LÁITHREACH BONN: Ní chailltear teangacha, cuirtear deireadh leo le mailís nó le faillí

Ní tubaiste intleachtúil amháin é an éagsúlacht teangacha a chailliúint, ach iarmhairt leanúnach an choilíneachais agus an impiriúlachais

LÁITHREACH BONN: Ní chailltear teangacha, cuirtear deireadh leo le mailís nó le faillí

Bímid faoi dhraíocht ag teanga ach cuireann sí soir muid freisin. An teanga an rud is mó a dhealaíonn muid ón gcuid eile de na hainmhithe, “an fhionnachtain is fearr” a chruthaíomar ach is í freisin is mó a scarann muid mar speiceas domhanda, níos mó ná mar a dhéanann cine, creideamh, ná cultúr.

Is iomaí sin miotas atá ann leis an meascán teangacha ar fud na cruinne a mhíniú.  I mBíobla na hEabhraise, ba é an chaoi ar dhéileáil Dia le sotal an duine ag Báibil ná na mílte treibh éagsúil a dhéanamh de phobal a bhíodh aontaithe agus iad ar fad a chur ag labhairt teangacha éagsúla.

Tá seanscéal ag na Bantúigh a deir gurbh amhlaidh a chuaigh na chéad daoine as a meabhair le linn drochghorta agus go ndeachaigh siad ar seachrán ar fud na dúiche agus iad ag breallántaíocht leo gan chiall agus gur tháinig teangacha éagsúla as an mbrilléis sin ar deireadh.

Bhíodh seanchas ag an bpobal Kaska in iarthuaisceart Cheanada an lae inniu gurbh amhlaidh a bhí tuile ollmhór ann agus gur scaipeadh na chéad daoine ar fud na cruinne. Nuair a thráigh an tuile agus chas na daoine ar a chéile arís, bhí a dteanga athraithe agus níor thuigeadar a chéile níos mó.

Seans gurb é an miotas sin an ceann is gaire don fhírinne; cé nár scar tuile mhór an cine daonna riamh óna chéile, tá a fhios againn anois go n-athraíonn teangacha agus go dtéann siad le sruth in achar an-ghearr.  Ní fada i ndiaidh dár sinsir scaipeadh ar fud an hAfraice agus taobh amuigh di agus iad ag tabhairt faoi cheithre hairde na cruinne gur athraigh a dteanga, sin más teanga amháin a bhí á labhairt acu riamh. Tá an próiseas ceannann céanna sin ag tarlú sa mbealach céanna sa lá inniu féin.

Ach ní hionann athrú is bás. Tá an dearcadh forleathan sa gcaint faoi theangacha atá i mbaol gurb amhlaidh a éalaíonn teangacha leo, go dtéann siad i léig nó go stoptar á n-úsáid. De réir an dearcaidh sin, is geall le faisean teangacha, imíonn siad tar éis tamaill nó mar a tharlaíonn leis an teicneolaíocht tagann ceann níos fearr ina n-áit.  An léamh is cineálta a dhéantar ar na daoine a chloíonn leis na seanteangacha gur daoine den seansaol iad, dream coimeádach, nó níos measa fós gur Luddaigh iad.

Ach tá an tuiscint sin mícheart. Cuidíonn an léamh sin le lucht na cumhachta agus is iad na daoine gan chumhacht a bhíonn thíos leis. Cuireann sé in iúl do lucht an choilíneachais nach orthusan an milleán.  Ní chailltear teangacha, is amhlaidh a thógtar uainn iad. Is amhlaidh a chuirtear deireadh leo le mailís nó le faillí. Tugtar lucht labhartha na dteangacha isteach ar theanga nua, nó fágtar iad ag streachailt leo sa spás idir an tseanteanga atá ag dul i léig agus an ceann nua nach bhfuil teacht acu uirthi.

Mhéadaigh an baol ina raibh teangacha go seasta le mar a tháinig náisiúnstáit agus rialtais láir chumhachtacha i réim. Ina dteannta tháinig fionnachtana amhail an clóphreas agus na meáin a bhfuil dornán beag sártheangacha cruthaithe acu agus rinne siadsan gach teanga a bhí rompu a threascairt.

