Le misneach na hóige a chaith mé mo vóta den chéad uair riamh inné

Cibé toradh a bheas ar chúrsaí, is é is lú a thig le mo ghlúinse a dhéanamh ná dúshlán lucht an doichill a thabhairt

Le misneach na hóige a chaith mé mo vóta den chéad uair riamh inné

Pictiúr: @SophcoCooper/Twitter

Tá lá na cinniúna buailte linn agus toradh thoghchán an lae inné le fógairt. 

Agus an chuma ar an scéal go mbeidh lá an Phaoraigh tagtha do Shinn Féin, tá comhartha mór ceiste faoi thoilteanas na nAontachtaithe seasamh leis an daonlathas nuair nach bhfuil an lámh in uachtar acusan. Seo an comhthéacs inar chaith mé féin mo chéad vóŧa. Seo an Tuaisceart. 

Níl rud ar bith simplí faoi chúrsaí polaitíochta sna sé chontae, ach má bhí rud amháin ríshoiléir ó tharla an chríochdheighilt, ba é sin meon forcheannasaíoch na nAontachtach, meon atá fós le sonrú, go háirithe i measc go leor sa TUV agus sa DUP. 

D’aontaigh na príomhpháirtithe uilig ar chomhroinnt cumhachta trasphobail i gComhaontú Aoine an Chéasta, i gComhaontú Chill Rímhinn agus arís san NDNA. Rinneadar sin ar an tuiscint go n-ainmneodh an páirtí ba mhó an Chéad-Aire. Ach tá an chuma air go ndiúltóidh na mórpháirtithe aontachtacha glan dul isteach san fheidhmeannas nua má bhíonn Sinn Féin sa chéad áit, mar atá á thuar. 

Fiú nuair a ceistíodh Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, faoi sin an tseachtain seo, ní raibh sé sásta a dheimhniú go seasfadh siad leis an daonlathas céanna a thug ról an Chéad-Aire dóibh féin le breis is 20 bliain. Ní féidir a shéanadh gur ar bhonn glas in éadan oráiste atá na bearta seo á mbagairt ag an Pháirtí Aontachtach – agus ag brath ar an spion atá orthu – Daonlathach. 

Ina ainneoin seo, is léir go bhfuil dóchas éigin agam go seasfaidh an daonlathas. Mura mbeadh ní bheadh mo vóta caite inné agam.

Dúirt Séamus Heaney ina sheanaois gur deacair d’aon duine a rugadh agus a tógadh sa tuaisceart a bheith ródhóchasach. Is deacair an óige a chloí, áfach, agus mar a tharlaíonn glúin i ndiaidh glúine bíonn brí agus misneach ag an aos óg go dtig le cúrsaí feabhsú. Tá sé cloiste agam ó dhaoine a d’fhás aníos anseo in aimsir na dTrioblóidí go bhfuil daoine óga soineanta, nó gan tuigbheáil ar chroí na ceiste, ach sílim féin gur rud iontach folláin é nach n-amharcaimid ar an domhan tríd lionsaí glas agus oráiste. 

Sin ráite, sílim go bhfuil trí chineál duine óg sa tuaisceart. 

Ar lámh amháin, tá an dream nach bhfuil a mbarúlacha neamhspleácha féin cruthaithe acu, nach bhfuil i ndiaidh dúshlán a thabhairt nó athsmaoineamh dá laghad a dhéanamh ar an chlaonadh pholaitiúil atá acu. Seo daoine óga a dtéann na polasaithe agus ráitis is míchuibheasaí i bhfeidhm orthu, agus is dócha a vótálfaidh le páirtithe traidisiúnta bunaithe ar a gcúlra, amhail Sinn Féin agus an DUP, nó i gcásanna níos coimeádaí, Aontú do náisiúnaithe agus TUV d’aontachtaithe. 

