Leabhar iomlán i nGaeilge ar mhúnla An Irish Folklore Treasury atá ag teastáil

Is maith ann leabhar John Creedon chun an béaloideas a choimeád beo ach teastaíonn a leithéid i nGaeilge freisin

Leabhar iomlán i nGaeilge ar mhúnla An Irish Folklore Treasury atá ag teastáil

Craoltóir den scoth é John Creedon. Is cuma an ar an raidió nó ar an teilifís a bhíonn sé cuireann sé an t-ábhar i láthair go héifeachtach agus go nádúrtha. Léiríonn sé i gcónaí go bhfuil meas aige ar a lucht éisteachta nó a lucht féachana. Tá acmhainn grinn aige freisin.

Is as cathair Chorcaí é. Bheadh a fhios agat é sin óna chanúint. Ní dhéanann sé iarracht ar bith canúint Chorcaí a phlúchadh. Ní mar sin do chraoltóirí eile a d’fhéadfainn a ainmniú. Is maith luath a d’athraigh siad a gcuid fuaimeanna agus iad ag sodar i ndiaidh na n-uasal.

Sodar i ndiaidh na n-uasal an sodar is suaraí ar bith, a deirtear.

Níl aon bhréag-ghalántacht ag baint le John Creedon.

Tá Gaeilge aige. Is mór é a mheas ar dhuine nó ar dhream ar bith atá ag cur rud ann don Ghaeilge.

Tá an-suim aige i dtraidisiúin na nGael agus sa timpeallacht. Rinne sé staidéar faoi leith ar logainmneacha na tíre agus scríobh sé leabhar fúthu dar teideal That Place We Call Home: A Journey Through the Placenames of Ireland. Bhunaigh sé sraitheanna teilifíse ar an ábhar céanna ina dhiaidh sin.

Is maith a thuigeann sé an éagóir a rinneadh ar an náisiún Gaelach nuair a rinneadh aistriúchán gránna ar na logainmneacha. Cén bhrí dá mbeadh aon chiall leis na hainmneacha aistrithe.

“We are going to Kilronan today,” a dúirt máthair lena hiníon óg. Thosaigh an cailín beag ag caoineadh. “I don’t want to kill Ronan,” a dúirt sí go cráite.

Leabhar eile a scríobh John Creedon atá os mo chomhair anseo anois, An Irish Folklore Treasury (Gill Books).

Tacar scéalta béaloidis a fuair sé i mBailiúchán na Scol atá intí. Idir 1937 agus 1939 a bhí an bailiúchán sin á dhéanamh. Cuireadh gasúir scoile chuig a dtuismitheoirí, a seantuismitheoirí, a ngaolta agus a gcomharsana á gceistiú faoi na scéalta agus na traidisiúin a bhain lena gceantar féin.

Bhí 50,000 gasúr i gceist. Tá os cionn leathmhilliún focal sa mbailiúchán ar fad.

Tá caibidlí sa leabhar seo faoi scéalta sí, faoi chúrsaí talmhaíochta, faoi cheirdeanna a bhfuil dearmad déanta orthu anois, faoi laethanta scoile agus faoi chaitheamh aimsire na ndaoine.

Déantar cur síos ar chomh neamhthuilleamaíoch is a bhíodh daoine fadó. Bhí a gcuid fíodóirí, a gcuid táilliúirí, a gcuid gréasaithe agus a mná cabhrach acu.

Dhéanaidís a gcuid dathúcháin agus a ngallaoireach féin, sin agus coinnle.

Ó tharla gur gasúir a bhí ag bailiú na scéalta tá sé ag luí le réasún go mbeadh scéalta anseo faoin gcaoi a gcaitheadh gasúir a gcuid ama sa saol atá imithe.

Níor dhearmad John Creedon na piseoga, na cuairteanna ar na toibreacha beannaithe ná na hoilithreachtaí.

Maidir leis na piseoga b’fhiú duit leabhar Phádraig Ó Héalaí, Snátha den Seansaol, a léamh in éineacht leis an leabhar seo. Sin é an t-am a dtuigfeá chomh deacair is a bhí sé ag ár sinsear creideamh faoin slua sí agus teagasc na hEaglaise Caitlicí a bharraíocht.

