LÁ NA MÁITHREACHA: ‘Bhí mé óg, ach tá mé níos óige – álainn, tá mé anois níos áille fós’

Agus Lá na Máithreacha á cheiliúradh inniu, seo ‘An Mháthair’ sárdhán leis an sárfhile Caitlín Maude faoi chumhacht na máthar

LÁ NA MÁITHREACHA: ‘Bhí mé óg, ach tá mé níos óige – álainn, tá mé anois níos áille fós’

An Mháthair

Caitlín Maude

Ní fíor go bhfeiceann tú os do chomhair
seanbhean liath sheargaithe,
gan luas géag
ná mire meanman,
titithe i bhfeoil.
Bhí mé óg, ach tá mé níos óige –
álainn, tá mé anois níos áille fós.
Nach bhfeiceann tú an triúr?
Gile na finne, na duibhe, na doinne –
mo thriúr mac, mo thriúr Oscar.
Féach an mhaorgacht i mo shúil,
an uaisleacht i mo ghnúis,
an óige,
an áille,
an luas,
an neart,
chuile bhua faoi thrí.
Is triúr fear mé,
lúth, láidir, cumasach,
agus fós,
is triúr maighdean mé
i ngrá le triúr ógfhear –
maighdeanacha meidhreacha, meangacha,
snadhmaithe i scáilí deoracha úra
aisteacha na coille –
an eala, an fiach dubh, an smólach
ag coraíocht i mo cheann.
Nach bhfeiceann tú na hógfhir
agus na maighdeanacha
agus iad ag caint, ag gáirí
agus ag gabháil fhoinn,
i ngreim láimhe ina chéile
ag dul síos an bóithrín
fada fada síoraí
agus an t-ór ag spréacharnaíl
ar gach taobh díobh?

Fág freagra ar 'LÁ NA MÁITHREACHA: ‘Bhí mé óg, ach tá mé níos óige – álainn, tá mé anois níos áille fós’'