Deir Kneecap in agallamh mór atá déanta acu leis an New York Times go bhfuil siad ag súil go mbeidh aird orthu i mbliana as a gcuid ceoil thar aon ní eile.
Eiseofar an t-albam is deireanaí leo, Fenian, ar an 24 Aibreán agus labhair an t-iriseoir Alex Marshall leis na rapálaithe ina gceantar dúchais, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste agus mórthimpeall air.
Bhí an banna i mbéal an phobail i Meiriceá anuraidh i ndiaidh na ceolchoirme a rinne siad ag an bhféile Coachella i gCalifornia. Chuir siad fógra ar stáitse i rith na ceolchoirme inar dúradh ‘Fxxx Israel. Free Palestine’.
Tarraingíodh siar na víosaí a bhí ag an mbanna le taisteal i Meiriceá ina dhiaidh sin agus bhí orthu dhá cheolchoirm mhóra i Nua-Eabhrac a chur ar ceal. Is i rith na tréimhse sin, sé seachtaine sa bhfómhar seo caite a raibh siad in ainm is a bheith ag taisteal, a rinne siad an obair ar an albam is deireanaí.
Tugann an t-agallamh súil isteach do lucht léitheoireachta i Meiriceá ar chúlra an bhanna, agus an saol as ar fáisceadh iad. Labhraíonn siad go hoscailte ar réimse ábhar san agallamh, idir an tionchar a bhí ag an gcás cúirte sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh orthu ar bhonn pearsanta, agus an saol agus iad ag fás aníos.
Labhraíonn Naoise Ó Cairealláin (Móglaí Bap) faoi na haidhmeanna a bhí acu leis an albam is deireanaí seo freisin.
“Since everything that’s happened, we couldn’t just be talking about partying all day,” a deir Móglaí Bap. “We wanted to show this other side of us.”
Ach ní chiallaíonn sé sin go bhfuil siad ag fágáil slán leis an tacaíocht atá léirithe acu do mhuintir na Palaistíne, mar a mhíníonn siad níos deireanaí san agallamh. Tá an muintearas atá acu le daoine atá faoi chois ina chuid lárnach dá bhféiniúlacht, mar atá cur síos air san agallamh. É sin agus beagáinín diabhlaíochta freisin.
“We’re Irish, we just love to wind each other up, wind everyone up,” a deir Mo Chara.
****
Éireannach eile a bhfuil cáil air as a chuid diabhlaíochta is ea an leipreachán. Cé go mb’fhéidir gur in Éirinn a rugadh an leipreachán, nó an lúchorpán mar a dhéantar cur síos air i gcuid de na seanscéalta, is i Meiriceá a tógadh é agus is ansin a rinneadh feoil den bhriathar.
Tá cleas nua tagtha chun cinn anois i Meiriceá is cosúil agus gaistí beaga á ndéanamh ag na naíonáin ar scoil agus á dtabhairt abhaile ag súil go mbéarfaidh siad ar leipreachán Lá Fhéile Pádraig. Is iondúil go mbíonn milseáin, boinn órga seacláide, fágtha sa ngaiste ar maidin, ach dheamhan amharc ar an leipreachán.
Seans nach bhfuil a fhios acu gur neach contúirteach é an leipreachán a d’fhéadfadh iad a sciobadh leis go tír na sí. An fiú dul sa seans ar mhaithe le mála skittles agus cúpla bonn óir seacláide?
Tá i bhfad níos mó tóir ar an leipreachán i Meiriceá ná mar a bhí riamh in Éirinn. I measc na leipreachán cáiliúil atá tagtha chugainn trasna na farraige, tá rí na leipreachán, Brian Connors a bhí i Darby O’Gill and the Little People. Mura bhfuil sé feicthe agat ní raibh tú beo sna 1980idí.
Tá cáineadh go leor déanta ar an scannán, ach an bhfuil muid beagáinín róghéar air? Tá Seán Connery ann, cuimhnigh, agus tá ceann de na habairtí is fearr a dúradh in aon scannán riamh agus an scéalaí ag déanamh cur síos ar rí na leipreachán, ‘for there he stood with an angry little gob on him’. Nach iomaí úsáid a bheadh ag duine d’abairt dá leithéid!
Leipreachán cáiliúil eile, ná L.C. Leprechaun, neach a chum an comhlacht General Mills sa mbliain 1964 don ghránach bricfeasta Lucky Charms. Tháinig an leipreachán beag seo ar an saol i bhfeachtas margaíochta thart ar Lá Fhéile Pádraig 1964 agus tá sé ag cosaint babhlaí bricfeasta ó shin.
Idir an tseamróg agus an leipreachán atá siombail na hÉireann i Meiriceá. Is é an scéal is mó a bhaineann leis an leipreachán ar ndóigh ná go bhfuil pota óir i bhfolach aige in áit éigin agus má éiríonn leat breith air go mbeidh tú in ann cuid den taisce a fháil uaidh.
Fág freagra ar 'Kneecap faighte dáiríre, trapanna Leipreacháin á gcur'