Laghdú €30 ar phraghas ticéid d’athimirt chluiche ceannais na hÉireann

D’fhógair CLG chomh maith tráthnóna gurb é Conor Lane as Corcaigh a bheidh mar réiteoir ar an athimirt, a thríú cluiche ceannais

Laghdú €30 ar phraghas ticéid d’athimirt chluiche ceannais na hÉireann

Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Beidh costas €60 ar thicéad seastáin d’athimirt chluiche ceannais peile na hÉireann faoi cheann 12 lá. €90 a bhí ar a leithéid de thicéad do chluiche an lae inné, inar chríochnaigh Áth Cliath agus Ciarraí ar comhscór i bPáirc an Chrócaigh inné, 1-16 an taobh.

D’fhógair CLG chomh maith tráthnóna gurb é Conor Lane as Corcaigh a bheidh mar réiteoir ar an athimirt, an tríú cluiche ceannais aige.

Is ball é Lane de CLG Bhántír/An Ladhair agus ba é a bhí i bhfeighil ar chluiche ceannais na bliana seo caite idir Áth Cliath agus Tír Eoghain agus Árh Cliath agus Maigh Eo in 2016. Bhí sé ina réiteoir ar an gcluiche leathcheannais idir Maigh Eo agus Áth Cliath i mbliana.

Conor Lane. Pictiúr: NPHO/Laszlo Geczo

Tá an athimirt ar chluiche ceannais chraobh peile na hÉireann 2019 socraithe tráthnóna Dé Sathairn, 14 Meán Fómhair, ag 6pm.

Beidh costas €30 ar thicéad do chéimeanna Chnoc 16 agus d’Ardán Nally, laghdú €15ar phraghas a leithéid don chéad chluiche.

Cuirfear ticéid ar €10 ar fáil don dá chontae do ghasúir. Ní dócha go mbeidh aon ticéad ar díol don phobal agus gurb amhlaidh gur tríd na clubanna a dhíolfar iad go léir.

Nuair a bhí athimirt ann don chluiche ceannais peile idir Áth Cliath agus Maigh Eo in 2016, thit praghas na dticéad seastáin ó €80 go dtí €60.

Nuair a bhí athimirt ann sa chluiche ceannais iomána in 2012 agus in 2014, bhí €50 ar thicéad seastáin.

Tháinig ardú €10 ar phraghas na dticéad don chluiche ceannais i mbliana i gcomparáid le cluichí ceannais na bliana seo caite.

Meastar go dtuillfidh CLG suas le €4 milliún breise de thoradh na hathimeartha.

D’fhógair RTÉ inniu go raibh 968,700 duine ar an meán ag breathnú ar chluiche an lae inné, 76.5% de líon na ndaoine a bhí ag féachaint ar an teilifís ag an am. Bhí os cionn milliún duine ag féachaint ar an mbeochraoladh i dtreo dheireadh na himeartha.

D’fhéach 12,000 duine in Éirinn ar chraoladh Sky Sports ar an gcluiche céanna.

Fág freagra ar 'Laghdú €30 ar phraghas ticéid d’athimirt chluiche ceannais na hÉireann'