Ar an lámh eile, tá an dream is mó borradh – daoine óga ar cuma sa tsioc leo i ndáiríre faoin ‘cheist bhunreachtúil’, agus atá níos buartha faoi cheisteanna ar nós cearta daonna agus sibhialta, an timpeallacht, bochtaineacht, córas oideachais, córas sláinte agus seirbhísí meabhairshláinte. Is é mo thuarsa ná go mbeidh an rath is mó ar na páirtithe láir san aoisghrúpa seo. 

Leithéidí Alliance, SDLP, An Páirtí Glas agus Pobal seachas Brabús, atá i ndiaidh daoine óga a mhealladh trí reitric thomhaiste agus comhionannas do chách a chur chun cinn. Tá na ceithre pháirtí i bhfách le pósadh comhghnéis, gníomh éigeandála i gcoinne na géarchéime aeráide, gnéasoideachas riachtanach a bhfuil bun fírinne leis, infheistiú suntasach i seirbhísí meabhairshláinte agus tá beirt acu ar son na rogha i dtaca le ginmhilleadh (CPsB agus na Glasaigh), agus an dá pháirtí eile ag tabhairt rogha choinsiasa dá gcomhaltaí. 

Idir dhá cheann an speictrim sin, tá an dream is fairsinge. Daoine óga atá eolach faoi stair chorrach an tuaiscirt ach a bhfuil rudaí eile chomh tábhachtach céanna dóibh leis an cheist bhunreachtúil. Ní thacaíonn siad go dall le páirtithe; roghnaíonn siad ar dtús cé acu idé-eolaíocht náisiúnach nó aontachtach is fearr leo, agus ansin amharcann siad ar pholasaithe na bpáirtithe éagsúla.

Mar shampla, más aontachtach níos liobrálaí atá ionat, msh. más comhghuaillí leis an phobal LADTA+ thú, beidh tú níos báúla leis an UUP atá i bhfách le pósadh comhghnéis. Ar an dóigh chéanna, más náisiúnach thú, ag brath ar do sheasamh i leith an ghinmhillte, tá Sinn Féin agus Aontú ina roghanna ceartmhalartacha, mar aon leis an SDLP, nach bhfuil treoir aoire acu ar an cheist. 

Ansin tá mise, Gael óg nach dtig léi fiú a teastas breithe, fianaise a beatha, a fháil ina teanga dhúchais de bharr naimhdeas pháirtithe áirithe sa stát i leith mo theanga, agus dá réir sin, i mo leith féin. Beidh Gaeilgeoirí óga ag amharc go soiniciúil ar bhearta na bpáirtithe ó thosaigh gluaiseacht an Dreama Dheirg.

Ní leor, i mo bharúilse, an líne ‘ar son achta’ atá ag an SDLP, Alliance agus na Glasaigh. Leis an fhírinne lom a insint, is iad Sinn Féin go dtí seo an t-aon pháirtí atá i ndiaidh tús áite a thabhairt don teanga le blianta anuas. Caithfear aitheantas a thabhairt dóibh as sin, mar aon le Pobal seachas Brabús a rinne tosaíocht as Acht Gaeilge in 2017.

Cé nach raibh mórán ruaille buaille le cloisteáil ar na mallaibh faoin Acht, tá éileamh ollmhór fós ann dó agus tuigeann na hAontachtaithe sin – cad chuige eile a mbeadh sé luaite i bhforógra an TUV? 

Ag deireadh an lae, cé go bhfuil tuairim measartha cruinn againn faoi thorthaí an toghcháin inniu, ní thiocfadh leis an saineolaí is críonna iarmhairtí na dtorthaí sin a thuar. 

Cibé toradh a bheas ar chúrsaí, is é is lú a thig le mo ghlúinse a dhéanamh ná dúshlán lucht an doichill a thabhairt. Mar sin, le misneach na hóige, a chaith mé mo vóta agus dóchas agam go seasfaidh an daonlathas. Tá a fhios againn uilig – is beag rud nach gcuidíonn! 

Dalta iarbhunscoile as Carn Tóchar i nDoire í Cliodhna Ní Mhaináin. Tá sí 19 bliain d’aois. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

 

Fág freagra ar 'Le misneach na hóige a chaith mé mo vóta den chéad uair riamh inné'