LÁITHREACH BONN: Tionscadal píolótach? Tá an domhan trí thine! 

Tá deis ag Éirinn fuinneamh gaoithe glan inathnuaite a ghiniúint nach bhfuil ag roinnt mhaith tíortha eile san Eoraip 

LÁITHREACH BONN: Tionscadal píolótach? Tá an domhan trí thine! 

Tá an domhan trí thine. Tá ár bpláinéad ag impí ar na ceannairí an méid is gá a dhéanamh chun an dochar atá á dhéanamh don chomhshaol ag astaíochtaí carbóin iomarcacha seasta a chosc. 

Chun gur féidir an méadú ar an teocht dhomhanda a theorannú, táthar ag iarraidh ar an tsochaí, ar fud an domhain, dhá phríomhrud a dhéanamh – san fhadtéarma go n-athrófar an modh ina gcumhachtaítear sochaithe agus sa ghearrthéarma go laghdófar an dochar don chomhshaol a dhéanann cuid dár ngníomhaíochtaí eacnamaíocha.  

Bhí ceannairí domhanda ag achrann le chéile faoin méid ar cheart agus nár cheart a ghealladh, mar chuid de chaibidlíocht COP26 i nGlaschú. Ceann de na buncheisteanna is deacra a réiteach ná cathain ar cheart dúinn úsáid breoslaí iontaise a chéimniú amach – cinneadh atá réasúnta achrannach a mbeidh tionchar aige orainn go léir. 

Fiú in Éirinn, nílimid in ann na rudaí is follasaí a dhéanamh go tapa. Díleá anaeróbach, cuir i gcás – an próiseas trína ndéanaimid astaíochtaí díobhálacha talmhaíochta, ar nós sciodair, a thiontú ina ngás nádúrtha inathnuaite agus ina leasachán atá neamhdhíobhálach don chomhshaol. 

Mar chuid den Phlean Forbartha Náisiúnta, tá cinneadh déanta ag an Rialtas tionscadal píolótach a leathadh amach. Tionscadal píolótach – tá an domhan trí thine! 

N’fheadar ó thalamh an domhain cad ina thaobh go bhfuil tús chomh támáilte san á chur leis an rud. Ní teicneolaíocht nua é seo – tá sé in úsáid cheana féin ar fud an Aontais Eorpaigh. Tá breis agus 4000 de na díleáiteoirí seo tógtha ag an bhFrainc le seacht mbliana anuas.

Ba cheart don Aire McConalogue agus don Aire Ryan dearmad a dhéanamh ar thionscadal píolótach; agus an cistiú agus na hacmhainní is gá a ghealladh chun na céadta de na háiseanna seo a thógáil sna cúig bliana amach romhainn. A bhuí leis sin, d’fhéadfadh sé go dtiocfadh laghdú 15-20 % ar astaíochtaí meatáin talmhaíochta agus go gcruthófaí na mílte post dea-íoctha in earnáil na tógála ag an am céanna.

Ag féachaint ar ár bhfoinsí cumhachta amach anseo, ní mór dúinn lántairbhe a bhaint as ár suíomh tíreolaíoch. Mar oileán, agus an tAigéan Atlantach fiáin amach ó chósta an iarthair, tá deis againn nach bhfuil ag roinnt mhaith tíortha eile san Eoraip – an deis fuinneamh gaoithe glan inathnuaite a ghiniúint trí fheirmeacha gaoithe amach ón gcósta. Síorfhoinse fhlúirseach giniúna leictreachais atá ag impí ar Aire teanntásach cróga gníomhú. 

Cá bhfuil ár dtriall agus na deiseanna seo ar leac an dorais againn? Is bocht an scéal é nuair is é an freagra nach bhfuil aon cheann scríbe ann. An tseachtain seo caite, chualamar gur dhein príomhghníomhaí de chuid na hIorua, in earnáil an fhuinnimh ghaoithe amach ón gcósta, Equinor, cinneadh tarraingt amach as margadh na hÉireann toisc go raibh creataí pleanála agus rialála na hÉireann ag déanamh tinnis dó. 

Mura bhfuil Éire in ann a creataí pleanála agus rialála a chuíchóiriú agus í go síoraí seasta ag tarraingt na gcos nuair a thagann an crú ar an tairne, beimid ag titim chun deiridh ar bhonn domhanda ó thaobh laghdú astaíochtaí carbóin de. 

