Leabhrán eolais faoin spás foilsithe i nGaeilge ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

Deir an ESA go raibh siad ag iarraidh aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag Éirinn dóibh agus do chomhlacht Gaeltachta atá ag cabhrú leis an obair sin

Leabhrán eolais faoin spás foilsithe i nGaeilge ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa

leabhrán eolais ildaite i nGaeilge seolta ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa (ESA) chun suim sa spás a spreagadh i measc an aosa óig.

Tá an leabhrán aistrithe go Gaeilge mar chuid de cheiliúradh an ESA ar Lá Fhéile Pádraig.

Tugtar an léitheoir ar thuras sa leabhrán trí éachtaí spáis na hEorpa agus táthar ag súil go mbainfidh múinteoirí úsáid as “chun an cosmas a thabhairt isteach sa seomra ranga”.

Deir an ESA go bhfuiltear ag iarraidh léargas a thabhairt chomh maith ar an ngaisce atá déanta ag Éirinn i gcláracha oibre ESA agus luadh an obair atá á déanamh ag comhlacht Gaeltachta mar chuid de sin.

Bhuaigh ÉireComposites, atá lonnaithe i nGaeltacht Conamara conradh ón ESA le deireanas chun teicneolaíocht nua a chruthú a chabhróidh lenár dtuiscint ar an atmaisféar.

“Ag comhoibriú le OIP Space Instruments na Beilge, tá ÉireComposites ag forbairt bunábhar sofaisticiúil a chuirfidh cosc ar ‘stray light’- solas nár chóir dó titim ar ionstraim na satailíte Altius,” arsa an ESA. “Cabhróidh obair ÉireComposites leis an spásárthach líon an ózóin san atmaisféar a thomhas go cruinn.”

Dúirt príomhfheidhmeannach ÉireComposites Tomás Flanagan gur “ábhar mór bróid” dóibh a bheith lonnaithe i gcroílár Ghaeltacht Chonamara agus a bheith ag obair i nGaeilge gach lá. 

I gcomhar le Fiontraíocht Éireann a rinneadh an t-aistriúchán Gaeilge ar leabhrán Gníomhaireacht Spáis na hEorpa.

Fág freagra ar 'Leabhrán eolais faoin spás foilsithe i nGaeilge ag Gníomhaireacht Spáis na hEorpa'