Cé go bhfuil thart ar 7000 teanga beo sa domhan inniu, ní labhraíonn leath an domhain ach ceann éigin de 23 teanga agus ag dul i bhflúirse atá na cinn sin. Deir Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) go bhfuil thart ar 2,400 teanga sa domhan atá leochaileach nó i mbaol agus tá beagnach 600 díobh i mbéal a ndíothaithe.

Mar a deirtear sa Bhreatnais, ‘cenedl heb iaith, cenedl heb galon’ [náisiún gan teanga, náisiún gan chroí] nó sa nGaeilge ‘Tír gan teanga tír gan anam’. Tá teangacha báite go domhain sa gcultúr, is nasc iad ag an duine lena shinsir agus cuidíonn siad chun traidisiúin, béaloideas agus dearcadh saoil a choinneáil beo.  Ní tubaiste intleachtúil amháin é an éagsúlacht teangacha a chailliúint ach is iarmhairt leanúnach é ar an gcoilíneachas agus an impiriúlachas.

Dáiríre is ceist báis nó beatha í seo. Tá sé léirithe ag taighdeoirí san Astráil agus i gCeanada go mbíonn pobail dúchais a choinníonn greim ar a dteangacha níos sláintiúla agus níos aontaithe, go mbaineann siad caighdeán oideachais níos fearr amach, go mbíonn níos lú díobh dífhostaithe agus nach mbíonn an féinmharú agus an t-alcólachas chomh fairsing ina measc.

Cothaíonn an éagsúlacht teangacha smaointe nua agus bealaí nua le breathnú ar an saol. Tháinig comharchumann oibrithe Mondragonas as gluaiseacht chun an Bhascais a athbheochan, teanga a labhraítear in iarthar na bPiréiní ar an teorainn idir an Fhrainc agus an Spáinn. Iarracht a raibh rath uirthi a bhí sa Mondragonas malairt córais seachas an caipitleachas a aimsiú. Rinneadh iarrachtaí dá leithéid ar na kibbutzim agus iad ag tabhairt faoi athbheochan na hEabhraise sa Phalaistín.  Bhí ról an-tábhachtach ag teanga eile de chuid na nGiúdach, an Ghiúdais, i ngluaiseacht an lucht oibre ag tús an fichiú haois a bhuíochas don phreas radacach agus saol na litríochta sa teanga sin atá i mbaol a díothaithe anois.

Ó thaobh an chomhshaoil, na heacnamaíochta agus an chultúir de tá an acmhainn san éagsúlacht teangacha leigheas a fháil ar fhadhbanna arbh iad monailití teanga an domhain a chruthaigh cuid mhaith acu. Sa bhliain 2019, d’fhógair Na Náisiúin Aontaithe an bhliain sin mar Bhliain Idirnáisiúnta na dTeangacha Dúchais agus iad ag aithint go gcuireann na teangacha sin “acmhainní ar fáil don dea-rialachas, do chothú na síochána, don athmhuintearas agus don fhorbairt inbhuanaithe.”

Mar sin tá sé fíorthábhachtach go ndéanfaí athbheochan ar theangacha atá i mbaol faoi láthair, ní hamháin ar mhaithe le lucht a labhartha a bhfuil sé dlite dóibh a bheith ábalta cumarsáid a dhéanamh ina rogha féin teanga ach ar mhaithe le pobal an domhain mhóir. Ar an dea-uair d’éirigh go hiontach le hiarrachtaí roinnt teangacha mionlaigh a athbheochan le dhá scór bliain.

Is fiú an Bhreatnais, mo theanga féin, a lua go sonrach ó tá sí anois ina heiseamláir ag teangacha eile.  A bhuíochas d’fheachtas athbheochana sa dara leath den fichiú haois, tá ceangal i bhfad níos láidre inniu ag leanaí atá ag fás aníos i dtír dhátheangach na Breataine Bige le stair agus cultúr dúchais a dtíre ná a bhí ag a dtuismitheoirí 40 bliain ó shin.

Tá sin amhlaidh d’ainneoin go bhfuil an Bhreatain Bheag i bhfad níos domhandaithe anois agus i bhfad níos mó tionchair ag an saol lasmuigh ar an tír de bharr na teicneolaíochta, rud atá fíor faoi gach náisiún sa lá inniu. Tá sé léirithe ag an mBreatain Bheag chomh maith nach ionann do chuid féin a dhéanamh de theanga atá i mbaol agus a bheith seanaimseartha agus seineafóibeach ach gur féidir fáilte a chur roimh dhaoine nua sa phobal sin agus do theanga féin a bheith acu.

