Lá stairiúil do Shinn Féin, cruacheisteanna le freagairt ag an DUP

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh stairiúil is atá sé poblachtánach a bheith i dteideal a bheith ina céad aire

Lá stairiúil do Shinn Féin, cruacheisteanna le freagairt ag an DUP

Dhá pháirtí atá ag ceiliúradh, Sinn Féin agus páirtí an Alliance.

Bhí Sinn Féin caithréimeach agus cúis mhaith acu, iad ar tí sprioc chinniúnach a bhaint amach, an chéad-aireacht in Stormont.

Ba dheacair áibhéil a dhéanamh faoi chomh stairiúil is atá sé poblachtánach a bheith i dteideal a bheith ina céad aire in Stormont, an daingean aontachtach.

Bua don chomhionannas a thug uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald, air ach bhí níos mó na sin i gceist. Ba é cealú an tseanreachta é, buille síceolaíochta agus siombalach don aontachtas.

Bhí Alliance, Páirtí na Comhghuaillíochta ag ceiliúradh freisin, líon a gcuid suíochán san Tionól dúbailte acu, ba chosúil, agus iad ar an dtríú páirtí is mó in Stormont. Beidh siad i dteideal níos mó airí ná mar a bhí riamh cheana – sin, ar ndóigh má bhíonn Feidhmeannas ann..

Cuireadh formhór na gcomhaireamh ar athlá roimh mheán oíche. Faoin am sin bhí 46 suíochán as 90 líonta i dtoghchán an Tionóil. Bhí 18 suíochán ag Sinn Fein, 12 ag an DUP, seacht gcinn ag Alliance, ceithre cinn ag an UUP, trí cinn ag an SDLP, ceann ag an TUV agus ceann ag aontachtach neamhspleách.

Bhí 29% de na vótaí céad rogha ag Sinn Féin, 1.1 pointe céatadáin níos mó ná mar a bhí acu in 2017. 21.3% a bhí ag an DUP, 6.7% pointe céatadáin níos lú ná mar a bhí acu cúig bliana ó shin.

Ní hamháin gur chosúil nach gcaillfidh Sinn Féin aon cheann den 27 suíocháin a bhí acu cheana ach bhí siad fós san iomaíocht do cheann nó dhó sa bhreis. Bhí an toradh sin níos fearr ná mar a bhí tuartha ag éinne. Ceapadh gur shroich Sinn Féin a mbuaicphointe in 2017 nuair a spreag caint mhaslach Arlene Foster faoin nGaeilge agus ‘crogaill’ a bheith ag iarraidh an iomarca vótóirí chun tacú leis an bpáirtí poblachtach.

An t-am seo is léir gur thacaigh vótóirí sa bhreis leo mar gur theastaigh uathu go mbeadh náisiúnach, nó poblachtánach, i dteideal na céad-aireachta. Theastaigh ó vótóirí freisin teachtaireacht a sheoladh chuig Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, nach mbeadh sé de cheart aige an chéad-aireacht a cheilt ar Michelle O’Neill dá mbronnfadh an pobal an ceart sin uirthi go daonlathach.

Ina theannta sin, rinne Sinn Féin bainistiú an-chumasach ar a gcuid vótaí sna toghcheantair ina raibh trí shuíochán as cúig cinn acu agus i mBéal Feirste Thiar, áit ar choinnigh siad ceithre shuíochán as cúig cinn.

Bhí drochlá ag an SDLP, ag an UUP agus ag an gComhaontas Glas. Beidh trí bhloc feasta ann – Sinn Féin, an DUP agus an Páirtí Alliance.

Cothaíonn rath Shinn Féin agus laige an DUP ceisteanna faoin a bhfuil i ndán don bhFeidhmeannas. Deir Sinn Féin go mbeidh siad in Stormont maidin Dé Luain agus faoi réir chun dul ag obair. Deir an DUP go mbeidh siadsan ansin freisin, ach ní léir cén cur chuige a bheidh acu.

Bhí siad diongbháilte roimh an toghchán nach mbeidís páirteach i bhFeidhmeannas go dtí go gcealófaí an prótacal iar-Bhreatimeachta, ach dúirt roinnt ionadaithe go n-ainmneofaí leaschéad-aire go luath. Ní foláir nó gur thuig siad nach raibh buntáiste le breith acu as Stormont a scrios, go háirithe faoi cheist arb é gnó rialtas na Breataine í a réiteach leis an Aontas Eorpach.

Nuair a chuirfear bailchríoch ar an gcomhaireamh inniu beidh liosta de chruacheisteanna le fuascailt. Is léir go gcaithfidh an DUP freagraí a sholáthar faoin a leagan amach maidir le roinnt na cumhachta nuair nach bhfuil siad féin ar thús cadhnaíochta.

Beidh soiléire riachtanach ó Shinn Féin freisin.

Gan dabht, tá údar ceiliúrtha acu ach é sin ráite, teastaíonn plean chun leas a bhaint as a stádas nua ar mhaithe leis an bpobal. Beidh gá le plean le dul i ngleic leis an méadú ar an gcostas maireachtála agus le dúshláin eile amhail na heasnaimh ar an gcóras sláinte agus ar an gcóras oideachais.

Fág freagra ar 'Lá stairiúil do Shinn Féin, cruacheisteanna le freagairt ag an DUP'

  • An Teanga Bheo

    Muid fhéin linn fhéin agus bíodh búille faoi thuairim ag an mBreatain anois.

  • Pádraig O'hEipicín

    Go bhfóire Dia ar na Leanaí gan Breith.