Bhídís i gcónaí ag iarraidh an dá thaobh a thabhairt leo in éineacht.

Tá neart scéalta i nGaeilge i mBailiúchán na Scol. Níl aon cheann acu anseo.

Leabhar iomlán i nGaeilge ar mhúnla An Irish Folklore Treasury atá ag teastáil.

Fág freagra ar 'Leabhar iomlán i nGaeilge ar mhúnla An Irish Folklore Treasury atá ag teastáil'

  • Jim McCloskey

    An-cheart. Ach tá leabhar breá ann – Amach as Ucht na Sliabh – a chuir Dónall Ó Baoill ar fáil sa bhliain 1992. Taisceadán ollmhór bealoideasa ó bhailiúchán na scol ach gur le paróiste Ghaoth Dobhair amháin a bhaineann sé. Comhlacht an Donegal Democrat a d’fhoilsigh an leabhar; níl fhios agam an bhfuil fáil i gcónaí uirthi.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Leabhar iomlán i nGaeilge ar mhúnla An Irish Folklore Treasury atá ag teastáil, tuairisc.ie, Déardaoin, Bealtaine 4, 2023.

    Arsa Seosamh agus é ag tagairt do leabhar le Pádraig Ó Héalaí, Snátha den Seansaol, a léamh in éineacht leis an leabhar seo: ‘Sin é an t–am a dtuigfeá chomh deacair is a bhí sé ag ár sinsear creideamh faoin slua sí agus teagasc na hEaglaise Caitlicí a bharraíocht’.

    Is é John Creedon údar ‘an leabhair seo’, i.e. An Irish Folklore Treasury.

    Ach an raibh sé chomh deacair sin dáiríre ag ár sinsir ‘creideamh faoin slua sí agus teagasc na hEaglaise Caitlicí a bharraíocht’? Mhair iarsmaí den Phágántacht in áiteanna seachas a chéile, ach fiú i dtíortha a bhfuil an Chríostaíocht iontu le beagnach dhá mhíle bliain, leithéid na hIodáile, ní raibh na heacsaircistithe díomhaoin lenár linn féin, más aon chomhartha air sin an obair a rinne Príomh–Eacsaircistí Dheoise na Róimhe [1954–2016] , an tAth. Gabriele Amorth [1925–2016], nach bhfuil caillte ach le 7 mbliana. Tháinig maolú mór ar an gcreideamh sa Diabhal le 300 bliain anuas, fiú i measc na gCaitliceach. Ach tháinig athbheochan ar obair an eacsaircistí le blianta gearra déanacha, de bharr obair an Ath. Amorth san Iodáil. Tá méadú mór ar líon na n–eacsaircistithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ní fheadar conas atá ag Éirinn. Tá gach uile dheoise in ainm is eacsaircistí a bheith acu, ach má tá eacsaircistithe in Éirinn, ní bhíonn a gcuid ainmneacha ar eolas ag an ngnáth–Chaitliceach.

