Seachtain tar éis d’Éowyn an tír a réabadh, is léir cheana féin go gcaithfear dlús a chur le fearas agus eagar an stát chun déileáil le stoirmeacha móra eile.
Is léir nach leor feabhas a chur ar chur chuige na seirbhísí poiblí amháin. Tá eagrais dheonacha ar nós clubanna Chumann Lúthchleas Gael i mórán áiteanna ag cabhrú le daoine a fágadh gan leictreachas agus/nó gan uisce tar éis na stoirme.
Is léir freisin gur mó an brú a chuirfidh drochstoirmeacha eile de bharr athrú aeráide ar gach eagras sa tír a bheith faoi réir chun teacht i gcabhair ar dhaoine a bheidh i gcontúirt nó i gcruachás ina ndiaidh.
Ní abródh duine ciallmhar ar bith gur féidir na beartais a theastaíonn roimh an gcéad Rabhadh Dearg eile a chur i bhfeidhm gan rannpháirtíocht iomlán a bheith ag mná i ngach réimse den obair.
Ní mholfadh fear stuama ach oiread gur chóir drochshampla cheannairí an rialtais agus airí á dtoghadh acu a leanúint i ngnó chomh tábhachtach. Faraor is léir ó thaobh uimhreacha go bhfuil cothromaíocht inscne sa rialtas ag dul lar gcúl.
Cheap Micheál Martin agus Simon Harris deichniúr fear agus triúr ban mar airí rialtais (ceathrar ban a bhí sa rialtas deireanach). Cheapadar seisear ban mar airí stáit (seisear a bhí sa rialtas deireanach).
Tugadh faoi deara láithreach nuair a chuaigh na hairí stáit os comhair an cheamara ar chéimeanna Thithe an Rialtais Dé Céadaoin nach raibh aon mhéadú ar líon na mban ainneoin triúr airí stáit sa bhreis a bheith ainmnithe.
Nuair a labhair Niall Collins, a ceapadh arís mar aire stáit, ar son an Taoisigh níos deireanaí ar an teilifís chosain sé na roghanna a rinneadh ar dhá chúis. Bhí post rialtais sinsearach nó sóisearach faighte ag ceathrar ban i bhFianna Fáil, a dúirt sé, nó níos mó ná a leath den seachtar ban atá ag an bpáirtí sa Dáil nua.
Bhí an dara cúis a luaigh sé níos ginearálta agus níos doimhne. D’ainmnigh a pháirtí níos mó ban-iarrthóirí ná riamh (34 as 82 iarrthóir san iomlán) san olltoghchán. Is faoi na vótálaithe a bhí sé, áfach, a dúirt sé, na daoine a theastaigh uathu mar Theachtaí Dála a roghnú.
I bhfocail eile, ní fiú a bheith ag gearán faoi easpa ban sa rialtas nuair nár thapaigh an pobal an deis a thug Fianna Fáil dóibh níos mó ban a thoghadh mar Theachtaí Dála. Chosain urlabhraithe eile ó Fhianna Fáil agus ó Fhine Gael ceapacháin a rinne Micheál Martin agus Simon sa tslí chéanna. Thagair siad freisin ar ndóigh do na cúinsí tíreolais a bhaineann le roghnú airí i gcónaí
Bhí cuid den cheart ag Collins agus ag cosantóirí eile an rialtais ach ní tearc na laigí ina gcás. Tá an riail faoina gceiltear maoiniú stáit ar pháirtithe nach dtugann daichead faoin gcéad dá n-ainmniúcháin ar a laghad do mhná á gcomhlíonadh acu go léir.
Ní hionann comhlíonadh rialach áfach agus iarrthóirí a ainmniú go luath, iad a oiliúint agus tacaíocht éifeachtach a thabhairt dóibh.
