Leabhar nua le foilsiú ar dhúnmharuithe Mhám Trasna ag Iar-Choimisinéir Teanga

Crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle is téama do leabhar nua atá scríofa ag an Iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin

An Tiarna Alton ag leagadh blátfhleasc ag ócáid chuimhneacháin sa bhliain 2012 san áit ar crochadh triúr a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna
An Tiarna Alton ag leagadh blátfhleasc ag ócáid chuimhneacháin sa bhliain 2012 san áit ar crochadh triúr a ciontaíodh as dúnmharuithe Mhám Trasna

Foilseofar leabhair nua i dtús na bliana seo chugainn faoi dhúnmharuithe Mhám Trasna atá scríofa ag an Iar-Choimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin. An comhlacht foilsitheoireachta Cois Life a thug eolas faoin saothar nua ar a suíomh gréasáin.

Is insint nua a bheas sa leabhar ar scéal na ndúnmharuithe brúidiúla a tharla i nDúiche Sheoighe ar an teorainn idir Gaillimh agus Maigh Eo sa bhliain 1882 nuair a maraíodh cúigear ball de theaghlach amháin.  ‘Dúnmharuithe barbartha i ndorchadas na hoíche i bpobal iargúlta’ a thug na foilsitheoirí, Cois Life ar an gcás.

Deir siad freisin go mbaineann croí an scéil le “crochadh éagórach agus príosúnú saoil ar dhaoine neamhchiontacha bunaithe ar fhianaise bhréige, ar bhrathadóirí, agus ar mhímhacántacht na n-údarás agus na n-uaisle”.

Éagóir – Maolra Seoighe agugs Dúnmharuithe Mhám Trasna an teideal a bheas ar an leabhar nua. Beidh eolas úrnua ann ar an eachtra féin chomh maith le pictiúir stairiúla agus taifid oifigiúla nach bhfacthas go poiblí go dtí seo. Seo an chéad insint i nGaeilge ar an scéal tragóideach a mhaireann fós i gcuimhne an phobail sa cheantar. Foilsíodh leabhair faoin gcás i mBéarla roimhe seo ach tá siad sin as cló le fada an lá.

Tá iarrachtaí á ndéanamh sa Bhreatain le tamall ag beirt bhall de Theach na dTiarnaí ansin, an Tiarna Alton agus an Tiarna Avebury  le go n-adhmhódh na húdaráis ansin gur dearnadh éagóir dhlíthiúil nó iomrall ceartais i gcás cuid de na daoine a crochadh nó a cuireadh i bpriosún de bharr na ndúnmharuithe i Mám Trasna.

D’eagraigh Oifig an Choimisinéara Teanga, Músaem na Gaillimhe agus Conradh na Gaeilge ócaid chuimhneachain i nGaillimh ar thragóid Mhám Thrasna ar 15 Nollaig 2012, cothrom an lae 130 bliain ar crochadh triúr acusan a ciontaíodh sna dúnmharuithe. Bhí an tUachtaran Michéal D. Ó hUiginn, an Tiarna Alton agus duine de shliocht na Seoighe as Mám Trasna orthusan a bhí pairteach san ócáid seo.

Go luath an bhliain seo chugainn a bheidh fáil ar an leabhar nua.

Fág freagra ar 'Leabhar nua le foilsiú ar dhúnmharuithe Mhám Trasna ag Iar-Choimisinéir Teanga'