Lá fuascailte na fuinseoige do Luimneach agus craobh na hÉireann buaite acu den chéad uair le 45 bliain

TUAIRISC Ó PHÁIRC AN CHRÓCAIGH: Fuair foireann óg John Kiely an ceann is fearr ar Ghaillimh i gceann de na cluichí ceannais is drámatúla i stair CLG

Lá fuascailte na fuinseoige do Luimneach agus craobh na hÉireann buaite acu den chéad uair le 45 bliain

Luimneach 3-16, Gaillimh 2-18

Tá iománaithe Luimnigh ina seaimpíní ar Éirinn den chéad uair le 45 bliain agus an ceann is fearr faighte acu ar Ghaillimh i gceann de na cluichí ceannais is drámatúla i stair CLG. Tar éis do Ghaillimh teacht aniar dochreidte a dhéanamh in am cúitimh, bhí an baol ann go gcaithfeadh Luimneach an cluiche uathu, mar a rinne siad i gcluiche ceannais 1994, ach tá mianach ar leith i bhfoireann óg John Kiely agus tháinig siad slán an uair seo.

Thug Joe Canning ceann de na taispeántais is fearr atá tugtha aige i ngeansaí na Gaillimhe ach nuair nár bhain a iarracht ó phoc saor 100 slat amach an sprioc amach bhí an lá le Luimneach.

Cé go raibh easpa taithí Luimnigh le feiceáil i dtreo dheireadh an chluiche bhí an bua nach mór tuillte acu as an obair a rinne siad sa chéad 55 nóiméad. Bhí an díograis agus an díocas céanna atá feicthe againn uathu ó thús na bliana ag baint le himirt Luimnigh agus bhain siad an sliotar d’imreoirí na Gaillimhe arís agus arís eile chun scór i ndiaidh scóir a fháil.

B’in mar a d’éirigh le Tom Morrissey cúl a scóráil sa 54ú nóiméad. Sciob sé an liathróid ó Ghearóid McInerney chun an deis a chruthú agus bhí cuma na maitheasa i gceart ar Luimneach ina dhiaidh agus iad naoi bpointe chun cinn, 2-15 in aghaidh 0-12.

Ba iad David Burke agus, go háirithe, Canning, an bheirt ba mhó a sheas an fód do Ghaillimh agus ba iad ba chúis le teacht aniar churaidh na bliana seo caite. D’aimsigh Gaillimh ceithre scór as a chéile chun an bhearna a laghdú ach buaileadh buille mór orthu arís sa 66ú nóiméad. Rinne Peter Casey blocáil ar Adrian Tuohey sa chúinne, thug sé an sliotar do Shane Dowling a fuair an tríú cúl do Luimneach.

Shane Dowling agus an tríú cúl do Luimneach á fháil aige  ©INPHO/Ryan Byrne

Ní raibh deireadh déanta ag Gaillimh fós, áfach. D’aimsigh Conor Whelan cúl den scoth agus an 70 nóiméad caite agus nuair a bháigh Canning poc saor 21m san eangach, bhí an móiminteam uile leo. Ní raibh ach pointe amháin eatarthu nuair a d’aimsigh Niall Burke scór eile ach fuair Graeme Mulcahy, a bhí ar fheabhas, scór iontach do Luimneach chun cúrsaí a shocrú síos dóibh. D’éirigh le Canning pointe amháin eile a fháil le poc 65m, ach ní dheachaigh Gaillimh níos gaire ná sin do churaidh nua na hÉireann.

Beidh díomá an-mhór ar Ghaillimh lena dtaispeántas. Pointe amháin a bhí idir na foirne nuair a séideadh an fheadóg dheireanach ach seachas sna deich nóiméad deireanach sin, níor sheas ach fíorbheagán acu an fód agus tháinig an-chuid de scóranna Luimnigh ó bhotúin na Gaillimhe.

Rinneadh an-chuid cainte roimh an gcluiche faoi nós na Gaillimhe tús láidir a chur le cluichí agus faoin teacht aniar i Luimneach. A mhalairt de scéal a bhí ann i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Bhí cuma níos neirbhísí ar fhir an iarthair ag tús an chluiche agus shocraigh Luimneach isteach sa chluiche i bhfad níos tapa. Chuir cosantóirí na Gaillimhe pas i ndiaidh pas ar strae sa chéad cúpla nóiméad agus bhí Luimneach trí phointe chun cinn agus gan ach cúig nóiméad imeartha a bhuíochas de cúilíní ó Aaron Gillane, Kyle Hayes agus Graeme Mulcahy.

