaíodh fáltas idir an pobal dubh agus na póilíní agus gurbh shin cuid den chúis a bhí leis na ciréibeanna i mBaltimore. Bhí Martin O’ Malley istigh i lár na hargóna sin agus é, san am céanna, ag iarraidh borradh a chur faoina fheachtas náisiúnta.
4) Tá O’ Malley in áit na leathphingine freisin ó thaobh airgid de. $1.3 milliún a bhailigh sé sa tríú ráithe den bhliain seo; bhailigh Hillary Clinton $30 milliún agus bhailigh an Seanadóir Bernie Sanders as Vermont $26 milliún. Leis an gceart a dhéanamh, níl Hillary Clinton ag déanamh aon ghaisce mór sna pobalbhreitheanna cé gur fheabhsaigh sí le gairid. Chuidigh an chosaint a rinne sí uirthi féin le linn éisteachta ar Capitol Hill léi. Thug na Poblachtánaigh an seans sin di nuair a thugadar isteach arís í le ceisteanna a fhreagairt faoin ionsaí ar Ambasáid Mheiriceá i Benghazi.
Timpeall is 50% – 55% atá Hillary sna pobalbhreitheanna agus tá Sanders ag coinneail léi maith go leor i gcónaí. Ach níl ach thart ar 1% no 2% ag O’Malley agus an chéad vótáil réamhthoghcháin in Iowa i bhfoisceacht cúpla mí dúinn.
5)Mórán mar sin a bhí Gael-Mheiriceánach eile, an Seanadóir Christopher Dodd an tráth seo ocht mbliana ó shin – cé go raibh a thrí oiread airgid cruinnithe aige an uair sin. D’fhág sé slán ag an bhfeachtas tar éis thorthaí Iowa. D’fhéadfadh an Máilleach a bheith ag dul sa treo céanna ach gur mheasa dósan cliseadh chomh luath seo. Bhí Dodd i bhfad sa bpolaitíocht agus ní raibh sé ag breathnú mórán eile chun cinn; is é a mhalairt ag Martin O’Malley é.
D’fheilfeadh sé don Mháilleach seasamh láidir a dhéanamh, tacaíocht mhaith airgeadais a chruinniú, aird a tharraingt air féin ar fud na tíre agus a dhul píosa eile sa sruth réamhthoghcháin a bheidh ann i gcaitheamh an earraigh seo chugainn. Ní dhéanfaidh an Máilleach an beart sin ar an gcaoi a bhfuil sé anois.
6) Tháinig Martin O’Malley go Conamara den chéad uair in aois a sheacht mbliana déag – 52 atá sé anois – le grúpa as Coláiste Ghonzaga i Washington, agus chuir sé faoi tigh Mhichael Mheairt Uí Choisdealbha i gCor na Rón in Indreabhán san am sin. Dúirt sé leo gurb é an cuspóir a bhí aige ná a bheith ina Uachtarán ar Mheiriceá. Ní raibh a fhios aige an uair sin go mba as an taobh ó thuaidh de Chonamara a chuaigh chuid dá shinsir go Meiriceá.
Nuair a chuathas go bun an údair fuarthas amach gur as an Mám a d’imigh a shin-sheanathair, Máirtín Ó Máille as an Mám go Pittsburg in 1870. Tá Martin O’Malley tagtha anall don Mhám go minic ó shin agus tá tréimhsí caite aige i seanteach na Máilleach – sin í an tsean-Oifig Phoist sa Mám. Théadh sé suas na cnoic agus théadh sé chuig na tithe ósta sa gceantar ag casadh ceoil. Tá dreapadóireacht mhór roimhe anois ach beidh súil aige go gcuirfidh an teanntás a rinne sé lena dhúchas inné borradh faoina choisméig.
Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana
-
Céard atá Martin O’Malley ag iarraidh a ghnothú? (alt 1)
-
Cén tagairt a dhéantar do mhuintir Clinton in alt 1?
-
Cad iad na spricoanna a bhí ag an Máilleach nuair a thug sé faoin bhfeachas ar dtús? (alt 3)
-
Cén tacaíocht atá muintir Clinton ón bpobal Éireannach? (alt 2)
-
Cén fáth a raibh mí-ádh ar Mhartin ag tús an fheachtais? (alt 3)
-
Cén chaoi go bhfuil sé in áit na leathphingne ó thaobh an airgid (alt 4)
-
Cén chaoi atá ag éirí le Hillary Clinton sna pobalbhreitheanna? (alt 4)
-
Cén chaoi a d’éirigh le Christopher Dodd ocht mbliana ó shin (alt 5)
-
Céard dúirt an Máilleach le muintir Uí Choisdealbha nuair a bhí sé ar cuairt acu blianta ó shin? (alt 6)
-
Cén fáth a luaitear an Oifig Poist sa Mhám? (alt 6)
Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta
- Léigh an chéad alt os ard don duine in aice leat. Léifidh seisean/sise an dara halt os ard duitse. Leanaigí oraibh mar sin go deireadh an ailt.
- Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid lena chéile.
Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta
- Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
- Éist siar leis.
- Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.
Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh
- Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal don duine in aice leat.
- Déan iarracht cuid eile de na habairtí a scríobh.
- Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte, cuardaigh é ar www.teanglann.ie agus/nó www.focloir.ie.
Gníomhaíocht 5 – Cúinne na Gramadaí
-
Aimsigh sampla de dhá bhriathar saor san aimsir chaite in alt
-
Aimsigh sampla den tuiseal ginideach d’ainmfhocal baininscneach in alt 1.
-
Aimsigh sampla d’ainm briathartha in alt 3.
-
Aimsigh sampla den tuiseal ginideach d’ainmfhocal firinscneach in alt 6.
-
Sracfhéachaint ar an aimsir chaite(Bain na lúibíní agus déan pé athruithe agus is gá):
- (Freastal) mé ar dhráma iontach aréir.
- (Siúil + muid) ar scoil le chéile ar maidin.
- (Clois) an scéal sin go minic cheana.
- An (déan) tú go maith sa scrúdú an tseachtain seo caite.
- Ní (téigh) éinne ag cóisir Liam ag an deireadh seachtaine.
Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint
- Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:
An bhfuil suim agat sa bpolaitíocht? Cén fáth?
An bhfuil tú in ann mórán Airí Rialtias a ainmniú?
An mbíonn tú ag féachaint ar an nuacht go minic?
Inis dom faoin scéal deireanach a chonaic tú?
An bhfuil gaolta agat i Meiriceá? Má tá inis dom fúthu.
- Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
- Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie.
- Nodanna/Feidhmeanna Teanga:
Déan cur síos, cuir tuairimí i láthair, cuir suim/easpa suime in iúl, liostáil, tabhair cúiseanna, léirigh dearcadh. - Déan an méid atá scríofa agat a roinnt leis an duine in aice leat.
- Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.
Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 03 – Martin O’Malley (Cartlann 2016)'