    Is cuimhin liomsa a bheith ag plé an ábhair seo le sagart scolártha na deicheanna de bhlianta ó shin. Bhí an sagart sin ar an tuairim nár mhair ach iarsmaí den Phágántacht in Éirinn, agus nach bhfuil fianaise ar bith ann gur mar chreideamh sa tslánchruinne a mhair an Phágántacht in Éirinn. Mo mháthairse, d’fhiafraigh sí dá máthair féin na blianta ó shin: ‘An ngéilleann tusa sna daoine maithe?’ ‘Ní ghéillim,’ arsa máthair mo mháthar, ‘ach tá siad ann!’ Beannacht Dé le hanamacha na marbh. Nuair a bhuaileann duine isteach i dteach i gCorca Dhuibhne, ní dóichí rud de ná go bhfiafrófaí de ‘Nach tú?’ D’fhéadfaí a rá gur iarsma den Phágántacht atá ann sin, mar gur chun deimhin a dhéanamh de nach iarlais is ea an duine a bheadh tar éis bualadh isteach sa teach, a chuirtí an cheist fadó. Ach tá a leithéid de chaint i mBéarla na hÉireann chomh maith Is it youself? Níl ann ach gur cuid den ghnáthchaint an cheist sin anois. An cheist sin a bheith fós á cur, ní cruthú é sin gur Págánaigh iad na daoine a bhíonn á cur. Ó Pharóiste na Snadhma sa taobh theas de Cho. Chiarraí ba ea mo mháthairse. D’inis sise chomh maith dom go gcuirtí amach an sceach gheal as an teach istoíche san áit arbh as í féin, An Doire Thiar, dhá mhíle go leith siar ó shráidbhaile na Snadhma. Chreidtí gur lean mí–ádh an sceach gheal a fhágáil sa teach istoíche. Bhí an nós céanna ar an nGráig i gCorca Dhuibhne, mar a gcuirtí amach as an teach istoíche pósaíos an uachtair –– ainm eile ar an bhfás céanna, go bhfios dom. D’inis mo mháthair chomh maith dom gur chuala sí féin, agus an líon tí ar fad ag baile i gCiarraí, bean sí ag caoineadh, babhta. Fuair siad amach an lá dár gcionn go raibh comharsa dóibh tar éis bháis. Dar leis an Ath. Chad Ripperger, eacsaircistí ó na Stáit Aontaithe, chruthaigh Dia aingil eile, nuair a díbríodh an tríú cuid de na haingil as na Flaithis, nuair a d’éirigh Aingil seo an Uabhair amach i gcoinne Dé [Apacailipsis Eoin, 12: 4]. Ní hamháin go mbíonn aingeal coimhdeachta ag gach uile dhuine, a deir an tAth. Ripperger, ach go mbíonn aingeal coimhdeachta ag teaghlach, ag cuideachta ghnó, ag cine, agus ag tír chomh maith. Ní haon ábhar iontais é aingeal coimhdeachta a bheith ag cine. Sin é an bun atá leis an mbean sí, dar liomsa.

    Bhí saghas feasa ag mo mháthairse leis. Minic go leor a tharla sé go n–éireodh sí ar maidin, agus sinn óg, agus go ndéarfadh sí go ndearnadh taibhreamh aisteach di i gcaitheamh na hoíche. An chéad rud eile, bhuaileadh an teileafón, agus d’inseofaí di go raibh gaol di tar éis bháis ag baile i gCiarraí. Ní dóigh liomsa gur Págántacht é sin ach a oiread; ach gur bua nádúrtha é a bhíonn ag daoine seachas a chéile.

    Ligtear anamacha amach as an bPurgadóireacht chun daoine atá ag dul amú ar an saol seo i gcúrsaí creidimh agus moráltachta, a chur ar bhóthar a leasa. Tá gach uile sheans gur casadh aingeal ó na Flaithis orainn go léir, aon uair amháin, ar a laghad. Tá scéalta go leor ann ar strainséir a láithríonn tar éis timpiste ar bóthar, agus a tharraingíonn duine amach as carr atá ag dul trí thine, agus nach bhfeictear arís an strainséir. De réir dealraimh, ligtear fodhuine amach as Ifreann chun duine a chur ar bhóthar a leasa ar an saol seo, ach is annaimhe go mór a tharlaíonn sé sin, ná a ligtear anam amach as an bPurgadóireacht. Ach caithfidh na hanamacha sin filleadh ar an bPurgadóireacht, nó ar Ifreann, nuair a bhíonn an cúram curtha acu díobh.

    Beidh eolas ag cuid de léitheoirí tuairisc.ie ar scéal Bhríd Uí Chléirigh as Baile an Bhaidléigh i gCo. Thiobraid Árann, bean ar loisc a fear céile ina beatha í sa bhliain 1895 mar gur chreid sé go raibh iarlais tar éis teacht in ionad a mhná céile. Níor crochadh aon duine de na daoine a ghlac páirt sa loscadh, ach cuireadh príosúnacht orthu. Foilsíodh leabhar leis an scoláire Gaeilge agus Béaloidis, an Dr Angela Bourke, ar an scéal sin, The Burning of Bridget Cleary. A True Story (Pimlico 1990).