D’fheabhsaigh Gaillimh ina dhiaidh sin agus fuair a gceannairí, Joe Canning agus David Burke, cúilín an duine. Ba chóir do Luimneach a bheith níos faide chun cinn, áfach, agus chuir siad go leor deiseanna amú, aon cheann déag sa chéad leath féin.

Agus ceathrú uaire imeartha, d’aimsigh Gaillimh trí phointe as a chéile, dhá phoc saor ó Joe Canning agus ceann ón imirt ó Joseph Cooney, a d’fhág go raibh foireann Mhícheál Donoghue pointe chun cinn, 0-6 in aghaidh 0-5. Cuireadh cor mhór sa scéal ina dhiaidh sin, áfach. Bhuaigh Luimneach seilbh na liathróide ar an gcliathán 30 slat amach ó chúl na Gaillimhe. Chuir Kyle Hayes pas isteach i dtreo Graeme Mulcahy agus cé gur sciorr an liathróid uaidh, theip ar James Skehill agus Adrian Tuohey í a smachtú agus chríochnaigh sí san eangach.

Thug sé sin spreagadh iontach d’imreoirí agus lucht leanúna Luimnigh agus bhí siad cúig phointe chun tosaigh go gairid ina dhiaidh sin sula agus trí scór as a chéile faighte ag Tom Morrissey agus Declan Hannon (2). I gás ceann de na scóranna sin d’éirigh le captaen Luimnigh an sliotar a sciobadh ó bhos Joe Canning i lár na páirce.

Ní raibh cuma ná caoi ar imirt na Gaillimhe sa chéad leath sin ach, lena gceart a thabhairt dóibh, chríochnaigh siad go láidir a bhuíochas cuid mhór de David Burke. D’aimsigh sé a dhara pointe tar éis 27 nóiméad agus chruthaigh sé scór do Joseph Cooney le poc sleasa tomhaiste.

Bhí dóthain deiseanna ag Luimneach a bheith i bhfad níos faide ná dhá phointe chun cinn ag leath ama agus d’éirigh le Aaron Gillane agus Seamus Flanagan dhá scór eile a fháil sular séideadh an fheadóg, rud a thug léiriú beagáinín níos fearr ar a bhforlámhas ón tús.

Bhí leaththosach Luimnigh Kyle Hayes ar fheabhas ag tús an dara leath agus fuair seisean trí cinn de chúilíní go luath i ndiaidh leath ama agus ní fada go raibh Luimneach ocht bpointe chun cinn.

Ní raibh aon chuma ar an scéal go n-éireodh le Gaillimh teacht ar ais sa chluiche ag an bpointe sin agus cé gur tháinig feabhas mór orthu, níor leor é ar lá fuascailte na fuinseoige do Luimneach.

Gaillimh: J Skehill; A Tuohey, Daithí Burke, J Hanbury, P Mannion (0-1), G McInerney, A Harte; J Coen, David Burke (0-3); J Cooney (0-2), J Canning 1-10, 1-7 ó phocanna saora/’65), C Mannion; C Whelan (1-0), J Glynn, C Cooney. Fir Ionaid: N Burke (0-1) in áit C Mannion (45 nóim), P Killeen in áit J Hanbury (56 nóim), J Flynn in áit C Cooney (58 nóim), S Loftus in áit J Coen (59 nóim), F Flannery in áit J Skehill (59 nóim).

Luimneach: N Quaid; S Finn, M Casey, R English; D Byrnes (0-1), D Hannon (0-2), D Morrissey; D O’Donovan (0-1), C Lynch (0-1); G Hegarty, K Hayes (0-4), T Morrissey (1-0); S Flanagan (0-1), A Gillane (0-3, 0-2 ó phocanna saora), G Mulcahy (1-2). Fir Ionaid: R McCarthy in áit M Casey (49 nóim), S Dowling (1-0) in áit G Hegarty (55 nóim), P Casey in áit S Flanagan (63 nóim), W O’Donoghue in áit D O’Donovan (66 nóim), T Condon in áit R English (71 nóim).

Réiteoir: James Owens (Loch Garman).

 

Fág freagra ar 'Lá fuascailte na fuinseoige do Luimneach agus craobh na hÉireann buaite acu den chéad uair le 45 bliain'