Lá stairiúil eile do Chumann na mBan

Tá sé deacair a chreidiúint anois go mba é a mbua ar Ghaillimh i 2005 an chéad uair riamh ag mná Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann

Foireann peile Chorcaí. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan
Foireann peile Chorcaí. Pictiúr: INPHO/Cathal Noonan

Tá 41 cluiche ceannais imeartha faoi seo i gCraobh Sinsear Peile na mBan ón am ar bhuaigh Tiobraid Árann ar Uíbh Fhailí sa gcéad cheann acu a himríodh ar an Darú i gCo. Laoise. As sin, thaistil na babhtaí ceannais go Baile Átha Í, an Baile Beag i dTiobraid Árann, Páirc de hÍde, Cúl an tSúdaire, Éadan Doire, Páirc an Dhuagánaigh, Aonach Urmhumhan, Cill Síolánn, Tigh Mochua agus Páirc Uí Chaoimh, gur himríodh ar Pháirc an Chrócaigh den chéad uair é i 1986.

D’fhill sé cois Laoi an bhliain dar gcionn, ach ó shin, is i gceannáras Chumann Lúthchleas Gael a bhíonn na cluichí ceannais lonnaithe agus áit bhuan thábhachtach anois acu ar fhéilire na gCluichí Gaelacha.

Maítear in iarthar an Chláir gur reáchtáladh sraithchomórtas peile do mhná agus do chailíní óga ansiúd chomh fada siar leis an mbliain 1926. Níor mhair sé ach bliain nó dhó, ach tráthúil go leor, bhí Cuar an Chláir ar cheann de na clubanna ba thúisce a cláraíodh nuair a tháinig borradh faoin gcluiche arís leathchéad bliain dar gcionn, cé nach raibh aon duine as an gcontae ag an gcruinniú in Ostán Hayes’ i nDurlas ag ar bunaíodh Cumann Peile Gael na mBan i 1974.

Ba é an trua freisin nár caitheadh cúpla nóimead ag plé cursaí gramadaí ag an gcruinniú sin, ach sin scéal eile!

Teachtaí as Gaillimh, as Tiobraid Árann, as Uíbh Fhailí agus as Ciarraí a bhí timpeall an bhoird ansiúd agus chomh maith leis na contaetha sin, bhí foirne as Co. Laoise, Ros Comáin, Corcaigh agus Port Láirge istigh ar an gcéad chraobh a reáchtáladh, ceann a bhuaigh Tiobraid Árann mar a rinne siad arís an bhliain dar gcionn.

Ba iad Ciarraí, an Cabhán, Ros Comáin agus Uíbh Fhailí a bhuaigh na cinn a lean, ach ba ghearr gur ghlac Mary Jo Curran agus a comrádaithe as an Ríocht  úinéireacht ar Chraobh Peile na mBan agus bhuaigh Ciarraí 9 gcraobh as a chéile idir 1982 agus 1990. D’fhág sin 10 mbonn (agus 10 All Star) ag Mary Jo agus níl sé i bhfad ó shin ó dúirt fear a bhi cáilithe go maith le breithiúnas a thabhairt, Maurice Fitzgerald, go mba mhinic a thug sé suntas do stíl agus do chumas imeartha bhean Lios a’ Phúca.

Port Láirge, Muineachán agus Laois a bhí chun cinn sna 1990idí agus péire de na foirne sin sna cluichí ceannais chluiche bhliain nach mór agus chuir ainmneacha Caitríona Casey, Jenny Greenan agus Sue Ramsbottom os comhair an phobail. Bhuaigh na Déise cúig cinn de na craobhacha agus faoin am a dtáinig an Mhílaois, bhí 7 gcluiche ceannais caillte ag Ramsbottom agus ag Laois, rud a d’fhág gur fada a mhairfidh an lá deireanach de Mheán Fomhair 2001 ina gcuimhne nuair a bhuaigh siad ar Mhaigh Eo 2-14, 1-16 agus 21,000 i láthair i bPáirc an Chrócaigh.

Shéan an cliseadh cúilín sin in aghaidh Laoise cúig chraobh as a chéile ar Mhaigh Eo agus b’iadsan gan aimhreas laochra peile na mban nuair a thrasnaigh an 21ú Aois an tairseach. Thug an choiscéim sin a céad All Star do Cora Staunton, an peileadóir ban is fearr a chonaic mé féin riamh.

Le himeacht ama, tá an lucht féachana gaibhte go mór i méid. Cúpla míle a a bhí ag an gcluiche ceannais i 1990, beagnach 30,000 i láthair anuaraidh, iad le feiceáil beo, ar ndóigh, ar TG4 ó 1997.

Corcaigh agus Áth Cliath a imreoidh a chéile arís i gcluiche ceannais na bliana seo agus murach truisle a bhain Tír Eoghain astu i mbabhta ceathrú ceannais i 2010, bheadh foireann Éamonn Uí Riain ar thóir an 11ú craobh as a chéile.

Fágann sin go bhfuil forlámhas níos mó ag Corcaigh ar Chraobh Peile na mBan san achar sin ná atá ag Cill Chainnigh ar an gCraobh Iomána agus fágann freisin gur deacair a chreidiúint go mba é a mbua ar Ghaillimh i 2005 an chéad uair riamh ag mná Chorcaí i gCluiche Ceannais na hÉireann.

Beidh Rena Buckley agus Briege Corkery ag súil cur leis na boinn chamógaíochta a bhuaigh siad le Corcaigh cúpla seachtain ó shin. Ní haon nuacht ag peileadóirí ban a bheith ildána. Bhí Niamh Fahey ar fhoireann sin na Gaillimhe i 2005, is iomaí cluiche imeartha aici le foireann sacair na hÉireann agus le Chelsea agus Arsenal ó shin.

D’imir Sue Ramsbottom rugbaí d’Éirinn agus cúpla lá tar éis di a bheith ina captaen ar fhoireann Ard Mhacha a bhuaigh Cluiche Ceananis Uladh anuraidh,  bhí Peileadóir Ban na Bliana 2014, Caroline O’Hanlon ag imirt ar fhoireann líonpheile an Tuaiscirt ag Cluichí an Chomhfhlathais i nGlaschú.