    Eachtraíonn an tAth. Ripperger go bhfuil ‘Coiste Gnó’ ag Sátan, agus gurb iad seo iad: Bál; Asmaidéas; Leiviatan; Lílít; agus Bafóiméad. Dála an scéil, is mar a chéile iad, Sátan, Lúicifir, agus Bál–Zeabúb. Is ‘tríonóid’ iad Sátan, Lúicifir, agus Bál–Zeabúb, agus iad ag freagairt do na Trí Phearsa sa Tríonóid Ró–Naofa: Sátan ag freagairt do Dhia an tAthair; Lúicifir ag freagairt d’Íosa Críost; agus Bál–Zeabúb ag freagairt don Spiorad Naomh.

    Is é an ghnáthshlí a mbíonn deamhan ag cur isteach ar dhuine go mbíonn sé ag cur cathaithe air/uirthi. Is é an chéad chéim eile, deamhan a bheith ag déanamh cos ar bolg ar dhuine, i.e. ar na rudaí seachtracha a bhaineann leis/léi. Is troime ná sin an dúghabháil, i.e. deamhan a bheith ag cur isteach ar anam agus ar intinn duine. Agus is é an chéim is troime ar fad, deamhan a bheith istigh i gcolainn duine. Ní féidir do dheamhan anam duine a ghabháil. Ní bhíonn deamhan i gcolainn duine ach go fíor–annamh –– 0.5% de na cásanna.

    Más fíor an tAth. Ripperger, dá bheannaitheacht iad an pobal, is ea is fusa an deamhan, nó na deamhain, a dhíbirt. Tá na heacsaircistithe á fháil an–deacair na deamhain a dhíbirt sa lá atá inniu ann. 6 chéim a bhíonn san eacsaircisteadh. Nuair a bhaineann an t–eacsaircistí an 5ú céim amach, tá d’údarás aige ordú in ainm Íosa Críost don deamhan an fhírinne a insint, agus ní bhíonn an dara rogha ag an deamhan ach an fhírinne a insint as sin amach, sa 5ú céim, agus sa 6ú céim; ach go dtí go mbaintear amach an 5ú céim, is ag insint éithigh is mó a bhíonn an deamhan.

    Cuireadh fios gach uile ruda dá gcruthófaí riamh isteach in intleacht gach uile aingil dár cruthaíodh. Ciallaíonn sé sin go raibh a fhios ag Sátán, abair, ó thosach, cé chomh beannaithe is a bheadh an Mhaighdean Bheannaithe. Is mar gheall air sin a dhiúltaigh Sátán, agus Aingil an Uabhair trí chéile, géilleadh do Dhia, agus d’ordaigh Dia don Ard–Aingeal Micheál, iad a ruaigeadh as na Flaithis ansin, rud a rinne. Is amhlaidh a thuig Sátan nach mbeadh créatúr ar bith chomh beannaithe is a bheadh an Mhaighdean Mhuire, agus thuig sé gurbh é a dhamnú féin an toradh a bheadh ar dhiúltú a bheith umhal do Dhia; ach mar sin féin, dhiúltaigh sé féin, agus Aingil eile an Uabhair, a bheith umhal.

    Lúicifireach, i.e. duine de lucht leanúna Lúicifir, ní ag adhradh Lúicifir a bhíonn sé/sí, ach ag santú a bheith ina dhia/ina dia. Na Sátanaithe, ar an taobh eile, is ag adhradh Shátain a bhíonn siad seo.

    Ainneoin Aingil an Uabhair a bheith damnaithe, tá tuiscint i gcónaí ar an Dlí Aiceanta acu, agus goilleann sé orthu nuair a sháraíonn siad é. Baineann siad sult as duine daonna a chur ar strae, ach san am céanna, náirítear iad féin lena linn sin, agus ní bheidh deireadh go deo leis an méid a bhíonn na deamhain úd a fhulaingt, ná anamacha na ndaoine daonna damnaithe ach a oiread.