Laghdú 20% ar astaíochtaí carbóin agus cosc ar charranna díosail agus peitril faoi 2030 – plean gnímh an Rialtais foilsithe

Tá nach mór 200 beartas luaite sa Phlean Gníomhaíochta i leith an Athraithe Aeráide a d’fhoilsigh an Rialtas tráthnóna

Laghdú 20% ar astaíochtaí carbóin agus cosc ar charranna díosail agus peitril faoi 2030 – plean gnímh an Rialtais foilsithe

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Tá plean gníomhaíochta foilsithe ag an Rialtas chun laghdú 20% a dhéanamh ar astaíochtaí carbóin faoi 2030 agus tír atá neodrach ó thaobh carbóin a dhéanamh d’Éirinn faoi 2050.

Leagtar amach sa phlean na harduithe a thiocfaidh ar chánacha carbóin idir seo agus 2030 agus na beartais a thabharfar isteach chun go mbeidh nach mór milliún carr leictreach ar an mbóthar faoi 2030.

Tiocfaidh ardú €80 in aghaidh an tonna ar cháin charbóin faoi 2030.

De réir an phlean beidh cosc ar dhíol carranna nua díosail agus peitril ó 2030 amach agus stopfar ag tabhairt teastas do charranna díosail agus peitril ó 2045 amach. De réir an phlean moltar go gcuirfí cosc ar charranna nua díosail agus peitril as lár bailte roimh 2030 agus gur bus leictreach a bheadh i ngach bus poiblí.

Beidh cosc ar choirí ola a chur isteach i dtithe nua ó 2022 ar aghaidh agus cosc ar choirí gáis a chur isteach ó 2025.

Tá sé i gceist sa phlean go ndéanfaí 500,000 áit chónaithe a athfheistiú chun iad a dhéanamh níos tíosaí ó thaobh fuinnimh de. Faoin bplean d’íocfadh daoine as seo trí cáin mhaoine nó bille leictreachais níos airde a íoc.

Déanfar scrúdú roimh dheireadh na bliana ar conas tír neodrach ó thaobh carbóin a dhéanamh d’Éirinn faoi 2050 agus deirtear go bhféadfaí an sprioc sin a chur sa dlí.

Laghdú 80% an sprioc atá ag Éirinn faoi láthair, níos ísle ná mar atá riachtanach chun an t-ardú ar an meánteocht domhanda a choinneáil faoi 2 céim mar atá leagtha amach i gComhaontú Pháras.

Maidir le leictreachas is í an sprioc atá sa phlean gur ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh a thiocfaidh 70% den leictreachas a ghinfear in Éirinn faoi 2030, i gcomparáid le 30% mar atá faoi láthair.

Tabharfar reachtaíocht isteach le maolú a dhéanamh ar úsáid plaisteach aonúsáide faoi 2021 agus scrúdófar i mbliana plean maidir le tobhach a ghearradh ar úsáid a leithéide.

Leagtar amach sa phlean freisin beartais chun astaíochtaí gáis cheaptha teasa a laghdú i gcúrsaí feirmeoireachta agus modhanna agus cineálacha  feirmeoireachta nua a thabhairt isteach ar fheirmeacha teaghlaigh.

Dúirt an Taoiseach Leo Varadkar go spreagfaidh an plean daoine agus gnóthaí  chun a n-iompar i leith na timpeallachta a athrú.

“Is í an fhreagracht mhór atá orainn ár bpláinéad a fhágáil ag an gcéad ghlúin eile agus bail níos fearr uair ná mar a bhí nuair a fuaireamar é. Leis an bplean seo, tá athruithe á ndéanamh anois againn chun é sin a dhéanamh, sula mbeidh sé ródhéanach,” arsa an Taoiseach ag seoladh Plean Gníomhaíochta an Rialtais i leith an Athraithe Aeráide.

Fág freagra ar 'Laghdú 20% ar astaíochtaí carbóin agus cosc ar charranna díosail agus peitril faoi 2030 – plean gnímh an Rialtais foilsithe'