Lá fliuch i 1975 a leag Banríon na Caismíre súil ar Castello Marco Simone den chéad riamh

Ba timpeall na bliana 1000AD a leag athair Marco Simone cloch an choirnéil ar an gcaisleán atá taobh leis an gcúrsa ar a n-imreofar Corn Ryder

Lá fliuch i 1975 a leag Banríon na Caismíre súil ar Castello Marco Simone den chéad riamh

Mar a bhíonn an bundún leice a bheas agam na cúpla lá deireanach den tseachtain seo amach romhainn. Greamaithe de chloch i lochán ar an gcladach a bhíonn sé siúd. Ag airdeall ar a bhfuil ina thimpeall, ag fanacht go foighdeach go dtiocfaidh greim beatha éicint an bealach. Sáinneoidh sé ansin é ina chuid adharcán.

Níl mé ag rá go dtiocfaidh mo chuid chomh réidh chugamsa agus a thagann sé go dtí an bundún, ach ní bheadh a fhios agat. B’fhéidir go ndéanfadh duine éicint trua dom agus mé greamaithe don teilifís ag breathnú ar Chorn Ryder.

Mura ndéanfaidh féin ní bhfaighidh mé bás leis an ocras. Nár dhúirt duine éicint liom an lá faoi dheireadh go raibh ‘Deliveroo’ ar fáil i gConamara anois.

Gar don Róimh a bheas comórtas na bliana seo ar bun, an chéad uair aige a bheith á reáchtál san Iodáil. Ach an aimsir a bheith cóiriúil bíonn feiceáil ar Bhaisleac Pheadair ó Chúrsa Gailf Marco Simone, gan é ach 16km ó bhaile.

Ag breathnú ar ainm na háite déarfá go gcaithfeadh sé go raibh baint éicint ag an té a bhfuil an staid ainmnithe ina ómós leis an gcluiche. Sí fírinne an scéil nár rug Marco Simone ar mhaide gailf ariamh ina shaol. Ba dheacair dó. Nach raibh sé básaithe 500 bliain nach mór sular ceapadh an cluiche.

Sa 15ú céad ar dhumhchanna na hAlban a tosaíodh ar an ngalf, más fíor, ach gur chuir an Rí Séamus bac ar é a imirt nuair a thosaigh go leor den phobal ag cur suime ann – b’fhearr le Séamus dá gcloífeadh siad leis an mboghdóireacht agus leis an gclaimhteoireacht. Ba bheag maitheas a bhí i mbataí gailf le daoine a choinneáil faoi chos!

Ba timpeall na bliana 1000AD a leag athair Marco Simone cloch an choirnéil ar an gcaisleán atá taobh leis an gcúrsa ar a n-imreofar Corn Ryder, ach ba é an mac a chuir méadú agus cóir ar an áit. Ar chaisleán a bhí chomh breá le haon cheann ar an Mór-Roinn lena linn, deirtear.

Níl cur síos leis an stair a bhaineann le Castello Marco Simone. Tá sé ráite go bhfuil clocha ansiúd sna carcracha faoi thalamh atá 300,000 bliain d’aois.

Faoin am ar bhásaigh Marco di Simone bhí an Eaglais Chaitliceach thar a bheith láidir san Iodáil agus orthu siúd a raibh úinéireacht acu ar an áit ina dhiaidh bhí cairdinéil, diúcanna agus uaisle eile – ina measc an réalteolaí Galileo Gallillei (1600idí).

Ba le clann cháiliúil Borghese freisin é ar feadh tamaill. Dream iad siúd a bhí thar a bheith cumhachtach agus ar toghadh duine díobh ina Phápa i 1605 (Pól V).

Diaidh ar ndiaidh ligeadh an caisleán i léig. Tharla sin mar go dtáinig laghdú mór ar mhaoin agus ar chumhacht na hEaglaise Chaitlicí san Iodáil agus go raibh líon lucht an rachmais a bheadh in acmhainn a leithéid d’eastát agus de réadmhaoin a rith ag éirí gann freisin.

Faoin am a dtáinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda, bhí an áit tréigthe ina hiomláine – an díon ag ligean tríd, cearca ar a bhfara ar throscán a bhí na céadta bliain d’aois, francaigh ag codladh i leapacha na n-uasal, áirsí galánta clúdaithe ag fiailí agus colúin Rómhánacha caite ar fud na háite agus clúdaithe ag neantóga.

La Regina del Cashmere (Banríon na Caismíre) a thugtar san Iodáil ar an té a shábháil Castello Marco Simone ar an ollscartaire nó ar an aimsir – pébrí acu ba thúisce a leagfadh go talamh é.

Ba ar an tseandálaíocht a rinne Laura Biagiotti staidéar agus í ar ollscoil, ach chaith sí sin i leataobh agus chuaigh ag plé le dearadh faisin – ba ghúnadóir a máthair.

Sa mbliain 1972 a facthas toradh a saothair don chéad uair. In imeacht dornán blianta bhí an comhlacht a bhunaigh sí i gcúlchistin thigh a muintire ar cheann de na cinn ba mhó san Iodáil. Faoi dheireadh an chéid seo caite bhí díolachán $200 milliún in aghaidh na bliana ag an House of Biagiotti – éadaí ban agus fear, uaireadóirí, cumhráin agus oiriúintí eile a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain de bharr a n-ardchaighdeán.

Lá fliuch i 1975 a leag Banríon na Caismíre súil ar Castello Marco Simone don chéad uair ariamh. Dá mba lá breá gréine féin a bhí ann ba dheacair a thuiscint cén chaoi a dtitfeadh duine i ngrá le seanbhallaí dubha, salacha a bhí ag titim as a chéile. Ach sin a tharla. Cheannaigh sí an áit agus na 370 acra talún a bhí ag dul leis.

Ba bheag féin den chartadh a bhí déanta nuair a thángthas ar chúpla freascó a bhí i bhfolach ag coirteacha salachair na mblianta. Níorbh é an oiread sin acu a bhí ann, ach bheartaigh Biagiotti gurbh iad ábhair thógála na háite a d’úsáidfí sa gcóiriú agus go ndéanfaí sin ar an stíl a bhí ann nuair a tógadh é.

Níl a fhios agam cén costas a bhain leis an athchóiriú, ach nuair a osclaíodh an cúrsa gailf ar a n-imreofar Corn Ryder an tseachtain seo sa mbliain 1989, bhí $13 milliún caite air sin – dúbail é le theacht ar a luach sin inniu.

Rud a thagann lena fealsúnacht is ea an chaoi ar roghnaigh Laura Biagiotti ainm le tabhairt ar an gcúrsa nua. Ní mba as tobar an ghailf ná na galántachta a tharraing sí sin – bhronn sí an onóir ar an té a mba leis an áit míle go leith bliain ó shin – Marco Simone.

Faoi Nollaig na bliana 2015 fógraíodh gur ansiúd a bheadh Corn Ryder 2023. Faraor ní bheidh Biagiotti i láthair, bhásaigh sí i mí na Bealtaine 2017.

Sa gcaisleán. Go d’eile.

Fág freagra ar 'Lá fliuch i 1975 a leag Banríon na Caismíre súil ar Castello Marco Simone den chéad riamh'