Léamhthuiscint 02 – Ar cheart bainisteoirí CLG a íoc? (Cartlann 2017)

Léamhthuiscint 02 – Léigh an t-alt agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Léamhthuiscint 02 – Ar cheart bainisteoirí CLG a íoc? (Cartlann 2017)

Pictiúr: INPHO/James Crombie

1) Ag an tráth seo bliana bíonn go leor post bainistíochta le líonadh. Cé gur post páirtaimseartha é do chuid maith bainisteoirí, chun na fírinne a insint is post beagnach  lánaimseartha atá i gceist. Faraor, tá an chuid is mó díobh ag obair freisin (i bpostanna éagsúla eile) agus, dar ndóigh, tá sé an-deacair an dá thrá sin a fhreastal. B’fhéidir go bhfuil sé in am don CLG cead a thabhairt bainisteoirí a íoc, go dleathach, agus post lánaimseartha a chruthú i ngach contae. Tá sé beagnach dodhéanta an jab a dhéanamh i gceart agus tú ag iarraidh obair i bpost eile ag an am céanna. 

2) Is cuimhin liom agus mé i mo roghnóir ar iománaithe Chorcaí agus i mo bhainisteoir ina dhiaidh sin a bheith ag taisteal go Mainistir Fhear Maí ó Bhaile an Chollaigh, (timpeall tríocha míle), áit a mbíodh traenáil aimsir na sraithe. Bheinn ag iarraidh bheith ann ar a cúig a chlog ar an Máirt chun foireann a phiocadh don Domhnach agus ansin dul ag traenáil agus filleadh abhaile timpeall a haon déag san oíche. Bhí traenáil arís ar an Déardaoin agus, b’fhéidir, ar an Satharn, cluiche ar an Domhnach agus gach a mbaineann leis sin. Agus ansin an rud go léir a dhéanamh ar an Máirt arís agus sin ar fad i ndiaidh seachtain iomlán a chaitheamh ag múineadh i scoil.

3) Taobh amuigh de sin, bhíodh  an t-uafás cruinnithe agam go rialta – le himreoirí, leis an bhfoireann leighis, le bord an chontae, na meáin, lucht anailíse, na traenálaithe agus na roghnóirí. Ní minic a n-éiríonn le bainisteoir dearmad a dhéanamh ar an bpost agus é ag smaoineamh ar chluichí, teaicticí, slite chun traenáil a dhéanamh suimiúil, nó níos suimiúla. Bíonn air dianscrúdú a dhéanamh ar  an bhfreasúra roimh gach cluiche. Agus sin gan trácht ar na fadhbanna eile ar fad agus geallaimse duit go mbíonn fadhbanna le réiteach go rialta ag gach bainisteoir. Is beag bainisteoir nach mbíonn brú air nuair nach mbíonn an fhoireann ag déanamh go maith. Tagann an brú seo, go háirithe ó do lucht leanta féin sa bhaile agus le cúpla bliain anuas, ó na meáin shóisialta.  

4) Tríd is tríd, ní féidir scaradh ón bpost mar tá an oiread suime ag daoine i gcúrsaí CLG ar fud na tíre. Aon áit a théann an bainisteoir bíonn suim ag daoine labhairt leis faoin bhfoireann agus na cluichí agus dar ndóigh píosa comhairle a chur air freisin. I ngach contae, tá cuid mhaith iománaithe agus peileadóirí ar an gclaí agus an focal scoir á lorg acu! Mar sin, níl aon dabht faoi ach gurb é post seo na bainistíochta an rud is mó i saol an bhainisteora ó mhoch maidine go déanach san oíche gach uile lá den bhliain beagnach. 

5) Ina ainneoin sin ar fad, is onóir an-mhór é bheith mar bhainisteoir ar fhoireann shinsir idirchontae agus tú sa tóir ar an Soitheach Naofa i mí Meán Fómhair. Faraor, ní bhíonn an onóir sin ach ag bainisteoir amháin agus foireann amháin gach aon bhliain. Bí cinnte de go bhfuil na pleananna á ndéanamh cheana féin i gcuid mhaith contaetha agus na bainisteoirí ag cur a bhfoirne bainistíochta le chéile. Ansin tiocfaidh na roghnóirí le chéile chun imreoirí, idir sean agus nua, a phlé agus tosóidh an rud go léir arís.

