Laghdú a dhéanamh ar an ualach atá ar an imreoir idirchontae? Draenáil na Sionainne!

Ar cheart do Chumann Lúthchleas Gael a dhul níos doimhne sa scéal agus iad ag iarraidh laghdú a dhéanamh ar an ualach atá ar pheileadóirí idirchontae? Measann ár gcolúnaí gur cheart

Pictiúr: INPHO/James Crombie
Pictiúr: INPHO/James Crombie

Ní uair amháin atá sé ráite ag George Hook gur thug teacht na gairmiúlachta agus go háirithe comórtais na hEorpa buille marfach don chluiche rugbaí idir clubanna sa tír seo agus níl aon bhréagnú air sin.

Go dtáinig siad, bhí Sraith na hÉireann ag dul ó neart to neart, go fiú clubanna i Roinn 3 agus i Roinn 4 an chomórtais sin ag mealladh imreoirí iasachta agus méadú ag teacht ar líon an lucht féachana.

Is cuimhin liom freastal ar chluiche idir Galwegians agus Buccaneers i gcathair na dTreabh taca an ama seo beagán le cois scór blianta ó shin agus bhí ceathair nó cúig de mhílte duine i láthair. An deireadh seachtaine seo caite bhain na Gaillimhigh áit amach i gCluiche Ceannais Chorn na hÉireann nuair a bhuaigh siad ar churaidh Uladh, Baile na hInse, agus ní dócha go raibh dhá chéad ar Pháirc Uí Chrualaoich.

Seachtain i ndiaidh seachtaine tugaim aghaidh ar an mBóthar Beag, áit a n-imríonn Connachta a gcuid cluichí sa Pro 12 agus sa Challenge Cup. Is beag tráthnóna nach mbíonn os cionn 4,000 duine ansiúd. Meas tú cén uair go deireanach a bhí a dtromlach siúd ag cluiche idir clubanna?

Ariamh ina saol, cuid mhaith acu, déarfainn, agus is ag an dream a thagann le foirne na ngasúr a imríonn ag leath ama amháin a bheadh sé le rá, measaim, go ndéanann siad sin go rialta.

Fós is féidir a rá gan bhréagnú go bhfuil cluiche an rugbaí ag dul ó neart go neart. I bhfad níos mó daoine ag breathnú air ar an teilifís, mámanna airgid urraíochta le fáil ó ollchomhlachtaí, lucht gnó sásta lámh a chur ina bpócaí féin le cur le tuarastal na n-imreoirí is fearr agus é beagnach chomh deacair céanna ticéad a fháil do chluiche idirnáisiúnta agus a bheadh sé do cheolchoirm de chuid David Bowie dá bhfaigheadh an créatúr deis a theacht ar ais.

Fós níl aon duine in ann cur i gcoinne Sheoirse Mhic an Duáin!

Anois níor tharraing aon duine, fós ar chuma ar bith, pá seachtaine as imirt na peile Gaelaí ná na hiomána, ach tá formhór na rudaí atá luaite agam i dtaobh tóir theilifíse, urraíochta agus ganntanas ticéad fíor faoi mhórfhoirne agus faoi mhórchomórtais Chumann Lúthchleas Gael – ag an leibhéal is airde.

Ach céard faoi chlubanna na heagraíochta sin, an bhunchloch as a n-eascraíonn an ghluaiseacht dheonach spóirt is foirfe agus is mó ar dhroim na cruinne?

georgehook
George Hook

Dá mba suim leis a bharúil a thabhairt (agus ní minic é dá uireasa, bail ó Dhia air, cuma cén t-ábhar a bhíonn i gceist), cén teistiméireacht a thabharfadh George Hook agus scrúdú meáite déanta aige ar an gcás?

Anois, sin ceann duit.

Faoi cheann cúpla seachtain tabharfaidh siad siúd arb é a ndualgas chuile bhliain polasaithe agus rialacha CLG a leagan amach, a mbreithiúnas ar an díospóireacht atá ar siúl le cúpla mí anois faoin mbealach is fearr le laghdú a dhéanamh ar an ualach atá ar an bpeileadóir idirchontae.

Ag féachaint go fuarchúiseach ar a bhfuil ráite go dtí seo, ní thiocfaidh dá bharr ach athrú fánach gan éifeacht. Is le hábhar díospóireachta mór eile atá ar siúl le linn an ama chéanna a bhaineann an tsamhail is fearr atá mise in ann a fháil – draenáil na Sionainne! Is beag an mhaith obair fhánach anseo agus ansiúd. Caithfear tabhairt ón áit a n-éiríonn an braon as an talamh go dtéann sé i bhfarraige.

Seo cuid de na cruacheisteanna atá le cur.

An gá go mbeadh peileadóirí agus iománaithe idirchontae chomh haclaí ullmhaithe leo siúd atá ag saothrú an airgid mhóir as a gcuid imeartha? An gá dóibh trí/ceithre oíche sa tseachtain a chaitheamh i mbun traenála formhór na bliana – fiú sé mhí ina gcás siúd atá buailte sa gCraobhchomórtas faoin am a dtagann mí an Mheithimh?

An dtagann sé leis an bhfealsúnacht a deir gurb é an club croílár an Chumainn mura bhfeiceann na clubanna céanna sin a gcuid imreoirí idirchontae ach amháin nuair a bhíonn cluichí craoibhe ar bun? Cén ceart atá ag lucht bainistíochta contae bac a chur ar dhaoine imirt do na clubanna a thug oiliúint dóibh ó bhí siad beag?

Airgead a chriog na clubanna rugbaí. Níl aon bhaol ar a gcomhghleacaithe i gCLG ar an mbonn sin, ach mura bhfuil mise ag dul amú, tá sruth i bhfad níos láidre faoi na huiscí ar a bhfuil mórchomórtais na heagraíochta ag snámh, ná atá fúthu siúd atá níos ísle ar an dréimire.

Fág freagra ar 'Laghdú a dhéanamh ar an ualach atá ar an imreoir idirchontae? Draenáil na Sionainne!'