Tá sé deimhnithe ag Tuairisc.ie go raibh gach ball de ghrúpa oibre de leabharlannaithe poiblí ar aon fhocal nár cheart go mbeadh Gaeilge ina riachtanas feasta le fostaíocht a fháil i leabharlanna na tíre seo.
Tugtar le fios i meamram eolais atá aimsithe ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ón Roinn Tithíochta, Pleanála, Pobail agus Rialtais Áitiúil gur bunaíodh grúpa oibre le cáilíochtaí d’oibrithe leabharlainne a mheas agus gur aontaigh siad ar fad le deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge don obair sin.
Bhí leabharlannaithe ó chontaetha Bhaile Átha Cliath, Phort Láirge, Lú, agus ó Chill Dara, chomh maith le hionadaithe ón gCumann Bainistíochta don Rialtas Áitiúil ina mbaill den ghrúpa oibre.
Tugtar le fios sa mheamram gur cuireadh na moltaí faoi dheireadh a chur le riachtanas na Gaeilge faoi bhráid na gceardchumann sa tseirbhís phoiblí ar an 13 Bealtaine 2016 agus nach raibh aon chur ina gcoinne.
D’aontaigh an grúpa oibre d’aon ghuth go raibh an riachtanas Gaeilge “overly restrictive” i bhfianaise líon na n-eachtrannach a bhí ag obair sna leabharlanna poiblí anois. Dúradh freisin go gcuirfeadh riachtanas teanga srianta ar líonadh folúntais sna leabharlanna agus go mbeidís mar “obstacle” a chuirfeadh bac ar na daoine ‘ba cháilithe’ leis na poist seo a líonadh.
Deirtear sa mheamram céanna go bhfuil plean á fhorbairt ag an Roinn d’fheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus go raibh súil acu go mbeadh sé ar chumas na leabharlann “to enhance the ability for citizens to choose the language with which they engage with local services”.
Ní dhéantar aon tagairt sa mheamram do leabharlanna Gaeltachta ná aon riachtanas teanga a bhainfeadh le fostaithe a bheadh ag obair iontu.
Dúradh i ríomhphost a sheol leas–phríomhoifigeach de chuid na Roinne chuig an mbainistíocht nach raibh an plean deireadh a chur le riachtanas Gaeilge do phoist sna leabharlanna ag teacht salach ar aon chuid den Straitéis 20 Bliain.
“I have investigated any potential incompatibility there might be between the Department’s approach to the enhancement of the Irish language, its obligations as set out in the 20-year Strategy and the fact that we are suggesting removing Irish as an essential requirement from the Library quals. I have copied the Department’s stated position below. In short, I don’t see any conflict,” a scríobhadh.
Chuir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill eolas faoin gcúlú i riachtanas na Gaeilge sna leabharlanna faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán i mí Dheireadh Fómhair.
Seán Mac Gearailt
A Chara,
Ba chóir go mbeadh Gaeilge den scoth ag éinne atá ag obair i leabharlann ( nó in ionad ar bith atá ag freastal ar an bpobal áitiúil ) áit ar bith sa Ghaeltacht. Ba chóir freisin go mbeadh ardchaighdeán sa Ghaeilge ag roinnt mhaith den fhoireann i ngach aon leabharlann sna bailte ar imeall na Gaeltachta ionas go mbeadh fáil ar sheirbhísí as Gaeilge don té ar mhian leis/leí sin.
Ceist agam ort (cé nach tusa a dúirt) . Má tá riachtanas teanga ann conas is féidir a mhaíomh go bhfuil duine gan an teanga sin aige/aici ar na daoine is cáilithe don phost ? Sé fírinne an scéil go bhfuil daoine a tháinigh thar tír isteach ar na daoine is mó atá toilteanach an Ghaeilge a fhoghlaim.
Is Mise,
Seán Mac Gearailt.
Manus
Tá go leor leabharlann poiblí nach bhfuil aon leabhar Ghaeilge seachas cúpla foclóir. Is l’éir nach bhfuil éileamh ann.
Stilla
Nach iontach an méid a d’éirigh lenár sinsir a chur ar bun le daoine a spreagadh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid. Tharla gur chláraigh mé leis an leabharlann áitiúil tamall ó shin agus gur labhhair mé Gaeilge leis na “leabharlannaithe” a bhí i ndáilchomhairle taobh thiar den chuntar agus gan aithne agam ar dhuine ar bith acu. D’fhreagair duine amháin acu mé agus b’shiúd linn ag caint is ag comhrá i dteanga na nGael as sin amach… Níl lá dá dtéim isteach sa leabharlann áitiúil nach labhraítear Gaeilge liom.
Tá réimse maith leabhra Gaeilge ag an leabharlann áitiúil s’agamsa ach ritheann sé liom gur beag duine a thógann amach iad seachas mé féin…
Clíona
Is drochscéal é nuair a thugann aon ghrúpa gairmiúil droimláimhe do ghné ríthábhachtach de chultúr comhaimseartha na tíre, go háirithe grúpa a bhfuil dlúthbhaint aige le hoiliúint pháistí agus daoine fásta.
Tá ról lárnach ag na Leabharlanna Poiblí tacaíocht a thabhairt agus ábhar a sholáthar, ionas gur féidir le daoine saol pearsanta níos saibhre nó saol proifisiúnta níos sásúla a chruthú dóibh fhéin.
Níl an Ghaeilge láidir i roinnt leabharlanna, sin fíor, ach dá mbeadh an riachtanas teanga á úsáid mar chuid (mar ‘chuid’) den próiséis earcaíochta, chabhródh sin treisiú a dhéanamh ar an scéil. Tá an baol ann anois go ndeimhnófaí bacainn réamhdhéanta i gcoinne na Gaeilge agus gach a bhaineann léi, sna hionaid ilghnéitheacha sin, ár Leabharlanna Poiblí.