Leacht cuimhneacháin in ómós chriú cróga bhád tarrthála Árainn Mhór le nochtadh inniu

Bhronn Banríon na hÍsiltíre Wilhelmina agus an RNLI araon boinn chrógachta ar chriú Árainn Mhór as an tarrtháil a rinneadh ar 18 mairnéalach i mí na Nollag 1940

Leacht cuimhneacháin in ómós chriú cróga bhád tarrthála Árainn Mhór le nochtadh inniu

Nochtfar inniu in Árainn Mhór, i nGaeltacht Thír Chonaill, leacht cuimhneacháin in ómós an ochtair a tharrtháil an long, an SS Stolwijk as an Ísiltír, sa bhliain 1940.

Bhí an long lastais ag seoladh ó Thalamh an Éisc i gCeanada go Sasana mí na Nollag 1940 nuair a rinneadh go leor damáiste di le linn stoirme agus triomaíodh í ar charraigeacha amach ó Thoraigh. Bhásaigh deichniúr den chriú san eachtra agus iad ag iarraidh éalú ón long.

Chuaigh criú an bháid tarrthála as Árainn Mhór amach i lár na doininne agus tharrtháil an 18 mairnéalach a bhí fanta ar an Stolwijk agus thug isteach ar an mórthír iad deich n-uaire an chloig i ndiaidh don long dul ar na carraigeacha. Ba bheag nár bádh an bád tarrthála féin le linn na tarrthála.

Bhronn Banríon na hÍsiltíre Wilhelmina agus an RNLI araon boinn chrógachta ar chriú Árann Mór as an éacht a rinne siad.

Dhá bhliain ó shin agus comóradh 75 bliain na tarrthála ar siúl, scríobhadh agus taifeadadh an t-amhrán ‘I’ll Go’ le hairgead a bhailiú do leacht cuimhneacháin san oileán.

Nochtfar an leacht sin tráthnóna inniu ag 16 ar ché na Leidhbe Gairbhe.

Is é Jerry Early, arb as an oileán é, atá ag eagrú na hócáide. Dúirt Early go bhfuil bród ar na hoileánaigh as na daoine a bhíonn ag obair ar bhád tarrthála Árainn Mhór agus gur chuir athinsint an scéil tar éis 75 bliain leis an mbród sin.

“Tá tuiscint mhaith ag muintir Árainn Mhór ar an tseirbhís a chuireann ár n-oibrithe deonacha ar fáil don phobal ar fad ó cheann ceann na bliana. Mhúscail an comóradh a rinneadh ar tharrtháil an Stolwijk na híomhánna agus na scéalta faoina bhfuil i gceist go díreach le dul amach ar an bhfarraige san aimsir chontúirteach, choscrach sin le beatha strainséara a shábháil,” a dúirt sé.

Dúirt sé gur comhartha ómóis a bheidh sa leacht nua, ní hamháin don chriú a tharrtháil an 18 fear an oíche sin 77 bliain ó shin, ach do na daoine uilig a théann amach ar an bhfarraige mhór le daoine eile a shábháil.

Beidh sliocht na ndaoine a bhí ar bord an bháid tarrthála i láthair ag an searmanas tráthnóna agus beidh duine amháin de shliocht na mairnéalach a bhí ar bord an Stolwijk ag teacht ón Ísiltír.

Fág freagra ar 'Leacht cuimhneacháin in ómós chriú cróga bhád tarrthála Árainn Mhór le nochtadh inniu'