Lá tirim gréine eile geallta, an teocht chomh hard le 26 céim Celsius

Beidh sé tirim grianmhar inniu agus an teocht is airde idir 22 agus 26 céim Celsius sa chuid is mó den tír

Lá tirim gréine eile geallta, an teocht chomh hard le 26 céim Celsius

Beidh sé te nó an-te arís inniu agus é tirim i mórán áiteanna. Beidh tréimhsí ann leis go mbeidh sé scamallach agus seans maith go mbeidh ceathanna san iardheisceart agus san iarthar agus go mbeidh corrchith trom toirní i gceist.

Beidh an teocht is airde idir 22 agus 26 céim Celsius agus gaoth éadrom anoir ann.

Beidh sé meirbh marbhánta arís anocht, an teocht idir 14 agus 17 céim Celsius agus gaoth éadrom anoir aneas ann. Beidh sé tirim agus spéir ghlan ann i bhformhór na tíre, ach d’fhéadfadh corrchith a bheith ann amach san oíche.

Lá breá eile a bheidh ann Dé Céadaoin cé nach mbeidh oiread céanna gréine againn. Beidh tréimhsí ann go mbeidh sé scamallach agus d’fhéadfadh corr-ráig ceathanna a bheith ann, cuid acu a d’fhéadfadh a bheith trom.

Beidh an teaspach fós linn, an teocht idir 22 agus 26 céim Celsius agus an leoithne éadrom anoir aneas.

Oíche mheirbh eile a bheidh ann Dé Céadaoin, aershreabh aneas linn i gcónaí agus an teocht idir 15 to 18 céim Celsius. D’fhéadfadh corrchith trom toirní a bheith ann, go háirithe san oirthear agus san oirdheisceart.

Lá breá brothallach a bheidh ann arís Déardaoin ach d’fhéadfadh ceathanna a bheith i dteannta an teaspaigh againn, d’fhéadfadh na ceathanna sin a bheith trom toirniúil.

Beidh an teocht is airde idir 22 agus 27 agus san oirthear agus san oirthuaisceart le leoithne aniar aneas. San oíche Déardaoin beidh paistí báistí ann agus é ceobhránach in áiteanna. Idir 13 agus 18 céim Celsius a bheidh an teocht is ísle.

Beidh sé scamallach uaireanta Dé hAoine ach beidh tréimhsí maithe gréine ann leis. Beidh fíor-chorrchith ann níos déanaí sa lá agus sa deisceart den chuid is mó.

Idir 19 agus 24 céim Celsius a bheidh an teocht is airde le leoithne éadrom aniar agus fuarú beag cois cósta san iarthar agus san iarthuaisceart.

Seasfaidh an brothall ag an deireadh seachtaine, cé go bhféadfadh corr-ráig ceathanna a bheith ann.

Fág freagra ar 'Lá tirim gréine eile geallta, an teocht chomh hard le 26 céim Celsius'