Junts Pel Sí (Le Chéile ar son Tá) – suas le 1.4 milliún ar son neamhspleáchas na Catalóine

Chaith ár gcolúnaí an tráthnóna inné, an Diada, Lá Náisiúnta na Catalóine, ag faire TV3, teilifís na Catalóine, agus móragóid ar son an neamhspleáchais

????????????????????????????????????

Mháirseáil suas le 1.4 milliún duine trí shráideanna Barcelona inné agus iad ag cur ar son neamhspleáchas na Catalóine ar an Spáinn. Is é an 11 Meán Fómhair an Diada, Lá Náisiúnta na Catalóine agus le ceithre bliana anuas tá grúpaí ar son na neamhspleáchais ag tapú na deise chun a gcás a dhéanamh go poiblí ar an lá is siombailí sa bhliain. I mbliana agus an feachtas i mbarr a réime a reáchtáladh an mórshiúl ba mhó fós, an Via Lliure (Bealach na Saoirse). Baineann tábhacht thar na bearta leis an ócáid inné toisc go reáchtálfar toghchán réigiúnach sa Chatalóin ar 27 Meán Fómhair agus gur cosúil gur reifreann neamhoifigiúil eile ar an neamhspleáchas a bheidh ann.

Trí cheann de mhórshráideanna na cathrach, Avengida Meridiana, a mháirseáil an lucht agóide, iad gléasta i mbratach na Catalóine an senyera agus in éadach ildaite chun éagsúlacht na gluaiseachta neamhspleáchais a léiriú. Is í an éagsúlacht cloch chúinne an fheachtais agus ba mhinic an focal diversitat ar bhéalaibh an lucht agóide sna craoltaí speisialta ar TV3, teilifís na Catalóine (stáisiún nach bhfuil ceangal dá laghad aige le craoltóir na hÉireann, ar eagla na míthuisceana). I gCatalóinis a labhair formhór na gcainteoirí ach léadh teachtaireachtaí tacaíochta i Spáinnis agus ceann speisialta i mBéarla a bhí dírithe ar lucht féachana idirnáisiúnta.

Bhí nach mór gach cuid de speictream polaitiúil na Catalóine i láthair faoi scáth Junts Pel Sí (Le Chéile ar son Tá). Comhghuaillíocht an-leathan is ea Junts Pel Sí a bhfuil páirtí uachtarán an Generalitat (rialtas), Artur Mas, agus páirtithe na heite clé páirteach inti. Má bhuann Junts Pel Sí móramh sa toghchán réigiúnach, tá geallta ag Mas go mbunóidh sé rialtas nua eatramhach a scríobhfaidh bunreacht Chatalónach agus a raghaidh i mbun idirbheartaíochta faoin neamhspleáchas le Maidrid.

Ní bhfuair na Catalónaigh ach an t-eiteachas go dtí seo, rud a chuir an lasair sa bharrach agus a ghríosaigh níos mó daoine fós amach chun páirt a ghlacadh sa Via Lliure. Murab ionann agus rialtas na Breataine i gcás na hAlban anuraidh, dhiúltaigh príomh-aire na Spáinne, Mariano Rajoy, cead  a thabhairt don Chatalóin reifreann neamhspleáchais dá cuid féin a reáchtáil. Go deimhin, dúirt Rajoy gur ghníomh mídhleathach ab ea an jornada de participació (lá na rannpháirtíochta) mí na Samhna seo caite nuair a vótáil milliún Catalónach ar son neamhspleáchais i reifreann nár reifreann é.

“Tá teachtaireacht agam do rialtas na Spáinne”, a dúirt Artur Mas ar TV3 aréir. “Impím oraibh aird a thabhairt ar a bhfuil feicthe agaibh: labhraíonn na híomhánna seo ar a son féin. Éirígí as an daille pholaitiúil seo, as an uabhar impiriúil, as an mbagairt amhail is gur ciontóirí óga sinn. Is gnáthdhaoine síochánta sinn. Tá tionchar againn ar an sráideanna ach déanfaimid cinneadh lá na vótála.” Tá na sceana amuigh ag Barcelona agus ag Maidrid dá chéile agus is é is dóichí ná go raghaidh cúrsaí in olcas fós as seo go dtí 27 Meán Fómhair.

Is beag aird a thug na meáin Éireannacha – na meáin Ghaeilge ina measc – ar cheist an neamhspleáchais sa Chatalóin go dtí seo. Ní hé go bhfuil Barcelona i bhfad uainn ná nach bhfuil eolas dá laghad againn ar an gCatalóin féin. Ba mhaith ann é TV3 ach is rí-ait liom go mbeadh a laghad sin plé á dhéanamh againne ar ghéarchéim pholaitiúil a d’fhéadfadh ceann de bhallstáit an Aontais Eorpaigh a scoilteadh.

Fág freagra ar 'Junts Pel Sí (Le Chéile ar son Tá) – suas le 1.4 milliún ar son neamhspleáchas na Catalóine'