Seachnaíonn cosantóirí an Taoisigh agus an Tánaiste riachtanas eile. Teastaíonn eiseamláirí ag leibhéal sinsearach an rialtais chun mná a ghríosú chun tabhairt faoi ghairm na polaitíochta. Go háiríthe toisc nár ceapadh bean fós ina Taoiseach. Ná mar aire airgeadais, ná mar aire gnóthaí eachtracha.
Tá an tír sa 97ú áit ar domhan ó thaobh ionadaíocht pharlaiminte do mhná de, de réir an chuntais is deireanaí a rinne an tAontas Idir-Pharlaiminteach. Fágann ban-ionadaíocht 25.3 faoin gcéad sa Dáil an stát chun deiridh ar Ruanda (63.8%) atá sa chéad áit de réir an tsuirbhé (anseo: https://data.ipu.org/women-ranking/ ) agus ar an gcuid is mó de thíortha na hEorpa.
Tá Éire chun deiridh ar na tíortha Lochlannacha go léir (ina bhfuil 43 agus 46 de na suíocháin pharlaiminte ag mná), ar an Spáinn (44.3), ar an Ríocht Aontaithe (40.5), ar an nGearmáin (35.5) agus ar an Fhrainc (36.2).
Is féidir roghanna an Taoisigh agus an Tánaiste a chosaint, ach ní féidir dhá bhunfhíric a shéanadh.
Uimhir a haon: tá sciar na bpost rialtais a tugadh do mhná laghdaithe acu.
Uimhir a dó: ní haon eiseamláir dóchais do mhná é nár ceapadh mná cumasacha – na hairí stáit Hildegard Naughton agus Mary Butler mar shampla – mar airí sinsearacha rialtais.
Is mó an áiféis má chuirtear éagothromaíocht inscne an rialtais i gcomparáid leis an méadú mall ach seasmhach a tháinig ar líon na mban sa Dáil: ó 25 bean tar éis olltoghchán in 2011 go 35 in 2016, go 36 in 2020 agus go 44 (25.3 faoin gcéad) san olltoghchán anuraidh.
Léiríonn torthaí na dtoghchán sin an dea-thionchar a bhí ag na leasuithe ar an dlí a chuir iachall ar na páirtithe tríocha faoin gcéad dá n-ainmniúcháin a thabhairt do mhná in 2016 agus daichead faoin gcéad in 2024.
Dúisíonn na figiúirí ceist faoi bheartas eile a chuirfeadh ban-ionadaíocht chun cinn arís. D’fhéadfaí íosteorainn 40 faoin gcéad d’iarrthóirí a chur i bhfeidhm i dtoghcháin áitiúla, mar a mhol tionól saoránach in 2021 agus mar a mhol Comhairle Náisiúnta na mBan le gairid.
Ní féidir a bheith cinnte áfach go mbeadh an dea-thionchar céanna ar riail dá leithéid toisc gur fusa seasamh mar iarrthóir neamhspleách i dtoghchán áitiúil agus a bheith slán ó riail dá leithéid. B’fhéidir go mb’fhearr brú deonach nó iachall dlíthiúil a chur ar Thaoisigh céatadán post rialtais a thabhairt do mhná.
I bhfianaise na gceapachán a fógraíodh Dé Céadaoin, is deacair ciall a bhaint as na leideanna a thug foinsí rialtais roimh ré go gceartódh ceapadh na n-airí stáit an éagothromaíocht inscne a cáineadh tar éis bhunú an rialtais.
Is ríléir áfach an chabhair neamhbheartaithe a thug rogha na bhfear rialtais do cheannairí an fhreasúra. Beidh an chontrárthacht idir foireann rófhireann an rialtais agus lucht ceannais an fhreasúra follasach sa Dáil gach uair a bheidh fir an rialtais á gceistiú ag Mary Lou McDonald, Ivana Bacik agus Holly Cairns.
Fág freagra ar 'Lagóidh imeallú na mban an Taoiseach agus é á cheistiú ag ceannairí an fhreasúra '