‘Lá stairiúil’ – bille teanga nua rite i dTithe an Oireachtais

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go dtabharfadh an bille nua deis don Stát ‘fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh na teanga’

‘Lá stairiúil’ – bille teanga nua rite i dTithe an Oireachtais

Ritheadh i dTithe an Oireachtais anocht an Bille Teanga ar cuireadh tús lena phlé le linn géarchéim eacnamaíochta agus ar cuireadh clabhsúr air le linn paindéime domhanda.

Déanfaidh an bille teanga leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla agus má chuirtear i bhfeidhm é, meastar go neartóidh sé cearta teanga in Éirinn.

Tar éis nach mór 40 uair an chloig de phlé sa Dáil agus sa Seanad níor theastaigh ach leathuair an chloig i nDáil Éirinn chun glacadh leis na leasuithe deireanacha a rinneadh sa Seanad ar an reachtaíocht nua.

Leagfaidh an bille síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, príomhsprioc an bhille nua.

Chomh maith leis sin, beidh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil amach anseo.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers gur lá stairiúil a bhí ann don teanga.

“Leis an mBille nua seo, tá bonn láidir leagtha síos dúinn, mar Stát, chun fíorcheannaireacht a léiriú i dtaobh an teanga a chaomhnú do na glúnta atá le teacht. Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid i measc na nglúnta atá le teacht inár ndiaidh,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta.

Dúirt an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, TD, cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais agus urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, gur “bille níos láidre” a bhí ann de thoradh na díospóireachta i dTithe an Oireachtais. Feidhm a thabhairt do na leasuithe an rud ba thábhachtaí anois, a dúirt Ó Snodaigh.

“Is gá anois na forálacha a chomhlíonadh agus na caighdeáin a leagan síos chomh fada agus is féidir. An Coiste Comhairleach atá in ainm é sin a dhéanamh ach caithfidh sé tarlú an-tapa ionas nach mbeidh aon mhoill ann ó thaobh na gcomhlachtaí poiblí agus na seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge.

“Chomh maith leis sin, caithfear dul i gcion ar na ranna stáit agus na comhlachtaí agus a chur in iúl gur gá dóibh díriú isteach ar conas an sprioc earcaíochta 20% seo a chomhlíonadh laistigh de níos lú ná deich mbliana,” arsa Aengus Ó Snodaigh.

An chéad chéim eile ná go gcuirfidh Roinn an Taoisigh dréacht den bhille ar aghaidh go dtí Áras an Uachtaráin, áit go gcuirfidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, a lámh leis idir 5-7 lá i ndiaidh dó é a fháil.

Fágann sin gur dócha gur i mbliana a achtófar faoi dheireadh an reachtaíocht ar cuireadh tús lena plé breis is deich mbliana ó shin, nuair a d’fhógair an t-iar-aire stáit, Dinny McGinley, ag Oireachtas na Samhna 2011 go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003.

Má chuirtear i bhfeidhm an reachtaíocht nua i ndiaidh a hachtaithe, meastar go bhféadfadh sé cur go mór le caighdeán agus líon na seirbhísí stáit a sholáthraítear do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Cé go raibh an freasúra míshásta le gnéithe áirithe den bhille agus faoin easpa uaillmhéine agus spriocanna cinnte a mhaígh siad a bhain le cuid de, aontaíodh sa Seanad agus sa Dáil gur bille “níos láidre” a bhí ann i ndiaidh a aistir trí Thithe an Oireachtais.

Cuirfidh an reachtaíocht nua deireadh chomh maith le córas na scéimeanna teanga, an córas faoina n-aontaíonn comhlachtaí poiblí ina gceann agus ina gceann scéim teanga le Roinn na Gaeltachta. In áit chóras na scéimeanna teanga tabharfar isteach scéim na gcaighdeán faoina leagfar dualgais chaighdeánacha ar ghrúpaí comhlachtaí poiblí ag brath ar an teagmháil a bhíonn acu leis an bpobal.

Faoin Acht leasaithe, bunófar Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge. Réiteoidh an coiste nua Plean Náisiúnta Earcaíochta chun príomhsprioc an bhille a bhaint amach – gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.

De réir foráil eile, beidh ar chomhlachtaí poiblí a bheith in ann déileáil leis an síneadh fada in ainmneacha daoine, cé go bhfuil éiginnteacht ann faoi cén uair a tharlódh sin.

Beidh dualgas ar chomhlachtaí poiblí freagra i nGaeilge a thabhairt chomh maith ar aon chumarsáid a dhéanfar leo i nGaeilge ar na meáin shóisialta.

I measc na leasuithe eile a ritheadh, leagfar síos go mbeidh ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus go mbeidh ar gach comhlacht poiblí 5% dá gcuid fógraíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Beidh dualgas reachtúil chomh maith ar chomhlachtaí poiblí aon ábhar margaíochta a scaipeann siad ar an bpobal a bheith i nGaeilge nó i mBéarla agus i nGaeilge.

Breis is 50 leasú a rinneadh ar an mBille sa Dáil agus sa Seanad. An rialtas a mhol na leasuithe go léir ar glacadh leo, ceann acu a moladh in éineacht leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly.

Breis is 300 leasú a mhol Teachtaí Dála agus Seanadóirí an fhreasúra ach rialaíodh as ord go leor acu agus níor glacadh le haon cheann acu. Tharraing an freasúra siar roinnt de na leasuithe a bhí acu nuair a gheall an Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go gcuirfeadh an Rialtas leagan eile den mhéid a bhí á mholadh chun cinn.

I measc mholtaí an fhreasúra nár glacadh leo, bhí leasuithe a d’fhágfadh go bhféadfaí fíneálacha agus pionóis eile a ghearradh ar chomhlachtaí poiblí a sháródh an dlí teanga. Diúltaíodh chomh maith do leasú a dhéanfadh sainmhíniú ar céard atá i gceist le líofacht sa Ghaeilge.

Diúltaíodh chomh maith le linn na díospóireachta faoin mbille i dTithe an Oireachtais, do leasú traspháirtí a chuirfeadh spriocdháta cinnte leis an gcuspóir i leith seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht.

Fág freagra ar '‘Lá stairiúil’ – bille teanga nua rite i dTithe an Oireachtais'