Nuair a bhíonn cás cúirte ar siúl éisteann an breitheamh nó an giúiré leis an bhfianaise ón dá thaobh agus nuair a bhíonn an t-eolas go léir tugtha déantar machnamh ar an scéal agus ansin tugtar breithiúnas.
Nuair a shuigh mise síos seachtain ó shin chun mo chuid machnaimh agus mo scagadh féin a dhéanamh faoi chluiche ceannais shraith na bliana seo bhí an cás ba láidre, cheapas, ag Tiobraid Árann.
Cé go raibh tuairim i gcúl mo chinn agam go bhféadfadh an Ghaillimh an tsraith seo a bhuachan ach ag an deireadh, nuair a bhí cinneadh le déanamh agam cheapas go mbeadh an lá agus an corn ag na Tiobraid Árannaigh.
Cheap formhór na saineolaithe ar an gclaí, lucht na meán agus na geallghlacadóirí an rud céanna. An raibh aon fhianaise láidir againn go mbeadh na Gaillimhigh go hiomlán in uachtar agus gur chluiche aontaobhach a bheadh ann? Ambaiste, ní raibh.
Ar cheap mórán de lucht leanta na Gaillimhe, agus a bhfoireann deich gcúilín chun deiridh sa chluiche ceathrú ceannais cúpla seachtain roimhe sin, gurbh é David Burke a thabharfadh óráid an bhua agus é ag glacadh le corn na sraithe? Ní dóigh gur cheap!
Ach sin iad iománaithe na Gaillimhe, bliain i ndiaidh bliana, ní fios cé acu olc, measartha, maith, lag nó láidir a bheidh siad aon lá. An cheist mhór, dar ndóigh, ná an féidir leo a leithéid de ghaisce a dhéanamh ceithre huaire eile i mbliana. Sin an sprioc.
Ach bíonn an sprioc chéanna ann gach bliain. Ag tús na bliana nuair a bhímid ag déanamh amach an ghearrliosta de na foirne a mbeadh seans réasúnta acu Corn Mhic Cárthaigh a thabhairt leo, is minic an Ghaillimh ar an liosta sin.
Bhí taispeántas an Domhnaigh seo caite ar an dul céanna leis an taispeántas a thug siad sa chéad leath de chluiche ceannais chraobh Laighean in 2011 nuair a d’fhágadar giorra anála ar Chill Chainnigh agus na Cait bhochta chun deiridh ag leath ama, 2-12 in aghaidh 0-4.
Mar is eol dúinn go léir ní scaoth breac, ach tá léirithe arís eile ag iománaithe na Gaillimhe gur deacair iad a chloí nuair a chuireann siad chuige i gceart.
Agus cá bhfágann drochthaispeántas an Domhnaigh Tiobraid Árann? Bhuel, is iad atá fós mar chéad rogha ag na gheallghlacadóirí agus is dócha gur fíor an nath sin faoin mbreac fúthusan chomh maith céanna. Bhí foirne buacacha iontacha acu thar na blianta ach theip orthu fanacht ag an mbarr tar éis dóibh buachan. Is deacair a chreidiúint nach bhfuil dhá chraobh na hÉireann i ndiaidh a chéile buaite acu ó 1965. Ag tús na bliana, bhí tuairim láidir i measc phobal na hiomána go sáróidís an gheis sin i mbliana. Gan dabht tá amhras ar dhaoine faoi sin i ndiaidh theip an Domhnaigh.
Ach cuimhnítear go bhfuil na himreoirí céanna acu i gcónaí agus nach raibh Séamus Callinan ag imirt ar an Domhnach. Cuirfidh seisean agus Patrick ‘Bonner’ Maher go mór leis an aonad tosaithe.
In 2010 fuaireadar léasadh ó Chorcaigh sa chéad chluiche craoibhe i bPáirc Uí Chaoimh. Níos déanaí an bhliain chéanna chuireadar stop le Chill Chainnigh a bhí ag déanamh ar churiarracht de chúig chraobh na hÉireann i ndiaidh a chéile. Ba iad fir Thiobraid Árann a thug leo Corn Mhic Cárthaigh an tráthnóna stairiúil sin.
Tá rabhadh faighte acu agus rabhadh tugtha ag an nGaillimh. Déanfaidh sé samhradh suimiúil iomána.
Hiy
Goinfidh se seo na Tiobradaigh go smior. Ta ‘s acu agus ag an saol Fodhla gur chodlaiodar amuigh an Domhnach seo caite. Thug na Gaillimhigh stanail agus burdail orthu o thus deireadh. Ceap magaidh, nach mor.Beidh ar na Tiobradaigh an riastradh ceanna a aimsiu ma theastaionn uathu craobh uileEireamn a bhuachtaint in athuair. Beidh gob i gcac acu mura ndeanfaidh.
liodán
Na Gaillimhigh sin ……síos suas ar nós eireaball na bó! Cac orthu, mhuise. Gheobhaidh siad faoin bpoll arís é teacht na craoibhe. Ní hiad na fir mhóra a ………sa bhfómhar, mise faoi dhuit.