Leabhair a léigh mé ar feadh na slí…le Tomás Mac Siomóin

LEABHAIR A LÉIGH MÉ AR FEADH NA SLÍ: An tseachtain seo, is ag an iriseoir agus údar Tomás Mac Siomóin atá an rogha…

An leabhar a shamhlaím le ríthe na diostóipe mairtinocadhaincu

As leabhra a fhágann a lorg ar dhuine, cén chaoi an roghnófaí cúigear le filleadh orthu lena gcuid saibhris a bhlaiseadh athuair? An cúigear is deireanaí gur léigh tú? Cúigear na seachtaine seo? Cúigear na seachtaine seo caite? Cúigear na seachtaine seo chugainn?

Bheadh Cré na Cille molta agam seachtain ar bith. Fos fhéin, maímse gurb í gearrscéalaíocht Mháirtín Uí Chadhain buaic a cheirde. Léiríonn feabhas a chnuasaigh, An tSraith á Tógáil, gurab amhlaidh atá. Samhlaím fós an páipéar-choinneálaí bocht, J (An Eochair), ag falróid i measc trodáin an mhaorlathais go mbeireann bás anóiteach air. Réitíonn imram J leis an diostóipe Kafkach ar gné chomh suntasach sin de litríocht na hEorpa agus Mheiriceá é: samhlaím Buzzati, Cortázar, Vonnegut, Borges agus ríthe eile na diostóipe – agus Ó Cadhain ina rí chomh maith leis an gcuid eile… Meabhraíonn An Eochair dúinn, gona bhlas diostóipeach, ceist mhór nach mbeidh freagra againn go brách uirthi, bestial floor Yeats. Dár scríbhneoirí reatha, is é Daithí Ó Muirí (Uaigheanna agus Scéalta Eile etc) an saothraí is rathúla atá ag treabhadh sa ngort áirithe seo.

Leabhar a bhfaighim blas searbh na fírinne air 310PRCLasrL._SS500_

Mealltar mé i gcónaí ag critíc ghéarchúiseach ar mhachnamh na linne seo ach é a bheith dea-scríofa, cruinn. Bíonn an fhírinne searbh, gan dabht, ach más áil leat blas na seirbhe? Agus an blas úd á shanntú agam, thabharfainn aghaidh ar Beyond the Hoax: Science, Philosophy and Culture le Alan Sokal ina mbaintear feidhm as argóintí léire, fíricí na heolaíochta agus greann cliste le saoithe Francacha an Iár-nuaoiseachais a bhréagnú. Tour de force!

 

Leabhar a thugann cuntas máistriúil dúinn ar aicmí éagsúla phobal na hiar-réablóide 51xtBDpI+iL._SY344_BO1,204,203,200_

Léamh géarchúiseach ar shochaí na tíre seo tar éis Chogadh na mBráthar is ea The House of Gold, úrscéal le Liam Ó Flaithearta. Is é an t-úrscéal Gaeilge ab fhearr nár scríobhadh ariamh é! Murach An Flaitheartach a bheith curtha ó dhoras ag Gluaiseacht na Gaeilge ag an am, chuile sheans gur i nGaeilge a bheadh an ríshaothar seo scríofa. Trí imeachtaí clann ceannaithe de chuid na Gaillime sna luathfhichidí a thuairisciú, tugann an scríbhneoir Árainneach seo cuntas máistriúil dúinn ar aicmí éagsúla phobal na hiar-réablóide, idir chléir agus thuata. Is léargas é ar bhuaine mheon an Éireannaigh, d’ainneoin athruithe sóisialta/polaitiúla na tíre ó shin. Tá léamh Uí Fhlaithearta ar shíc-eolaíocht chine Gael le hábhar i gcónaí. Ba é The House of Gold an chéad leabhar a tháinig faoi bhac an Bhoird Cinsireachta nua nuair a tháinig an chéad eagrán de ar an bhfód i 1929.

An leabhar filíochta a chrochfainn chuig m’oileán rúin

 Is foinsí inspioráide dom i gcónaí saothar chnuasaithe Mháirtín Uí Dhireáin (go háiríd dánta a roghnaigh Dúghlas Sealy agus mé fhéin don chnuasach Tacar Dánta – Selected Poems dá chuid) agus duanaireacht draíochtúil Shomhairle Mhic Gill-Eain, sáréigeas Alban, filí a chuir Gaeilge mheirg na hÉireann is na hAlban ag rince athuair. img.php

Fós féin roghnóinn Un Corazón de Nadie (Croí Duine Nach bhFuil Ann) le rí-éigeas na Portaingéile, Fernando Pessoa, dá mbeadh leabhar filíochta amháin le crochadh agam chuig m’oileán rúin. Tuige? Mhair triúr scothfhilí eile, Alberto Caeiro, Ricardo Reis agus Alvaro de Campos, a ghuth sainiúil fileata féin, ag chuile dhuine acu, is ag Pessoa fhéin, ár ndóigh, taobh istigh de chraiceann an fhile ilphearsa seo. Tá cnuasach dátheangach (Portaingéilis/Spáinnis) de shaothar iomlán an “cheathrair” álainn seo ar fáil: dánta a dhearfadh m’oileáin rúin le braistintí geala gléineacha.