6) Tá pleananna de shórt eile á ndéanamh ag Tiobraid Árann agus iad ag ullmhú don tsaoire foirne atá á tógáil acu, ach tá a fhios agam go bhfuil Michael Ryan tosaithe ar a bhfeachtas cheana agus fonn air cur leis an rath a bhí orthu in 2016.  Tá cúrsaí athraithe go mór do Davy Fitzgerald an Chláir freisin agus é ag fágáil a phoist mar bhainisteoir tar éis do chuid de na himreoirí easpa muiníne a léiriú sa bhfear conspóideach. Sin cora crua  shaol na bainistíochta. 

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna Tuisceana

  1. Cén sórt poist é post an bhainisteora? (alt 1)
  2. Cén fáth nach féidir an dá thrá a fhreastal? (alt 1)
  3. Cad iad na jabanna a bhí ag an údar le foireann iomána Chorcaí? (alt 2)
  4. Cad iad na cúraimí eile a bhíodh air seachas an traenáil? (alt 3)
  5. Cén trácht a dhéantar ar an bhfreasúra? (alt 3)
  6. Cad a tharlaíonn don bhainisteoir aon áit a théann sé? (alt 4)
  7. Cad deirtear faoi na ‘hiománaithe agus peileadóirí’ ar an gclaí?
  8. Cad atá ag tarlú cheana féin i gcontaetha? (alt 5)
  9. Scríobh dhá rud a deir an t-údar faoi Thiobraid Árann (alt 6)
  10. 10) Cén fáth go luaitear Davy Fitzgerald? (alt 6)

Gníomhaíocht 2 – Cleachtadh léitheoireachta

  • Léigh an chéad alt os ard don duine in aice leat. Léifidh sé/sí an dara halt os ard duitse. Lean oraibh mar sin go deireadh an ailt.
  • Léigh na ceisteanna agus déan na freagraí atá agaibh a chur i gcomparáid agus a phlé.

Gníomhaíocht 3 – deis taifeadta

  • Déan tú féin a thaifeadadh ag léamh ceann de na hailt.
  • Éist siar leis.
  • Éist leis an taifeadadh atá déanta ag daoine eile.

Gníomhaíocht 4 – nathanna cainte: bí ag caint agus ag scríobh

  • Tá go leor nathanna cainte/focail úsáideacha sa téacs. Déan iarracht cuid acu a chur in abairt ó bhéal leis an duine in aice leat.
  • Déan iarracht cuid eile acu a chur in abairt scríofa.
  • Mura dtuigeann tú céard is brí le nath cainte déan é a chuardach ar www.focloir.ie agus www.teanglann.ie

Gníomhaíocht 5 –  Cúinne na Gramadaí

  1. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir uatha in alt 1.
  2. Aimsigh sampla de bhriathar san aimsir ghnáthchaite in alt 3.
  3. Aimsigh sampla d’ainmfhocal sa tuiseal ginideach uatha in alt 3.
  4. Aimsigh sampla de chéimeanna comparáide na haidiachta in alt 4.
  5. Sracfhéachaint ar an aimsir chaite:
  • (Can) siad go hálainn ag an gceolchoirm aréir.
  • (Tréig) an chathair i rith na cogaíochta dhá bhliain ó shin.
  • (Ní + mol) aon duine an scoláire sin anuraidh.
  • (An + éist) sibh leis an gclár raidió aréir.
  • (Téigh + muid) amach déanach aréir.

Gníomhaíocht 6 – Bí ag scríobh agus ag caint

  • Scríobh cúpla pointe faoi na ceisteanna thíos:

Ar cheart go bhfaigheadh imreoirí agus bainisteoirí CLG íocaíocht?

  • Déan iarracht cuid de na nathanna sa téacs a úsáid.
  • Déan focail agus briathra nua a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie.
  • Nodanna/Feidhmeanna Teanga: Déan tuairimí a nochtadh, cuir spéis nó easpa spéise in iúl, glac seasamh, abair gur cheart nó nár cheart.
  • Arís is féidir tú féin a thaifeadadh.

Fág freagra ar 'Léamhthuiscint 02 – Ar cheart bainisteoirí CLG a íoc? (Cartlann 2017)'