John Cleese ag magadh faoin nGaeilge arís

Dealraíonn sé go bhfuil an fear grinn agus aisteoir John Cleese beag beann ar an gconspóid maidir le tvuít a chuir sé amach faoin nGaeilge

John Cleese ag magadh faoin nGaeilge arís

Is cosúil nach bhfuil aon rún ag John Cleese staonadh ó bheith ag magadh faoin nGaeilge agus tvuít eile faoin teanga curtha amach aige.

Bhain conspóid mhór ar líne an tseachtain seo le tvuít inar mhol an fear grinn agus aisteoir go gcuirfí córas foghraíochta an Bhéarla i bhfeidhm ar ainmneacha Gaeilge, ach dealraíonn sé go bhfuil an fear grinn agus aisteoir beag beann ar an gcáineadh a rinneadh air.

Tá tvuít fhonóideach eile faoin nGaeilge curtha amach anois aige mar fhreagra ar dhuine a thagair go magúil don chonspóid teanga.

Nuair a cuireadh ceist ar Cleese an mbeadh fotheidil i nGaeilge ag seó dá chuid, dúirt sé gurbh amhlaidh nach mbeadh dóthain spáis ar an scáileán dá leithéid.

Dealraíonn sé mar sin go bhfuil Cleese fós den tuairim gur teanga í an Ghaeilge atá sách fadálach.

Mhol Cleese níos túisce an tseachtain seo go n-úsáidfí ‘v’ an Bhéarla in áit ‘bh’ i litriú na Gaeilge, moladh a tharraing caitheamh anuas agus magadh.

blockquote class=”twitter-tweet” data-lang=”ga”>

They look like deliberate attempts to mislead innocent people https://t.co/m89bM8Pp8z

— John Cleese (@JohnCleese) 23 Meitheamh 2019

Níorbh iad tvuíteanna na seachtaine seo an chéad uair ag Cleese a bheith ag trácht ar ainmneacha Gaeilge. Agus é faoi agallamh ag an gcraoltóir Gaeltachta Síle Seoige i mBaile Átha Cliath mí Eanáir na bliana seo thagair sé dá hainm. “It’s impossible to pronounce. Why don’t you Irish spell your names properly?”.

Fág freagra ar 'John Cleese ag magadh faoin nGaeilge arís'

  • An Déaghnach

    Is fear grinn é, in ainm Dé. Céard is fiú é a bheith ag tabhairt amach faoi? Ag grágaíl le haghaidh caipiteal sóisialta atá na tráchtairí.

  • Martan O' Ciardha

    Siad an dá mhéir an ‘v’ atá tuillte ag John Cleese.

  • Seán Ó Buachalla

    Bhain an ceann sin faoi na fotheidil Ghaeilge gáire asam!

  • Aonghus

    Cuireadh duine eicínt ar a shúile do Cleese go mba é an fáth nár úsáideamar “v” an Bhéarla in ionad “bh” i scríobh na Gaeilge ná go raibh litríocht againne sula raibh aibítir acusan.