Léiríonn athbheochan na Breatnaise nach bhfuil meath teanga dosheachanta agus gur féidir í a thabhairt ar ais. Tá treoir thábhachtach don obair sin sa rath a bhí ar an teanga anseo le blianta beaga agus is féidir an treoir sin a leanúint ar fud an domhain. Ach is rabhadh atá i scéal na Breatnaise do theangacha eile, léiríonn sí a riachtanaí atá sé an meath a throid ó bhonn láidir. B’fhéidir nár chaill an Bhreatain Bheag a teanga ach cuimhnigh go raibh an Bhreatnais beagnach cloíte nuair ab éigean feachtas fíochmhar a throid chun í a choinneáil ón mbás.

Is ceachtanna tairbheacha cuí iad seo nuair a fheiceann tú an drochbhail atá ar go leor de theangacha an domhain ach ní leor iad astu féin. Laistigh d’Impireacht na Breataine bhí deis ag an mBreatain Bheag troid ar son a teanga agus í a chosaint ó ionradh an Bhéarla.  Ach ina ionad sin is amhlaidh a chuir éilít na Breataine Bige dlús le scrios a gcultúir agus cheangail siad an tír níos daingne fós le Sasana.  Fiú inniu féin is é an Béarla an chéad teanga sa saol dátheangach, tá cainteoirí dúchais na Breatnaise dátheangach ach is beag cainteoir aonteangach Béarla a bhacann leis an mBreatnais a fhoghlaim mar go bhfuil siad cinnte go dtabharfaidh an dlí cosaint dóibh chun ceachtar teanga a úsáid agus go hiondúil ní úsáideann siad ach ceann amháin.

Tá an dátheangachas mar sprioc inmholta ach níl sé le moladh mura mbaintear amach an comhionannas atá le tuiscint ón bhfocal féin, seachas ísliú céime a thabhairt do theanga agus stádas an chaillteora a thabhairt di.

Tá an t-athrú i scéal na Breatnaise le moladh ach ní hin le rá go bhfuil an troid ar son na Breatnaise thart agus d’fhéadfadh an teanga dul i léig fós mura gcuirtear ar an leibhéal céanna í leis an mBéarla i ndáiríre.

Mura mbeidh múnla againn chun teangacha atá i mbaol a athbheochan agus cinn a d’fhéadfadh a bheith i mbaol a chothú, tá an baol ann go gcaillfimid tuilleadh fós dár n-éagsúlacht teangacha agus leosan, go gcaillfimid na smaointe, na coincheapa, na fionnachtana, an fhilíocht, an ealaín agus an ceol atá i gcroílár na dteangacha sin.

Sliocht a ndearnadh eagarthóireacht air as ‘Speak Not: Empire, identity and the politics of language’ (Zed/Bloomsbury 2021) le James Griffiths atá sa phíosa seo. Comhfhreagraí na hÁise le ‘Globe and Mail’ Cheanada é.  

Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith.

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Ní chailltear teangacha, cuirtear deireadh leo le mailís nó le faillí'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Sílim go bhfuair an Bhreatain Bheag maoiniú ó Londain (rialtas Shasana) leis an teanga dúchais, an Bhreatnais, a athbheochan? Tír nach bhfuil ann ach, caidé, milliún duine? An bhfuil an mhaoiniú ar fáil ó rialtas na hÉireann leis an Ghaeilg a athbheochan ar fud na tíre??

  • Liam Ó Briain

    Ní raibh aon athbheochan don Bhreatnais i ndáiríre cé go bhfuil an t-údar ag maíomh a mhalairt. Tá sí fós á labhairt go tréan in iarthuaisceart na tìre ach tá creimeadh tagtha uirthi in áiteachaí eile toisc go bhfuil Bearlóirì tagtha chun cónaithe ann agus easpa deiseanna ag an pobal áitiùil chun tìthe a cheannach ag praghas réasúnta. I ndaonáireamh 2001 bhí 20.8% den daonra ina chainteoirí agus bhí laghdú beag ar sin go 19% i 2011.