Laghdú ar líon na bhfoirmeacha Gaeilge a líonadh do Dhaonáireamh 2016

Bhí Conradh na Gaeilge ag súil go dtiocfadh méadú ar líon na ndaoine a lorg foirm Ghaeilge ón 7,751 teaghlach rinne amhlaidh in 2011 go 10,000 in 2016

Laghdú ar líon na bhfoirmeacha Gaeilge a líonadh do Dhaonáireamh 2016

Sam Boal/Rollingnews.ie

Léiríonn staitisticí a thug an Phríomh-Oifig Staidrimh do Tuairisc.ie gur theip ar iarrachtaí an pobal a spreagadh leis an leagan Gaeilge d’fhoirm an Daonáirimh a líonadh anuraidh.

Bhí Conradh na Gaeilge ag súil go dtiocfadh méadú ar líon na ndaoine a lorgódh foirm Ghaeilge ón 7,751 teaghlach a líon an leagan Gaeilge in 2011 go 10,000 in 2016.

Líonadh tuairim is 8,700 foirm Ghaeilge ar an iomlán in 2011 nuair a chuirtear na foirmeacha speisialta a dháiltear ar óstáin, brúnna óige, tithe altranais, stáisiúin na nGardaí agus ionaid eile san áireamh. Tuairim is 7,700 foirm Ghaeilge san iomlán a líonadh in Aibreán na bliana 2016, laghdú 12%.

De réir threoirlínte na Príomh-Oifige Staidrimh, ba chóir go gcuirfeadh áiritheoirí an Daonáirimh ceist ar gach duine cé acu ba rogha leo an Daonáireamh a líonadh as Gaeilge nó as Béarla agus ba chóir go gcuirfí rogha leagan Gaeilge na foirme ar fáil do gach teaghlach nuair a thagann na háiritheoirí chuig an doras.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go bhfuil “díomá” ar an eagraíocht faoina laghad daoine a líon an fhoirm Ghaeilge anuraidh ach dúirt go bhféadfaí cuid den mhilleán a leagan ar ghanntanas na bhfoirmeacha céanna. 

“Tá díomá orainn cinnte, ach rud amháin a thugamar faoi deara nuair a bhí na foirmeacha á ndáileadh ná go raibh an oiread sin scéalta ann faoi dhaoine a lorg foirm i nGaeilge ón áiritheoir ach nach bhfuair ceann toisc nach raibh siad ar fáil nó nach raibh a fhios ag na hoibrithe go raibh siad ar fáil,” a dúirt sé.

Beidh cruinnithe ag an gConradh le hionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh amach anseo le leagan amach na bhfoirmeacha daonáirimh a phlé. Tá súil ag de Spáinn go mbeidh foirmeacha dátheangacha á ndáileadh don chéad daonáireamh eile, a áireofar in 2021.

“B’fhearr i bhfad foirm dhátheangach a bheith ar fáil amach anseo. Tá cúpla fadhb le foirm Bhéarla agus foirm Ghaeilge a bheith ar fáil. Ar an gcéad dul síos, daoine ar mhaith leo tacú leis an nGaeilge ach atá buartha faoin téarmaíocht agus caighdeán na Gaeilge a bheadh ar fhoirm, ní thógfaidh siad leagan Gaeilge. D’fhéadfaí dul i muinín foclóra nó an leagan Béarla a aimsiú ar líne ach is beag duine a dhéanfadh é sin.

“Anuas air sin, má thugtar leagan Béarla do dhuine ag an teach, ní chuardóidh gach cainteoir Gaeilge an leagan Gaeilge ar bhonn prionsabail. Glacfaidh go leor cainteoirí Gaeilge leis an leagan Béarla gan cheist,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt sé gur mhaith leis go mbeadh leagan dátheangach á dháileadh ar fud an stáit agus go mbeadh leagan Gaeilge ann sa Ghaeltacht agus dóibh siúd a d’iarrfadh a leithéid.

Tháinig laghdú ar líon na ndaoine a dúirt go raibh labhairt na Gaeilge acu sa Stát de réir na bhfigiúirí ó Dhaonáireamh 2016 a d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Déardaoin. Thug 1,761,420 duine le fios sa Daonáireamh go raibh Gaeilge de chineál éigin acu. Is laghdú 0.7% é sin ar an 1,774,437 duine a thug le fios go raibh Gaeilge acu sa Daonáireamh a rinneadh in 2011.

Fág freagra ar 'Laghdú ar líon na bhfoirmeacha Gaeilge a líonadh do Dhaonáireamh 2016'

  • tglurgan

    Tá os cionn 30,000 bun-mhúinteoir agus 5,000 meán-mhúinteoir á n-íoc go flaithiúil ( meán-phacáiste sa mbreis ar €100,000 sa mbliain nuair a thógtar cuinsí phinsin san áireamh) mar “Ghaeilgeoirí Gairmiúla”. Cuir na hacmhainn seo ag obair ar son na teanga seachas an “Murder Machine” ata anois ann – an fhadhb sortáilte.
    Céard faoi cur chuige le córas ceart “múineadh/ foghlaim /sealbhú” a chuir in áit? D’fhéadfaí seo a dhéanamh thar thréimse 5 bliana gan aon chostas breise. Ní rocket science atá ann.

  • Eoin

    Is cosúil nach raibh leagan Gaeilge ag an bhfoirm ag Tuairisc.ie féin le pic a ghlacadh don alt seo! ;-0

  • Braoin Ó Braoin

    Tá an murder machine fós i mbun oibre. Is minic a fheicim na torthaí atá air agus mé ag iarraidh cabhrú leis na créatúir bhochta a bhíonn ag fáil faoi réir don scrúdú cainte, mar shampla.

  • Aodán Ó Sé

    Roghnaigh mé foirm Ghaeilge in 2011 agus bhí an fhoirm chéanna ina láimh ag an áiritheoir dom in 2016. Dhein sé a dhícheall Gaeilge a labhairt liom chomh maith. Seirbhís shlachtmhar, ar ndóigh!

  • Máire Ní Mhâille

    Is cuma cén maoiniú a chaitear chun, an Ghaeilge, a chur chun cinn, —Mar a bhfuil toil an duine ann í a labhairt, ní mhairfhidh sí ! Faoi cheann 10 mhbliana éile, beidh sí comh fada siar ,is átá an bia sa

    bhfaocha!! Ach cén fáth nach mbeadh bród ar daoine ,teanga ár sinsear

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Aontaím gur cheart leagan dátheangach den fhoirm daonáireamh a chuir ar fáil d’achan teach sa stáit – chan leagan amháin Béarla agus leagan amháin Gaeilg agus níl ort ach ceann amháin acu a líonadh isteach agus an ceann eile a thabhairt ar ais arís.

    Agus ba cheart an leagan Gaeilg a dháileadh sa Ghaeltacht agus treoirbhileog Béarla le cuidiú – má bhíonn deacrachtaí leis na téarmaí Gaeilge. Déantar seo cheana féin le teangacha iasachta eile atá anois sa tír againn, sé sin, bheirtear an fhoirm daonáireamh don neamhnáisiúnach (leagan Béarla de ghnáth) agus bíonn treoirbhileog ina dteangaidh dúchais féin tugtha leis. Léitear an treoirbhileog – na ceisteanna ceanann céanna is atá ar an bhfoirm – agus cuidíonn sé leis an fhoirm a líonadh isteach.

    Ach tá barúil agam go mbeidh an chéad daonáireamh eile déanta ar líne….seo mar a dhéantar é i Sasain…