Leabhar ‘eiseamláireach’ faoi Phiaras Mac Gearailt seolta

Seoladh leabhar nua leis an Dr Breandán Ó Cróinín in Ollscoil Luimní le gairid

Book Launch MIC_04

Sheol an Moinsíneoir Pádraig Ó Fiannachta leabhar nua leis an Dr Breandán Ó Cróinín ó Roinn na Gaeilge in Ollscoil Luimní an tseachtain seo caite

Is é atá sa leabhar nua-fhoilsithe seo, Piaras Mac Gearailt, A Shaol agus a Shaothar, eagrán nua de shaothar an fhile cháiliúil seo, a mhair in oirthear Chorcaí san ochtú haois déag, bunaithe ar na lámhscríbhinní Gaeilge a chaomhnaíonn a chuid filíochta agus cuid mhaith di óna lámhscríbhinn shuaithinseach féin atá ar coimeád i Leabharlann an Ruiséalaigh in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad.

Mar fhile Seacaibíteach, scríobh an Gearaltach roinnt d’amhráin mhóra pholaitiúla na linne, ‘Rosc Catha na Mumhan’, ‘A Mhálaí Bheag Ó’ agus ‘Sean Ó Dí’ ina measc. Lena chois sin, ámh, tá dánta aige a thugann éachtaint dúinn ar imeachtaí na Cúirte a raibh sé ina Ardsirriam uirthi; dréachtaí pearsanta a nochtann a mheon ar chúrsaí creidimh agus polaitíochta dúinn, agus i ndán clúiteach amháin dá chuid, ‘A chogair a charaid’, léiríonn sé go raibh tionchar ag péindlíthe na linne úd air féin nuair a bhí air iompú ina Phrotastúnach d’fhonn a raibh aige de mhaoin an tsaoil a choimeád.

Tá iarracht déanta sa leabhar seo scéal a bheatha a chur le chéile bunaithe ar a chuid scríbhinní féin agus ar an gcaidreamh a bhí aige le filí agus scríobhaithe eile.

Dúirt an Moinsíneoir Ó Fiannachta, Ollamh Emeritus le Sean-Ghaeilge agus le Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad, go gcuirfí “fáilte roimh an eagrán slachtmhar tuisceanach seo lena théacs atá dílis do na foinsí agus cruinn ó thaobh teangan agus meadarachta”.

Dúirt sé gur “eiseamláir is ea an leabhar seo ar ceart do scoláirí eile a shampla a leanúint chun saothar fhilí eile na tréimhse a chur in eagar. Oireann na híomhánna digiteacha de leathanaigh na lámhscríbhinní go seoigh don ábhar, go háirithe i leabhar ina bhfuil Rosc Catha na Mumhan ar fáil chomh cáiréiseach sin agus an oiread sin téacsanna againn ó lámh an údair.”

Ba í Máire Ní Neachtain, Ceann Roinn na Gaeilge, a stiúraigh na himeachtaí agus a thug caint an-spreagúil ar an Ollamh Ó Fiannachta agus ar a bhfuil curtha i gcrích aige i gcaitheamh na mblianta.

Piaras Mac Gearailt, A Shaol agus a Shaothar le Breandán Ó Cróinín. Foilsithe ag An Sagart agus ar fáil i Siopaí Leabhar nó ó ÁIS (ais@forasnagaeilge.ie). Praghas €30.

Fág freagra ar 'Leabhar ‘eiseamláireach’ faoi Phiaras Mac Gearailt seolta'