Is léir dom nach bhfuil ár gcreataí pleanála agus rialála oiriúnach don fheidhm, go háirithe agus mórthionscadail bhonneagair atá dírithe ar an aeráid á láimhseáil. Níos measa fós, tá míshuaimhneas institiúideach ann nach bhfuiltear toilteanach nó nach bhfuiltear in ann tíortha a chur i mbun oibre ar an luas is gá chun go dtiocfaidh an pláinéad slán.  

Ní mór d’Éirinn lántairbhe a bhaint as na deiseanna a thiocfaidh as aistriú ó gheilleagar atá ag brath ar bhreoslaí iontaise go geilleagar atá ciorclach agus atá á spreagadh ag foinsí inathnuaite. Dála an Uachtaráin Biden, ní mór dúinn a bheith dearfach faoi na poist nua agus na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a thiocfaidh as an aistriú seo. 

Mar sin féin, ní mór dúinn an dearcadh atá againn a athrú. Mar a deirtear in earnáil an ghnó, níor cheart eagla a bheith orainn faoina bheith inár gceannródaithe. Caithfidh muinín a bheith ag infheisteoirí go bhfuil an córas polaitiúil tiomanta athrú a dhéanamh, agus thar aon ní eile, go bhfuil sé tiomanta athrú sistéamach a dhéanamh. 

Le roinnt seachtainí anuas, tá sé ráite ag an Tánaiste nach bhfuil sé ar chumas na hÉireann ach dul i mbun mórthionscadal bonneagair amháin nó dhá mhórthionscadal bonneagair ag an am céanna. Is é an t-aon fhachtóir a chuireann teorainn lenár gcumas na tionscadail sin a chur i bhfeidhm, ina gcuirtear san áireamh mórléargas foriomlán, ná ár gcumas iad a chistiú. Tá mo chuid smaointe féin agam faoin gcaoi ar cheart an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a athchóiriú chun infheistíochtaí tábhachtacha poiblí sna geilleagair ghlasa agus dhigiteacha a chistiú.

Sna chéad deich mbliana dár neamhspleáchas, thóg an Stát damba hidrileictreach Ard na Croise, tráth nach bhféachfadh infheisteoirí idirnáisiúnta orainn, fiú. Anois, agus borradh mór faoinár ngeilleagar agus rátaí úis réasúnta íseal againn, féadfaimid na mórsmaointe misniúla is gá a chur chun feidhme chun ár n-uaillmhianta aeráide a bhaint amach. 

Creidim go láidir gurb iad na tíortha is tapúla a aistreoidh chuig todhchaí carbóin glan-nialasach a bheidh ar thús cadhnaíochta sa chéad seo chugainn ó thaobh dul chun cinn eacnamaíoch de. Ní féidir Éire a choinneáil siar a thuilleadh mar gheall ar a tiomantas éighníomhach do mhórsmaointe misniúla. 

Is Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil é Billy Kelleher. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Tionscadal píolótach? Tá an domhan trí thine! '

  • Dónal Ó Béarra

    Piosa maith tiomanta

  • Antóin

    Tá creataí pleanála agus rialála ag deanámh tinneas do lucht Equinor! Déarfainn gur maith an rud é go bhfuil creataí pleanála agus rialála de shórt eicínt i bhfeidhm sa tír seo.

    An é seo an comhlacht a d’oscail an t-olacheantar is mó in iarthar na hEorpa ag tús na bliana 2020? Statoil an t-ainm a bhí air seo trí bliana ó shin.

    ‘Tá an domhan trí thine’ faoi thrí. Drochchomhartha.

  • Gearóid

    Is léir nach greideann Equinor nó rialtas na hIorua go bhuil an domhan trí thine. San Iorua tá méadú tagtha ar tháirgeadh ola ó 1.77 milliún bairille ola in aghaidh an lae i Meán Fómhair go 1.81 milliún i Deireadh Fómhair. Is ionann an scéal le táirgeadh gáis nadúrtha, mhéadaigh táirgeadh ó 8.9 billiún méadar ciúbach in aghaidh an lae i Meán Fómhair go 10.4 bmc i nDeireadh Fómhair.