LÁITHREACH BONN: Is saibhre sinn an iliomad stíl amhránaíochta thraidisiúnta a bheith againn san Eoraip

Tugann an t-amhránaí aitheanta sean-nóis Seosaimhín Ní Bheaglaoich léargas ar thraidisiúin amhránaíochta ársa na hEorpa agus an tábhacht a bhaineann leo a chaomhnú 

LÁITHREACH BONN: Is saibhre sinn an iliomad stíl amhránaíochta thraidisiúnta a bheith againn san Eoraip

Níorbh é an chéad uair ón dteas go dtí an fuacht agam é nuair a thugas aghaidh ar thír Lochlannach tá tamall beag de bhlianta ann anois. Uddevalla na Sualainne ainm na háite. Cuireadh a bhí ann agam ó scoláire a bhí im rang amhránaíochta in Ard-Scoil Cheoil DIT, (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath anois.)

Féile bheag cheoil a bhí á heagrú ag a máthair agus bhí suim ar leith acu in amhránaíocht thraidisiúnta na hÉireann. Is mé a bhí breá sásta aghaidh a thabhairt i dtreo an Mhoil Thuaidh chun tamall cuileachta is scléipe a bheith agam i measc cairde is stróinséirí ceolmhara. 

Is iad a bhí fáilteach ar gach aon slí ach ná rabhadar flaithiúil ó thaobh an bhraoinín chrua de. I gcás amhránaithe traidisiúnta de is túisce deoch ná duan, gan trácht air ‘fliuchadh béil’, ach tirim go maith a bhí mo chairde sean is nua, nuair a chuaigh mé ar thóir taoscáinín a bhogfadh mo scornach sara dtabharfainn fén stáitse suas…

Peaca maraitheach nach mór ab ea é a leithéid a bheith id’ ghlaic agat ins an láthair áirithe san. Rialacha diana alcóil ag na Sualannaigh. Mhaígh iriseoir ar an láthair nach é go raibh fadhb óil níos mó acusan ná mar atá againne in Éirinn ach amháin go ndéanann siad san ‘rud éigin’ mar gheall air! Sin iad na Liútaraigh agat, bail orthu. Aon neach a mbeadh spalladh tarta air sa tSualainn, ní fada go mbeadh coimpléasc aige/aici ina thaobh, tá san siúrálta. 

Aon ní amháin ná raibh aon easpa ócáide de i gceantar Uddevalla ná an chantaireacht. Kulning ina theannta san. Cantaireacht fíorársa í seo, nótaí áille ceoil a bhíodh agus atá fós in úsáid a’ glaoch chun tí ar ainmhithe a bhíonn i bhfad ó bhaile ag iníor is ag cogaint ar thalamh ard. Mná de réir dealraimh is mó a dhéanadh an ‘caoineadh’ seo. Baineann siad macalla breá as airde na sléibhte is na ngleannta, chun tathag a chur lena nótaí ceoil.

Sórt ‘porta beul’ dála na hAlban a bhíonn i gceist…gutaí agus nótaí ceolmhara ná déanann mórán céille, a ghlaoch amach os ard. 

Sibhse go bhfuil leanaí óga agaibh b’fhéidir go bhfaca sibh an scannán Frozen a Dó, má chonaic, bhí dreas breá Kulning ar bun aige Christine Hals ann agus í a’ glaoch abhaile go ceolmhar diamhair ar thréad gabhar. 

Bhaineas féin lánsásamh as an gceardlann Kulning agus mé in Uddevalla.

Ní raibh sé fuirist ach bhí sé taitneamhach. Déarfainn go mbeadh Éireannaigh go maith aige. Má thug an tOireachtas STEIP chugainn, canathaobh ná tabharfaidís Kulning chugainn. Nach bhfuil scamhóga na nÉireannach chomh folláin le haon dream eile agus nach bhfuil DNA Lochlannach leis inár gcuisle…

Bhí sé de sheans liom leis agus de phribhléid gan aon cheist, cuairt a thabhairt ar thuaisceart na Fionlainne tamall de bhlianta ó shin. Dúthaigh í seo ina bhfuil treibh daoine ar a dtugtar Sami in uachtar. Meastar gurb iad seo an t-aon phobal ‘bundúchasach’ Eorpach dá bhfuil ann. Feirmeoirí réinfhia ab ea iad riamh. Leathann a gcríocha soir ón Iorua, tríd an tSualainn, an Fhionlainn agus ábhairín de thailte na Rúise.

Níor ghéill siad go stairiúil d’aon teorainn. Ní nach ionadh níor chaith na húdaráis éagsúla go maith leo agus an neamhspleáchas intinne is meoin seo acu. Déanadh éagóir agus leatrom orthu go mion minic. Cheap lucht Eaglaise siar amach gur daoine barbartha gan chultúr na daoine breátha seo. Tá feabhas mór ar a stádas anois go bhfuil a bParlaimint féin agus neamhspleáchas de shórt acu.

Sa dúthaigh bhreá san a chéad chuala mé an chantaireacht ar a dtugtar Joik. 

Sean-nós amhránaíochta é, atá fíorársa agus fíorthábhachtach i measc an phobail. Chreid a sinsear gur ós na ‘daoine maithe’ anuas a tháinig an traidisiún amhránaíochta seo. Tá spioradáltacht a’ baint leis. Is tríd an meán seo, a insíonn siad scéal is stair a muintire.

Creideann na Sami go bhfuil anam is spiorad in ainmhithe, i bplandaí, i gcarraigeacha agus i ngach neach beo.

Is álainn mar choincheap é. I bhfad níos sibhialta agus níos tuisceanaí b’fhéidir ná na daoine a bhí á cháineadh siar amach.

Tá diamhaireacht agus áilleacht sa cheol a dhéanann na cantairí traidisiúnta Joik, an traidisiún amhránaíochta is ársa san Eoraip de réir dealraimh.

Deacair é a mhíniú gan a bheith ábalta é a chlos. Chomh deacair céanna sean-nós na hÉireann a mhíniú d’éinne nár chuala riamh é.

Is leor a rá gur saibhre sinn an iliomad stíl amhránaíochta thraidisiúnta a bheith ar fáil dúinn chun sult is ceol a bhaint as an saol.

Amhránaí agus iarchraoltóir as Baile na bPoc i gCorca Dhuibhne í Seosaimhín Ní Bheaglaoich. Fuarthas maoiniú ó Tuairisc Bheo Teoranta agus deontas ó Pharlaimint na hEorpa don togra Láithreach Bonn. Níl aon lámh ag Parlaimint na hEorpa san ábhar a fhoilsítear sa tsraith ná aon fhreagracht uirthi ina leith

Fág freagra ar 'LÁITHREACH BONN: Is saibhre sinn an iliomad stíl amhránaíochta thraidisiúnta a bheith againn san Eoraip'